Gleantáin Ghlas Ghaoth Dobhair - ciall an amhráin

Mairéad Ní Mhaonaigh sings Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair written by her father Francie Mooney. Gearóidín Bhreathnach and Máire Ní Choilm explain how the song has become so well loved and Mairéad Ní Mhaonaigh reveals when her father sang the song for the first time.

Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair

Céad slán ag sléibhte maorga a Chontae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagail ard ina stua os cionn caor is coll
Nuair a ghluais mise thart le Loch Dhún Lúich' go ciúin sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí gleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí.

Ag taisteal dom amach fríd chnoic Ghleann Domhain 's an Mhucais ar mo chúl
Ní miste dom 'rá le brón 's le crá gur fhrasach a shíl mise siúl
Go Meiriceá siar a bhí mo thriall i bhfad thar an fharraige mhór
D'fhág mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall is ag gleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair.

Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain 's le feall, a thiomáin mé i gcéill
B'é rún mo chroíse pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh le mo ghaoil,
fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.

Slán, slán go fóill, a Dhún na nGall, a chontae shéimh gan smál,
Is do d'fheara breáth' in am an ghá nár úmhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear is gach mnaoi is gach páiste beag agus mór
Atá beo go buan gan bhuairt gan ghruaim fá ghleanntáin ghlas' Ghaoth Dobhair.

Release date:

Duration:

11 minutes

This clip is from