Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 8

Sa chlár seo insíonn John an scéal faoin Óige, An Saol Mór agus an Bás. Is sraith speisialta í seo ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.

CEANN DUBHRANN 8 - TRANSCRIPT

Is é do bheatha agus tá fáilte romhat go Ceann Dubhrann, sraith cláracha bunaithe ar cheantar Rann na Feirste agus bunaithe go príomha ar John Ghráinne, duine a bhfuil clú agus cáil air ar fud na tíre seo agus tá John ina shuí ag mo thaobh anseo inniu agus fáilte romhat ar ais chun an chláir a John.

Go raibh maith agat, a Antaine.

Bhuel, d’inis tú scéal ar an chlár deireanach ansin agus tá tú ag dul a inse scéal dúinn arís inniu?

Bhuel, nach bhfuil sé chomh maith agam bheith ag scéalaíocht ná a bheith i mo shuí ag amharc ar mo chuid méar.

Is fearr bheith ag scéalaíocht istigh anseo ná a bheith sa phub.

Bhuel, tá difear mór ann. Níl sé chomh costasach ... ach, á, scéal.
Tá scéal beag deas ansin, an Óige, an Saol Mór agus an Bás agus leoga is minic a bhí mé ag smaointiú gur scéal dáiríre atá ann ar chóir d’achan duine smaointiú agus smaointiú go beacht ar an scéal; ar scáth ar bith, inseoidh mise an scéal agus tugaigí sibhse bhur mbarúil féin dó, agus tosaíonn sé le, mar a thosaíos cuid mhór scéalta, ar ndóighe, lá de na laetha agus uair de na huaireannaí, a raibh Fionn Mac Cumhaill agus a chuid fear amuigh ag seilg fríd shléibhte Thír Chonaill, lean siad eilit mhaol go domhain amach sa tsliabh, agus bíodh a fhios agat, i ndiaidh go raibh siad ina bhfeara gasta agus conairt mhaith acu, sháraigh orthu breith ar an eilit. Sheilg siad leo, bíodh a fhios agat, ó mhaidin go dtí go raibh an tráthnóna beag mall ann ach chuir an eilit folach cnoc orthu. Shuigh siad síos ar bhruach cnoic beag glas a dhéanamh a scíste mar bhí siad tuirseach i ndiaidh an rása agus díreach mar a bhuailfeá do dhá bhos ar a chéile, chruinnigh cnap ceo thart fá dtaobh daofa go dtí nár léir daofa cá raibh siad ina suí ná ina seasamh. Bhuel, a fheara arsa Fionn Mac Cumhaill, mura nglanfaidh an ceo seo in aicearracht tá muid ag dul a bheith caillte sa tsliabh, agus gan teach ná cró ná ar ár n-amharc ná ar ár n-éisteacht. Leis sin fhéin, tugaidh sé ruball a shúl síos gleann a bhí ina luí rompu agus tchí sé, idir é agus léas, marbhsholas beag thíos in íochtar an ghleanna. A fheara, ar seisean, an léir d’aon duine agaibh an solas a bhfuil mise ag amharc air? Agus dúirt siad uilig as barr a chéile, nach bhfaca agus ní fhaca solas ar bith. Tchím, ar seisean. Bhuel tchímse an solas, marbhsholas, ar seisean, agus rachaidh mise ar tús, agus leanaigi sibhse mé agus suifidh muid le déanamh ar an tsolas agus dídean na hoíche a fháil go maidin. D’imigh siad, ag tarraingt ar an tsolas, agus Fionn é féin ar tús, agus shiúil siad leo, seal go hioscaidí agus seal go hascaillí agus leoga, bhí siúl maslach acu. Agus chuaigh siad go dtí go raibh siad cóngarach don tsolas. Ach cad é a bhí ag an tsolas agus cad é a thug siad faoi deara ach teach mór breá fada fairsing i gcosúlacht? Chuaigh siad suas go dtí an teach, bhí an doras caite foscailte, agus chuir siad a gceann isteach. Bhí tine bhreá ag dó ar an teallach agus bhí seanduine crupthaí liath ina shuí de chois na tine. Bhí an seanduine seo i gcosúlacht iontach aosta. Bhí cloigeann gruaige air a bhí ag cumhdach a dhá shlinneán agus locaithe féasóige a bhí ag cumhdach na nglún agus an scéin a bhí ina shúile a bhí díreach mar an bás ann. Chuir Fionn ceist air an dtiocfadh leis sin agus lena chuid fear lóistin na hoíche a fháil go maidin agus ansin thóg sé a cheann - bhí a cheann cineál crom aige - thig libh, arsa seisean, lóistin na hoíche a fháil go maidin, má bhíonn múineadh oraibh, agus mura raibh múineadh oraibh, ar seisean, ní bhfaighidh sibh múineadh ar bith anseo. Bhuel anois, insan am a bhfuil mé ag caint air, ba é an dearcadh a bhí ag Fionn Mac Cumhaill, nach raibh dhá chloigeann déag fear ar bith in Éirinn a bheadh ábalta ar iad a cheansú, dá dtéadh sé sna stácaí sin dó, agus chuir as dó, go raibh seanduine a raibh cos amuigh agus cos istigh san uaigh aige ag rá leo mura mbeadh múineadh orthu go gcaithfeadh siad a dhul amach. Ach ar scor ar bith, shuigh siad ar na suíocháin, thart de chois na mballaí agus iad ag dúil le hoíche bhreá scéalaíochta agus seanchais agus comhrá ón tseanduine aosta seo. Ach a mhalairt a bhí amhlaidh! In áit caint agus comhrá a bheith ag an seanduine, ní raibh ann ach nuair a chuirfí ceist air, go dtabharfadh sé freagra air, agus ansin, bheadh sé ina thost go gcuirfí ceist ar ais air.
Bhí uaisc chaorach ceangailte thíos i gcúl an doras druidte agus thug sí a cloigeann as an nasc, scaoil sí, mar a déarfá, agus tháinig sí aníos, go dtí gur sheasaigh sí ar leacach na tineadh. Éiríodh fear agaibh arsa’n seanduine leis na Fianna, agus ceanglaítear an chaora arais san áit a raibh sí. D’éirigh Oisín ó is é ba deise don chaora, fuair greim adhairce ar uaisc na caorach, agus ní luaithe a fuair ná thug uaisc na caorach socadh dona chloigeann dó agus chuir ar shlat chúl a chinn i lár an tí é. Ansin d’éirigh Oscar. Fuair Oscar greim uirthi ach chuirfí Oscar an bealach céanna a chuirfí Oisín. Bhí Fionn Mac Cumhaill ina shuí agus a dhroim le binn na tineadh. Bhuel, a fheara, ar seisean, is iomaí náire a thug sibh domsa riamh, agus is iomaí áit a mb’éigean dom ceart fir a sheasamh daoibh, ach ní thug sibh náire riamh dom mar atá sibh a thabhairt anocht dom. D’éirigh sé de léim ina sheasamh ag brath an chaora a thabhairt idir chorp is chleiteacha go cúl an dorais ach más gasta a chuir sé síos an bheirt eile chuir sé síos Fionn lán ní ba ghaiste agus d’éirigh Fionn agus an bheirt eile agus iad iontach briste agus shuigh siad san áit a raibh siad. Ansin d’éirigh an seanduine agus chuir sé a bhata mar thaca agus chuaigh sé anonn, bheir sé ar uaisc na caorach agus thug sé an chaora gan mhór-éadaíl ar bith go dtí gur cheangail sé i gcúl an dorais í. Agus ar an philleadh aníos dó go dtí an clúdaigh, d’amharc sé ar na Fianna. Ba leor do scaifte seanbhan, arsa seisean, an cineál sin oibre a dhéanamh, agus shuigh sé síos ar a shuíochán ar an chlúdaigh ar ais. Shuigh siad ansin measartha tostach nuair a bhí na fianna briste. Bhí siad buartha fosta. ach tamall ina dhiaidh sin chuir Fionn ceist ar an tseanfhear;
An dtiocfadh linn ar dhóigh ar bith, ar seisean. Greim bia a fháil ná tá mé lag leis an ocras? Níor ith muid aon ghreim ó mhaidin.
Thig libh arsa an seanduine, ag breith ar a bhata, agus ag bualadh cnag ar chomhla an dorais thíos sa choirneál ag na thaobh. Agus d’iarr sé ar chailín a bhí sa seomra a theacht anuas agus suipéar a dhéanamh réidh do na Fianna. D’oscail an cailín doras an tseomra agus anuas léi agus nuair a d’oscail sí doras an tseomra bhainfeadh sé an t-amharc as an tsúil agat an rud a bhí le feiceáil. Bhí sí ar chailín chomh deas agus chomh doighiúil agus chomh gnaithiúil agus a chonaic na Fianna riamh ina saol. Baineadh an anáil daofa. Agus go díreach nuair a bhí sí ag dul thart le Oscar bheir Oscar greim láimhe uirthi, ní nach ionadh, agus cad é a rinne sí ach tharraing sí an lámh eile agus ar fhad bhun na cluaise bhain sí macháil amach as leiceann Oscar.
An uair a bhí mise agat, arsa sise, ba bheag a shíl tú dom, ach ní bheidh mé agat arís. Thosaigh sí ansin, agus rinne sí tráth bia a ghiollacht do na fianna agus d’iarr sí orthu suí isteach chuig an tábla. Shuigh siad isteach chuig an tábla agus chaith siad béile bia chomh blasta agus a chaith siad ariamh ina saol. Agus nuair a bhí sin déanta acu shuigh siad thart a chois na mballaí arís. Tamall ina dhiaidh sin chuir an seanduine ceist orthu an raibh siad tuirseach agus ar ndóigh dúirt Fionn go raibh agus iontach tuirseach, tuirseach’s ag inse dó rás a bhí acu lá ó mhaidin. Bhuel ar seisean, tá seomra thíos ansin, agus gabhaigí síos agus codlaigí néal ná déarfainn go bhfuil sé de dhíobhail oraibh. Ba é sin an guthú fuair an fhreagra air ag na Fianna, d’éirigh siad chuaigh siad síos chun an tseomra agus bhí sé leapacha cóirithe sa tseomra. Ar ndóighe, chuaigh beirt ar achan leaba, agus ní raibh siad insan leaba mar is ceart go dtí go raibh siad ina gcnap chodlata. Chodail siad an oíche go maith go maidin ach an dá luath géar agus tháinig ball bán ar an lá, bhí Fionn de léim ina shuí agus d’iarr sé ar a chuid fear éirí ná go mbeadh dúil sa bhaile leo. D’éirigh achan fhear agus chuaigh achan duine de léim ina cheirteach chomh tiubh géar agus a tháinig leis agus aníos leo ach i ndiaidh chomh luath agus a bhí siad ina suí, bhí an cailín óg ina suí rompu agus an bricfeasta réidh ar an tábla aici. Chuaigh siad isteach agus chaith siad bricfeasta maith agus ansin bhí siad réidh le himeacht. Ach sular imigh siad chonacthas d’Fhionn gur cheart buíochas agus buíochas mór a thabhairt don tseanduine. Thug sé sin, dúirt sé ar mo shon féin agus ar shon mo chuid fear, ar seisean, ba mhaith liom buíochas a thabhairt duit, ar shon an bhia agus ar shon na leapa agus ar shon achan ndóigh ar chaith tú go cineálta linn ó tháinig muid anseo aréir. Ach ar seisean, tá cúpla ceist agam, ná trí, ná ceathrar, atá ag déanamh meabhráin dúinne. Bhuel arsa an seanduine, thig leat na ceisteanna a chur agus déanfaidh mise iad a fhreagairt, mura bhfuil siad róchrua agus má tá, bíodh acu. Bhuel an chéad cheist arsa Fionn, tháinig muidinne anseo aréir ar seisean agus dúirt tú linn, go bhfaighidh muid lóistin na hoíche dá mbeadh múineadh orainn agus mura mbeadh go gcaithfidh muid a dhul amach. Ná dúirt tú nach bhfaighimis lóistin na hoíche mura mbeadh múineadh orainn. Anois ar seisean, chuir sin iontas mór orainn, ná, arsa seisean, tá muidinne a mothachtaí nach bhfuil fear ar bith in Éirinn ná dhá chloigeann déag fear ar bith in Éirinn a bheadh ábalta ar muid a cheansú agus tusa agus cos amuigh agus cos istigh san uaigh agat, bhí an bharúil agat duit féin nach mbeadh muidinne i bhfad ar bhun an urláir agat dá mba mhian leat muid a chur amach. Anois arsa seisean, chuir sin iontas orainn. Agus, ar seisean, an cailín óg a tháinig anuas as an tseomra. Ní cuimhneach liomsa ná le neach de mo chuid fear ar bhuile ár ndá súil go bhfaca muid an cailín óg sin ariamh roimhe agus dúirt sí nuair a bhí sí againn nár shíl muid mórán di ach nach mbeadh sí againn arís. Agus ansin arsa seisean, uaisc na caorach atá i gcúl an dorais. Scaoileadh uaisc na caorach sin agus tháinig sí aníos go cladach na tineadh agus ní raibh mise ná aon fhear de mo chuid fear ábalta ar í a thabhairt agus a cheangal agus thug tusa gan aon mhóréadaíl ar bith síos í agus cheangail tú thíos i gúl an dorais í. Sin ceisteanna ar seisean agus dá dtiocfadh leat iad a fhuascailt bheadh muid iontach buíoch duit sula n-imeoidh muid. Bhuel, níl tú as bealach ar chor ar bith le do chuid ceisteoireachta, arsa an seanduine. An cailín óg a tháinig anuas as an tseomra, ar seisean, sin an Óige agus leoga, ar seisean, nuair a bhí an óige agaibh níor shíl sibh mórán di. Is iomaí masla agus is iomaí aire a thug sibh don óige. Ní thug sibh a ceart don óige shíl sibh go mbeadh an óige agaibh a choíche ach bhí sibh amaideach. Ní sheasann an óige. Siúlann an óige léi agus ní philleann sí arís. Mar sin de, bhí sí agaibh, níor shíl sibh go leor di ach ní phillfidh sí oraibh níos mó Agus ar seisean, uaisc na caorach i gcúl an dorais, sin, ar seisean, an Saol Mór, agus is cuma cad é chomh láidir libh, arsa seisean, ná cad é chomh tréan agus a ionsóidh sibh an saol, gheobhaidh an saol bua oraibh. Cuirfidh an saol síos sibh, arsa seisean, agus ná bígí amaideach ag smaoineamh go bhfuil sibh ag dul a fháil bua ar an tsaol ná níl. Is cuma cad é chomh láidir libh. Agus i dtaca liomsa de ar seisean mise an bás agus mise a chuirfeas an ordóg ar an tsúil agaibh uilig an lá deireanach. Thiompóigh Fionn thart ag amharc ar a chuid fear go bhfeicfeadh sé cad é a shíl siad den mhanadh a bhí ag an tseanduine ach nuair a thug sé a cheann ar ais bealach na cró dó, fuair sé é féin ina sheasamh amuigh ar thaobh sléibhe agus gan a dhath thart fá dtaobh dó ach caoirigh agus gabhair ag innilt. Sin anois an Óige, an Saol Mór agus an Bás.

Bhuel go raibh míle maith agat a John, bhí sin galánta agus dea-ráite, dea-inste agat. Bhí mé ag smaoineamh ansin, cá mhéad uair a chuala tú sin agus tú ag fás aníos? An mbeadh a fhios agat, an dtiocfadh leat cuntas a dhéanamh?

Bhuel i dtaca le ceist a chur orm cá mhéad uair a chuala mé é, ní thiocfadh liom freagra a thabhairt air sin ná níl a fhios agam cá mhéad uair a chuala mé é. B’fhéidir gur chuala mé é cúpla uair in aon oíche amháin, b’fhéidir mar a rinne mé tús m’airneála i dteach amháin agus ag dul ag deireadh na hoíche go dtí teach eile gurb é sin an scéal a bhí ag dul ar aghaidh ag dul isteach domh agus b’fhéidir sílim go dteachaigh sé mhí thart agus nár chuala ar chor ar bith é. B’fhéidir nach raibh sé focal ar fhocal agat mar a d’inis an scéalaí é ach chuala tú ar ais b’fhéidir seachtain ina dhiaidh é agus má bhí focal ar bith caillte agat bhí an focal sin leat an dara uair agus mar sin dó chuala muid chomh minic é nach dtiocfadh linn dearmad a dhéanamh dó, mar a déarfá.

Agus dá ndéanfadh an scéalaí mar shampla dearmad de chúpla focal, nó dá rachadh sé as cosán sa scéal, dá rachadh sé fríd, an mbeadh an cuideachta ag an airneáil, an mbeadh siadsan ábalta é a chur ar an bhealach cheart, mar a déarfá?

Bheadh, ach inseoidh mise duit cad é ... ní ionann scéal agus rud ar bith eile. An rud atá i scéal, ní rachaidh an scéalaí ar seachrán sa scéal, á, mura bhfuil duine ... mar ba dhuine atá iontach iontach aosta agus tú ag cailleadh do chuimhne. Ní rachaidh tú ar seachrán i scéal. An rud atá i scéal, comhrá atá i scéal agus dá n-iarrfá thusa ormsa anois b’fhéidir an scéal sin a inse ar ais, b’fhéidir corrfhocal dá nduirt mé go ndéarfainn dóigh eile é ach is é an chiall amháin atá leis na focla. Tá tú ar an rud amháin ar fad b’fhéidir an focal ... tá cuid mhór focal agus thiocfadh leat a rá ar chúpla dóigh agus an focal a dúirt mise anois leatsa ag caint insa scéal sin, dá mbeinn ag inse an scéil sin fá cheann leathuair eile ba é an scéal céanna, ba an é dóigh chéanna ach bheadh focla agam ann nach raibh agam ansin ach ba é an chiall amháin a bhí le cibé focal a dearfainn an t-am sin agus a dúirt mé ansin leatsa anois mar sin dó, ní rachfá móran ar seachrán insa scéal.

Agus tá ciall insan scéal sin. Tá teachtaireacht ansin d’achan duine. Tá mé ag smaoineamh cad é mar a bhí John Ghráinne nó John Phaidí Hiúdaí agus é ina shuí ina thachrán ag éisteacht leis sin? Cad é a shíl tú den Óige agus den Saol Mór agus den Bhás ag an am sin?

Bhuel anois, sin an tuige ar dhúirt mé leat i dtús ama go raibh scéal ann fá choinne bunús achan duine, fá choinne achan duine. Nuair a bhí mise ag éisteacht leis an scéal sin an chéad uair bhuel shíl mé go raibh dhá chineál daoine ann, daoine aosta agus daoine óga, agus níor chreid mé go raibh na daoine aosta sin riamh óg. Agus i dtaca liom féin dó éirí aosta, bhuel, níor chreid mé go mbeinn choíche aosta. Nuair a chuaigh mé suas i mblianta agus nuair a bhí a fhios agam go gcaithfinn éirí aosta, ach nuair a bhí mise i mo pháiste bhí daoine óga ann agus daoine aosta, agus sin mar a bhí muid ag dul a bheith, ní raibh duine ar bith ag dul a imeacht. Ach fuair muid ciall an bhfeiceann tú mé féin, mar shampla, nuair a bhí mise ag éisteacht leis na scéaltaí sin ar tús, bhuel, shíl mé go mbeinn choíche go deo óg agus an seanduine a bhí ina shuí ag tabhairt freagra ar na ceisteanna, tá an seanduine sin ag caint liom isteach i mo chluasa anois le dornán blianta agus ag inse dom, nár inis mé duit fadó ó shin nuair a bhí tú óg ach níor éist tú liom? Éireoidh tú aosta! Tá tú ar shiúl le spórt agus le cuideachta agus níl mise ina dhiaidh ar dhuine ar bith, ar dhuine nach bhfuil sé ag smaoineamh ar an aois ná molfainnse tú, ná smaoinigh ar an aois, coinnigh an óige a fhad agus a thig leat, ach bheireann tú cuid mhór masla don óige, agus thug mise mé fhéin masla don óige agus níl mé ansin liom fhéin - is iomaí duine sa bhád chéanna, bunús achan duine, rinne muid rudaí a bhí maslach ar an óige, agus chaith muid oícheannaí amuigh nár cheart dúinn a chaitheamh amuigh, agus b’fhéidir go raibh muid ag déanamh rudaí amuigh nár cheart dúinn a dhéanamh amuigh, b’fhéidir rudaí a bhí maslach, sin oíche agus lá, nuair nach bhfuil mé ag déanamh lá ionraice oibre, thig leat masla a thabhairt ar ndóighe air sin fosta. Ach d’fhág an óige mise, mar a dúirt an seanduine, chuir an óige mise síos, thug an óige bata domh, agus thug an óige cathaoir domh, le suí síos de chois na tineadh agus éisteacht leis an óige caint agus sin anois an óige agus bíodh a fhios agatsa, ní fhilleann sí ort, coinníonn sí ag dul, ar an drochuair ní fhillfidh sí agus ní chuirfidh sí tarrtháil ort.

Bhuel an bhfuil comhairle ar bith agat dúinne, mar sin dó. Cad é mar a thiocfadh linn meas a bheith againn ar an óige?

Bhuel inseoidh mé mise mo chomhairle duit. Bain a oiread as an óige agus a thig leat. Níl mé ag iarraidh ... thig leat bheith iontach maslach ar an óige, má tá tú ag dul amach agus má tá tú ag dul a dhéanamh barraíocht ólacháin nó barraíocht drabhlais de chineál ar bith, tá measarthacht, tá focal againne, tá measarthacht ar achan rud, dá mba ól an bhracháin é, agus tá measarthacht ar achan rud agus an chomhairle a bhearfainnse daoibhse anois tá sibh óg agus tá an óige ag siúl léi. Ní smaoiníonn sibh féin go bhfuil ach tá an óige giota beag níos faide uaibh inniu ná mar a bhí sí inné. Agus a chomhairleochainn riamh, bíodh an croí óg agaibh ach tugaigí oiread urraim don cholainn agus don óige agus a thig libh agus bíodh a fhios agat go dtig leat a bheith óg go dtí go bhfuil tú suas go maith i mblianta. Thig leat a bheith óg - má tá an croí óg agat tá tú uilig óg agus bhuel, sin an chomhairle a bhéarfainn daoibh. Na milligí, ná milligí an oige ag iarraidh bheith róchúramach, ná beidh tú fada go leor aosta agus coinnigh an óige ag dul a fhad agus a thig leat, agus bíodh neart spóirt agat agus ná mill í ag iarraidh bheith róchúramach. Ach mar a dúirt an fear aosta ná bí go hard ná go híseal ach go haoibhinn i lár báire agus sin mo chomhairlese daoibhse anois.

Agus sin teachtaireacht mar a dúirt muid atá le fáil insan scéal sin.

Ó sin teachtaireacht an scéil sin.

An mbeadh teachtaireacht in achan scéal, do bharúil?
Dúirt tú an Cearrbhach Mac Cába agus bhí creideamh ann agus cearrbhachas agus bhí cuid mhór ann.

Bhuel, scéal ar bith ... tá rudaí in achan scéal a inseoidh tú. Ní hé amaidí chainte ar bith atá sa scéal. Déarfaidh daoine, amaidí cainte, níl ansin ach scéal. Agus níl ann ach scéal. Ach muna níonn tusa an sceal sin a spíonadh, a spíonadh go maith, smaointeoidh tú ort féin, ó dar Dia, rinne mise a mhacasamhail sin am ínteacht, cad chuige nár éist mise leis sin am ínteacht, agus smaointeoidh tú ort féin agus nuair a smaointeochas duine amháin air féin smaointeoidh céadtaí air fhéin ar an dóigh chéanna. Mar sin dó, síleann daoine gur caitheamh aimsire atá sa scéal, agus is é, ach níl scéal ar bith nach bhfuil cuid mhór ag duine le smaoineamh air.

Bhuel, bhí tú ag rá ansin go dtiocfadh le daoine a rá “Níl ann ach scéal” Tá a fhios agam go raibh tú féin iontach tugtha do na scéaltaí agus go raibh suim mhór agat iontu nuair a bhí tú ag fás aníos. Cad é mar a bhí do mhacasamhail ag an am sin, cad é mar a bhí an mhuintir óg ag an am sin?

Bhuel, inseoidh mé é sin duit. An mhuintir óg uilig, insan am sin, bhí siad ina suí, chaithfeadh siad suim a chur sa scéal, ní raibh caitheamh aimsire ar bith eile ag dul, agus chaithfeadh siad suim agus ansin bhí cuid againn agus choinnigh muid cuimhne agus an chuid eile agus mar a dúirt mé nuair a tháinig am daofa, níor smaointigh siad ar scéalaíocht agus níor smaointigh siad ar na hoícheannaí airneáil agus d’imigh cuid acu ina réice le ragairne mar a ... agus níor bhuair siad a gceann. Sin cuid mhór acu agus ansin tá cuid mhór eile nár chaill na scéaltaí agus a bhfuil na scéaltaí acu agus tá a fhios agaibhse iad agus ar a bhfaca siad ariamh uilig go léir ina saol agus ní shásóchadh sé iad agus scéal a insint do dhaoine. B’fhéidir dá mbeadh siad istigh ag scaifte páistí go n-inseochadh siad scéal beag do na páistí ach agus ní le doicheall a bíonn siad agus ní aon olcas atá orthu tá daoine ann nach bhfuil ábalta scéal a inse agus tá an scéal acu agus b’fhéidir go bhfuil sé acu i bhfad níos beaichte ná atá sé ag an té atá ag scéalaíocht ach go díreach níl siad ábalta ar í a inse. Ach insan am a bhfuil mé ag caint air bhí scéalaíocht ann ach cuid acu a thóg agus a chuaigh leis an scéalaíocht agus cuid eile acu a rinne dearmad dó agus ar thuig.

Bhuel an mbeadh scéalaíocht i dteach ar bith eile i Rann na Feirste i láthair na huaire. Níl mé ag caint anois ar dhaoine a bhfuil scéaltaí acu ach an dtiocfadh leat siúl isteach i dteach in Rann na Feirste i rith an gheimhridh seo agus scéal a chluinstin?

Bhuel déarfaidh mé go bhfuil cúpla teach fágtha go fóill, bhuel tá teach amháin fágtha go fóill ...

An teach seo?

Bhuel tá an teach seo… Thiocfadh leat siúl isteach anseo. Thiocfadh leat siúl isteach thoir ag Nóra Frank Chonaill, tá scéalaíocht ag Nóra Frank Chonaill. agus thiocfadh leat siúl isteach thíos ag Sissie Shíle, sin trí tithe agus tá teach eile, Gracie Ghráinne Mhícheáil. Tá ceithre tí ann. Ach ansin ní bhíonn daoine ag airneáil go minic anois agus níl duine ar bith sna tithe sin agus sa teach seo sa chuntas. Níl duine ar bith ag dul a shuí istigh a inse scéil dó fhéin. Ná b’fhéidir ag dul a inse scéil do dhuine inteacht atá ar an taobh eile den tine agat tuirseach ag éisteacht leat. Níl tú. Glacfaidh lucht airneáil agus lucht éisteachta a theacht isteach. Agus sin tithe anois a bhfaighfeá scéalaíocht iontu ach ní bhíonn scéalaíocht ann ach fíor-chorruair cionn is nach mbíonn lucht éisteachta ann. Sin oiread atá ag fágáil an scéalaíocht ag imeacht.

Bhuel ar an drochuair, táimid ag tarraingt arís chuig deireadh an chláir ach ní raibh tú ag caint leat fhéin an iarraidh seo, bhí tú ag caint le pobal mór éisteoirí a éisteann le cláracha Gaeilge ar an BBC. Agus go raibh míle maith agat as an chlár seo a dhéanamh dúinn.

Go raibh míle maith agat, a Antaine.

GLUAIS

eilit mhaol – a doe without horns
conairt – a pack of hounds
sháraigh orthu – they failed
idir é agus léas – on the skyline
marbhsholas – dim light
seal go hioscaidí agus seal go hascaillí – sometimes up to the knees and sometimes up to the armpits
socadh a thabhairt – to butt someone
ina gcnap chodlata – fast asleep
dul fríd – to mess up (a story or song), (can also mean to go through in the English sense)
réice – rake, waster

Duration:

31 minutes

This clip is from