Cúnant Uladh

In san eagrán speisialta seo de Blas caitheann Lucinda Glynn agus a cuid aoíanna súil siar ar Chúnant Uladh. Ar an 28ú Meán Fomhair 1912, shínigh nach mór leath mhillún duine Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh. Geallúint a bhí ann i measc na n-aontachtach i gCúige Uladh go ndéanfaidís gach rud ba ghá chun rialtas dúchais in Éirinn a threascairt. Is iad rannapháirtithe an chlair ná Dr Mary Harris, léachtóir sinsireach le stair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, An Dr Ian Malcolm, tráchtaire aontachtach, An Dr Fergal McCluskey, staraí agus Aodan Mac Poilín stiúrthóir Iontabhas Ultach.

Release date:

Duration:

25 minutes

This clip is from