Main content

Céim in Airde

Áis í Céim in Airde le tacú le daltaí atá ag gabháil don scrúdú GCE A2.
Dírítear ar Aonad 3 - Scríbhneoireacht Sínte - agus tugtar anailís, leideanna agus comhairle le tacú le daltaí agus iad ag déanamh réidh don scrúdú.

Tá sraith dhigiteach de seacht gclár ina bpléitear gearrscéalta ó Anam na Teanga (Cláir 1 ┐2) agus filíocht de réir údair (Cláir 3-6) agus dráma (Clár 7). Mar aon leis sin nótaí agus gearrthóga de réir saothair.