Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte - ciall an amhráin

Aoife Ní Fhearraigh sings ‘Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte’ written by Peadar Ó Doirnín. Dr. Diarmuid Ó Doibhlin and Pádraigín Ní Uallacháín explain the story behind the song.

Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte

A phlúr na maighdean is úire gné
thug clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarlaí, a rún na héigse,
dhúblíos féile is fáilte,
a ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil
a mhúchas léan le gáire,
'sé an trua gan mé 's tú, a shiúr, linn féin
sa dún sin Chéin mhic Cáinte.

Táim brúite i bpéin, gan suan gan néal,
de do chumha'se, a ghéag is áille,
's gur tú mo rogha i gcúighibh Éireann,
cúis nach séanaim áthas de;
dá siúlfá a réalt gan smúid, liom féin
ba súgach saor ár sláinte-
gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
sa dún sin Chéin mhic Cáinte.

A shuaircbhean tséimh na gcuachfholt péarlach,
gluais liom féin ar ball beag,
nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal
'na suan faoi éadaí bána;
ó thuaidh go mbéam i bhfad uathu araon
teacht nuachruth gréine amárach,
gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
san dún sin Chéin Mhic Cáinte.

Release date: 27 Nov 2012

9 minutes

This clip is from

Added. Check out your playlist Dismiss