iPlayer Radio What's New?
Image for Ceann Dubhrann - eip 2

Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 2

Duration: 27:27

Sa chlár seo labhraíonn John ar an eagla a bhíodh ar dhaoine roimh thaibhsí agus roimh eachtraí osnádúrtha. Cuid de shraith speisialta í seo ina labhrann Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.(2004)

CEANN DUBHRANN 2 - TRANSCRIPT

Is é do bheatha agus tá fáilte romhat ar ais go dtí an dara clár den tsraith úr seo, Ceann Dubhrann agus má bhí tú ag éisteacht an tseachtain seo a chuaigh thart, tá a fhios agat go raibh mé ag caint ansin le John Ghráinne, Seán O Duibheannaigh as Rann na Feirste. Agus tá Seán i mo chuideachta arís an tseachtain seo. Agus fáilte romhat arís, a Sheáin, chun an dara clár.
Go raibh céad maith agat, a Antaine.

Bhuel nuair a chríochnaigh muid, insa chlár deireanach ansin, labhair muid fá na chéad daoine a tháinig go Rann na Feirste, Clann Mhig Grianna, Seán, an duine is mó clú, is é sin an drabhlás a raibh an ceol agus an craic ann, eh, agus chríochnaigh muid suas ag caint fán Ghaeilge atá anseo, chomh saibhir is atá sí, chomh binn is atá sí. Ach, eh, ba mhaith liom anois tarraingt anois ar ghné amháin de sin. Tá a fhios agam nár ghnách leat, eh, nuair a bhí tú féin, mar shampla, ag fás aníos, ba ghnách leat déanamh ar Ghaoth Dobhair, bheadh sibh ag gabháil anonn Gaoth Dobhair le labhairt leis na mná thall ansin in áit bheith ag gabháil siar. Cad é a bhí i gceist ansin agaibh?

Bhuel, is furasta sin a thuigbheáil. Agus bíodh a fhios agat gur chaith mise, a fhad agus a bhí mé ag éirí amach agus a fhad agus a bhí croí agus aigneadh ionam le ghabháil chuig damhsaíocha agus go dtí gur pósadh mé, bhí mé ag tarraingt ar Ghaoth Dobhair. Rinne mé cinnte corr-ruaig a thabhairt siar ar an taobh siar den phobal seo, achan áit chun an Chlocháin Léith. Ach bhí difear mór idir an dá áit. Ar dhóigh inteacht, tá sé chomh maith agam an fhírinne a dhéanamh, níor théigh mo chroí riamh leis an taobh siar.

Anois an taobh thall, muintir Ghaoth Dobhair ar a raibh mise fríofa agus ar chaith mé an tsuáilce agus an chuid ab fhearr de m’óige ina gcuideachta - rachfá anonn agus bhí muid breá eolach ar mhuintir Ghaoth Dobhair. Agus bhí siad breá ceannasach, rascánta, garbh cosúil linn féin ach agus corruair casadh daoine ort nach raibh an chuid amuigh den mhúineadh orthu. Agus nuair a chastaí iad sin ort bheifeása an dóigh chéanna leo. Agus ansin b’fhéidir go gcasfaí ort an oíche arna mhárach iad agus iad iontach múinte. Chaithfeá, an dtuigeann tú, chaithfeá iad a thuigbheáil.

Ach an fáth is mó a bhí leis na gnaithe, gnaithe Gaeilge arís. An dtuigeann tú, chonaic mise mé féin ag gabháil go hAnagaire ná ag gabháil chun an Chlocháin Léith ná go Mullach Dubh chuig damhsa. Agus, ó, girseachaí deasa ansin cinnte! Agus, bhéarfainn a bhfaca mé riamh is bean acu ag gabháil sa bhaile. Ach ansin bhí grág sa bhearnaigh ansin. Cad é mar a thiocfadh liom í a chomóradh chun an bhaile? An chéad rud, ní raibh mo sháith Béarla agam agus an dara rud ní raibh eolas na háite agam go maith. Ní raibh mé chomh cleachtaithe le, leis, an ghabháil siar is a bhí mé le pobal Ghaoth Dobhair. Agus d’fhág sin, muidne, go dtug muid ár n-aghaidh, muintir Rann na Feirste, go dtug siad a n-aghaidh i gcónaí bealach Ghaoth Dobhair - cionn is go raibh Gaeilge i nGaoth Dobhair agus gur thuig an dá thaobh a chéile go hiontach maith.

Agus leoga, dhéanfaidh mé an fhírinne - is iomaí oíche anróiteach a fuair muid. Rachfá, b’fhéidir, go dtí an Baile Láir nó go mullach na Tulacha ag damhsa agus dhéanfá oíche dhamhsa - bhí an damhsa ag gabháil an t-am sin go dtín trí a chlog ar maidin. Dhéanfá oíche dhamhsa agus rachfá le bean. Agus b’fhéidir - síorchoisíocht a bhí ann an t-am sin ní raibh gluaisteán agus ní raibh bodach mór a raibh gearrán iarrainn aige. Ach ní raibh gearrán iarrainn ar bith ag cuid mhór againn. Shiúlfá achan choiscéim dó b’fhéidir go mbeifeá thoir ar an Tulaicheán agus b’fhéidir níos faide soir. Agus chaithfeá an oíche thoir ansin.

Bhí mé oíche amháin ar a raibh mé le bean soir an bealach sin agus dar Dia, bhí ocras orm nuair a bhí mé thoir. Agus is dóiche go raibh ocras ar an ghirseach í féin fosta. Agus chuaigh muid, chuaigh sí isteach agus ó, ní ligfeadh an eagla di ghabháil a dhéanamh tae. Thógfadh sí barraíocht trup. Ach thug sí léi amach babhal bainne mhilis chugam agus leadhb aráin. Agus bhí mé i mo shuí ar carraig a bhí taobh amuigh den doras ag ól an bhainne agus ag ithe mo chuid aráin nuair a nocht a hathair amach as an doras. Agus tá sé i mo shúile go fóill an léine mhór bhrocach a bhí air, an áit a dteachaidh leanbh a chaoineadh istigh. Mhúscail sí an leanbh nuair a bhí sí istigh fá choinne an bhainne.

Agus d’imigh sé i mo dhiaidh agus theith mise go hard acaineach. Agus an bhfuil a fhios agatsa, tá rása fada as an tSroitheán, gur abhus fá mhullach na tulacha a thug mise fá dear go raibh an babhal i mo lámh ar fad. Chaith mé uaim an babhal agus bhain mé an baile amach. Ach bíodh a fhios agat, bhuail leamain iontach mise ina dhiaidh sin. Bhuail rud mé – uaigneas. Agus níl a fhios agam cad chuige a dtáinig sé orm ach ní raibh ag gabháil amach ar an doras agam le uaigneas. Shíl mé go raibh a raibh de thaibhsí a raibh ariamh ann ina seasamh taobh amuigh den doras ag fanacht liom.

Agus cad é an aois a bhí tú ag an am sin?

O, bheinn, déarfainn go raibh mé, bhí mé fiche bliain ar scor ar bith.

Agus chreid tú go raibh na taibhsí seo thart agus ...

Ó cinnte Chreid mé go raibh na taibhsí ann agus dá bhfaigheadh duine bás, shíl mé nach ndéanfadh sé ach a dhá shúil a dhruid agus nach raibh a dhath eile ar a aird ach greim a fháil ormsa. Bhí sin orm. Níl a fhios cad é a tháinig orm – ó bhí cuid mhór uaignis ag gabháil. Bhí daoine – bhí uaigneas ar achan duine an t-am sin. Ach bhí daoine a bhí ábalta ar a ghabháil a dh’airneáil agus a ghabháil a chuartaíocht agus gan uaigneas ar bith orthu. Chóir a bheith go raibh uaigneas ormsa aon uair amháin a rachadh sé i ndiaidh am dinnéara ar chor ar bith, dá dtiocfadh dorchadas ar bith.

Bhuel, an bhfaca tú taibhse ariamh?

Bhuel, chonaic mé taibhse duine bheo. Agus, eh, b’fhéidir go bhfuil daoine ann. Ní fhaca mé taibhse duine mhuirbh riamh, chan a éileamh é. Ach creidim go bhfuil a leithéid ann. Ach chonaic mé taibhse duine, duine bheo. Agus fear muinteartha domh féin aige sin.
Oíche amháin agus mé ag déanamh ar dhoras an tí agam féin agus ní raibh aon uaigneas orm an oíche seo. Ní raibh uaigneas orm an t-am sin. Mé ag tarraingt ar dhoras an tí agam féin - i dtrátha am luí - agus mé ag gabháil chun an bhaile. Agus seo an diúlach a bhí, a shíl mé féin a bhí istigh ag airneáil, casadh orm é dhá shlat taobh amuigh den doras.
Bhí mé féin agus é féin iontach mór le chéile agus bhí cineál de chaolráid orm agus chuaigh sé thart coirnéal an tí é féin agus mise i gcuideachta, dar liom féin, fá choinne muid a bheith ábalta ar tamall comhrá a bheith againn agus gan an ghaoth bheith ag cur isteach orainn. Agus go díreach mar a shlogfadh an t-aer ón talamh é chuaigh sé as barr, as amharc ag barr mo dhá chos. Anois ba é an rud ba cheart domhsa a dhéanamh dá ndéanfainn mo ghnaithe i gceart, a ghabháil díreach chuig an fhear sin ar maidin agus inse dó go bhfaca mé a thaibhse. Sin an rud is ceart a dhéanamh.

An raibh a fhios agat ag an am gur taibhse a bhí ann?

Bhí a fhios agam insan am go bhfaca mé a thaibhse nó ní thiocfadh leis - bhí muid - blár folamh a bhí ann. Ní raibh a dhath ar bith ann ach binn an tí agus mise agus eisean ina seasamh agus go díreach mar a rachadh sé síos fríd an talamh chuaigh sé as m’amharc. Agus é ina sheasamh amuigh - bhí a fhios agam nach a dhath saolta a bhí ann. Agus deir siad gurb é an rud is ceart duit a dhéanamh ina mhacasamhail sin de chás a ghabháil chuig an duine a chonaic tú agus inse dó go bhfaca tú é. Agus tá sin ag tabhairt chance dó a ghabháil chuig an tsagart b’fhéidir agus aifreann a fháil léite agus go mb’fhéidir go rachadh an drochthuar thairis. Ach ní theachaigh mise dá chóir!
Agus cúpla lá ina dhiaidh sin bhí mé ag imeacht as an bhaile agus d’imigh mé. Agus ní raibh mé coicís ar shiúl, coicís nó trí seachtaine ar an rud ab fhaide, nuair a fuair mé scéala go raibh an fear marbh - fear a d’fhág mé líon lán folláin sa bhaile i mo dhiaidh - go raibh sé marbh. Fuair sé bás tobann. Agus ...

Agus sin comhartha go bhfuil duine ag gabháil a fháil bháis, duine eile a thaibhse a fheiceáil?

Bhuel, tá dhá dhóigh ann. Thig leat taibhse duine bheo a fheiceáil. Agus má tá sé ag siúl ar shiúl ón bhaile. Má tá cúl a chinn leis an bhaile agus é ag siúl ar shiúl ón bhaile tá an bás ansin. Sin duine atá ag gabháil a fháil bháis. Ach má fheiceann tú taibhse duine bheo agus a aghaidh ar an bhaile tá tinneas trom roimhe nó tá drochthaisme nó rud éigin ach ní hé an bás é. Sin anois taibhse duine bheo.
Ach bhí mé ag caint ar an, ar an tsaol a bhí againn ag gabháil ar shiúl le mná agus ar shiúl ansiúd is anseo. Ní raibh fuíoll caitheamh aimseartha ab fhearr a bhí ag aon duine riamh. Ní raibh a leithéid de rud ann agus na rudaí a chluinimse anois. B’fhéidir go mbeifeá le bean anocht agus go ndéarfá, bhuel: ‘beidh mé anall san oíche anóirthí.’ ‘O bí cinnte,’ a déarfadh sí. ‘Bhuel cá háit a bhfeicfidh mé tú?’ ‘Ag a leithéid seo d’áit.’
B’fhéidir, chuaigh tú. Agus díreach nuair a bhí tú ag tarraingt ar an áit a bhí leagtha amach agat casadh í féin agus fear eile ort. Agus ní thearn tú iontas ar bith dó. B’fhéidir go dtearna tú tamall comhrá leis an bheirt agus gur imigh tú a chuartú ceann eile. Agus cúpla oíche ina dhiaidh sin bhí tú léi ar ais. Tá siad ró, tá siad ródháiríribh anois. Tá, barraíocht dáiríríbh atá siad anois.
Bhí am breá ann an t-am sin. Ní raibh, ní raibh nimh ar dhuine ar bith. Cá bith mar a d’éirigh leat, d’éirigh leat agus rinne tú dearmad dó. Ach nuair a thigeadh an t-earrach agus bhí obair le déanamh, bhí sé millteanach. Thiocfadh an mhaidin iontach gasta. Agus b’fhéidir go raibh lá oibre agat le déanamh lá arna, eh, ar maidin agus níorbh fhiú leat a ghabháil a luí. Agus chonaic mise mé ag teacht chun an bhaile maidin amháin insan earrach, ag tringeáil earraí agus ag tógáil fodair phréataí agus rudaí mar sin.
Agus níor mhaith liom bheith caite chun deiridh an dtuigeann tú le taobh na comh… thaire dhuine ar bith eile sa chomharsa. Agus in áit a ghabháil a luí bhí an lá deas geal. Chaith mé domh cá bith scriosán a bhí orm agus chuir mé orm mo chuid éadaí oibre. Agus chuaigh mé amach a dh’obair. Ach nuair a bhí deich mbomaite oibre déanta agam shuigh mé a chaitheamh toite. Agus mhúscail mise suas in am inteacht idir sin agus tráthnóna agus agus gan turn ar bith déanta agam. Sin anois an rud a níos an óige! An bhfuil a fhios agat, is deas an rud an óige.

Ach bhí sibh iontach soineanta ag an am sin.

An bhfuil a fhios agat, bhí muid soineanta. Ní raibh a dhath ar bith á dhéanamh as bealach. Anois, bhí muid ag cur daoine i mbarr a gcéille. Bheir muid linn currach nach raibh baint againn dó. Agus bheir – ach bhí muid iontach, iontach cúramach fán churrach sin. Dhéanfá an currach sin a fheisteadh i bhfad níb fhearr, b’fhéidir, ná dá ba é do churrach féin é. Agus ní raibh a dhath ar bith á dhéanamh as bealach againn. Ní rabhthar ag briseadh isteach in áit ar bith. Ní rabhthar ag briseadh fuinneog.

B’fhéidir, in áit a raibh scaifte i gcuideachta gur bhuail siad le turtóg nó le rud inteacht doras tí fá choinne rása a fháil go díreach go bhfeicfeadh siad cad é mar a bheadh an rása! Ach ní raibh a dhath ar bith á dhéanamh contráilte, a dhath ar bith á dhéanamh – agus chonaic muid cuid mhór daoine ag bobaireacht. Eh, bhí muid oíche amháin ag airneáil agus i dteach thoir anseo i nDoire na Mainséar. Agus nuair a d’fhág muid an teach shiúil achan duine leis go múinte, ag tarraingt ar an bhaile. Ach ní raibh muid deich slata ar shiúl ón teach nuair a chuala muid an trup. Buaileadh an teach le fód móna. Agus cé a bhuail é ach an fear a bhí ina shuí ag airneáil inár gcuideachta i rith na hoíche – mac fhear an tí, é féin! Bhuail sé le fód mó – agus d’imigh sé inár ndiaidh.

Agus théid an rása agus théid an rása! Agus reath mui - agus bíodh a fhios agat gur reath muid chóir a bheith amach as an bhaile ar fad agus é i ndiaidh chuid againn. Agus an oíche arna mhárach, d’inis sé dúinn gur é féin a bhuail an doras! Ó sin an bhobaireacht a bheadh ag gabháil, an dtuigeann tú? Chruinneofaí isteach i dteach na comharsa Agus b’fhéidir go dteachaidh thusa a dhéanamh dallóg ná thart tú an bhróg nó a dhéanamh cleasanna mar sin. Agus an chuid ab fhearr den iomlán dá mbeadh faire ar an bhaile.

Anois más duine óg a bhí ann nó duine a raibh buaireadh ina dhiaidh, chuaigh tú isteach go múinte agus shuigh tú. Agus shuigh an t-aos óg thart agus ní raibh smid astu! Mar ní iarrfadh duine de lucht an tí orthu éirí agus cleasanna a dhéanamh. Ach má bhí seanduine marbh, bhí sé mar a bheadh bainis. Rachfaí ansin agus d’fhanófaí ansin go maidin ag déanamh cleasanna. Agus gheofaí dhá tae. Gheofaí tae - bheadh an paidrín - paidrín mór fada, cúig dheichniúr déag, bheadh sin ann ar a dó dhéag díreach is a’ meánoíche agus tae ina dhiaidh.

Agus ansin, duine ar bith a bhí ag gabháil a shuí go maidin, shuigh sé tamall i ndiaidh an tae ach d’imigh sé sula raibh am an dara tae ann. Bhí an dara tae ar a ceathair a chlog ar maidin. Agus shuigh tú agus d’ól tú an tae sin agus má bhí cleasanna ag gabháil, shuigh tú – chonaic mise muid ag fágáil teach faire nuair a bhí daoine seanaimseartha ag teacht isteach a dhéanamh faire – chonaic muid, muid á fhágáil i dtrátha a hocht a chlog ar maidin.
Chuaigh muid, chuaigh síos go raibh muid ar an Phointe ag faire. Ó an bhfuil a fhios agat, chuaigh muid oíche amháin chun an Phointe – rinne – bhí teach ar an Phointe ar ghnách linn a bheith iontach mór leo – teach Mhary Shéimí Eoin. Agus ba ghnách linn a bheith thíos ansin agus bhí naonúr iníonach ag Jimí Shéimí Eoin, teach ag na dtaobh. Agus thigeadh siadsan isteach agus scaifte eile de lucht an Phointe agus bheadh oíche dhamhsa againn go minic thíos ar an Phointe ansin.

Agus bíodh a fhios agat, Mary, go ndéanfaidh Dia a mhaith uirthi, d’éireodh sí agus dhéanfadh sí tae dúinn. Agus bhí cuid mhór síos chuici – más as Rann na Feirste tú shíl sí an tsaol, saol duit. Ach oíche amháin dá raibh muid ag teacht aníos, ní dhéanfaidh mé dearmad di. Agus cén oíche a bhí ann ach an oíche roimhe an oíche Nollag. Agus go díreach thíos ansin os coinne bhun an bhealaigh mhóir, tá fearsaid ann. Agus bhí muid fá choinne a theacht anall ar an Fhearsaid.

Ach d’fhan muid ar an Phointe níba fhaide ná a shíl muid agus nuair a tháinig muid an fad sin bhí an lán mara ó chladach go cladach. Agus shiúil mé féin agus fear eile thart, timpeall – thart bun na mbeann is thart anuas Anagaire ach chuaigh cúigear acu ar an tsnámh. Agus dhóbair daofa a bheith báite. Chaill siad a mbróga, chaill siad bunús a gceirtí agus dhóbair daofa bheith báite. Agus chaith fear thíos anseo currach ar an uisce agus chuaigh sé amach agus thug sé tarrtháil orthu. Ach bhí siad sa bhaile i bhfad níos luaithe ná muidne. Agus chuaigh mise agus an fear eile thart agus ghlac muid ár n-am. Agus nuair a tháinig mise chun an bhaile, bhí sé mar an teach faire ann – na comharsana uilig go léir istigh agus tine mhór thíos i dtrátha an cúig a chlog ar maidin agus iad ag dúil agus scaifte amuigh do mo chuartú.

Agus shíl siad gur cailleadh thú?

Shíl siad go raibh mise agus an fear eile caillte. Dúirt fear dá dtáinig i dtír; ‘O mura bhfuil siad anseo caithfidh sé go bhfuil siad báite. D’fhág an t-iomlán againn thall i gcuideachta. Sin scanraíocha – fuair muintir a’ – an dtuigeann tú corr-rud mar sin, bhí sé iontach contúirteach. Ach, a Dhia, is cosúil go bhfuil an chontúirt i ndán dúinn. Tá na carranna anois i bhfad níos contúirtí. Ach sílim féin, b’fhéidir gur orm féin atá sé, ach sílim féin go raibh i bhfad níos mó spóirt agus cuideachta ag gabháil nuair nach raibh na carranna seo ag gabháil agus – ba é an chuideachta uilig ag tarraingt ar an damhsa agus ag teacht chun an bhaile i ndiaidh an damhsa.

An raibh mórán ólacháin ag gabháil ag an am sin?

Bhuel, nuair a bhí mise óg, bhuel, inseoidh mise duit cad é mar a bhí an t-ólachan an t-am sin. Bhí dúil ariamh ag na daoine san ólachan. Ach go díreach, ní raibh an t-airgead acu le hól. Agus na seandaoine féin nó na daoine meánaosta, ní raibh airgead acu le hól.
Thiocfadh Lá Aonaigh Jack i Mín na Leice agus d’ólfadh siad deoch an lá sin. Agus d’ólfadh siad deoch, b’fhéidir, Oíche Nollag agus Oíche Shamhna – oíche mhór eile de na gcuid. Agus Lá Fhéile Pádraig. Ach ní raibh a leithéid de rud ann agus ar shiúl oícheannaí fríd an tseachtain nó laetha fríd an tseachtain ag ól. Ní raibh an t-airgead ann. Agus sílimse go raibh an deoch i bhfad níos láidre an t-am sin ná atá sí anois nó bíodh a fhios agatsa go rachfá ar meisce ar i bhfad níos lú ná a rachfá ar meisce anois.

Rachaidh daoine isteach anois agus ólfaidh siad a dhó nó trí déag de dheochanna agus tiocfaidh siad amach agus tá siad ábalta ar a gcaint agus a gcomhrá a dhéanamh leat. Dá rachfá isteach nuair a bhí mise óg agus a dhó nó trí déag de dheochanna a ól dá mbeadh a luach agat, bhuel thiocfá chun an bhaile agus bhéarfaí tae duit agus bheifeá ag dortadh tae agus bheifeá ag titim thall agus abhus. Caithfidh sé go raibh sé i bhfad níba láidre ná atá sé anois. Ach bhí na, bhí ...

Ach b’fhéidir go bhfuil na daoine níos cleachtaithe leis anois.

Bhuel, níl a fhios agam. D’ól mé féin cuid mhór deochanna i mo shaol. Agus eh, rud atá saoithiúil fá dtaobh dó, an mhéid is a bhí mé ag éirí cleachtaithe leis, is amhlaidh ab fhusa, b’amhlaidh ab fhusa mo chur ar meisce. I ndeireadh ama, nuair a bheadh a dhó nó a trí dheochanna agam, bheinn ag caint mar a déarfá agus, bheadh cúpla ceann eile agam ní bheinn ábalta ar a bheith ag caint. Agus beireann an t-ólachan, níl an t-ólachan ach ag coinneáil na hóige as sin gan a bheith ró-óg. Tá siad ag ól anois ina bpáistí.
Ach níor ól mise aon deoir go dtí go raibh mé ocht mbliana déag de aois. D’ól mé mo sháith ina dhiaidh sin go dtí gur stad mé dó. O bhí. Bhí am breá ann ar dhóigh agus ar dhóigh eile ... Ansin bhí rud amháin ann. Ní raibh duine mór agus duine beag ar bith ann. Ní raibh fear saibhir agus fear bocht ar bith ann. Ba é an dearc - ba é an teacht isteach amháin a bhí uilig againn. Sin a dhath ar bith! Agus nuair a d’imeofá a shaothrú do choda, níor shaothraigh tú duit féin. Níor shaothraigh tú duit féin go dtí go raibh tú i d’fhear phósta nó i do bhean phósta. Shaothraigh tú don bhaile.

Tchímse anois ag gabháil a dh’obair iad i ndiaidh an scoil a fhágáil agus déarfaidh siad: ‘Tá mo chuid airgid féin anois agam.’ Níl iomrá ar bith ar aon fhear a rinne a shuífeadh. Níl iomrá ar bith ar gurbh éigean iad a thógáil nó cad é a chosain sin. Ach bhí san am sin – is cuimhneach liomsa - ní raibh mé ach iontach óg, i ndiaidh a ghabháil a fháil, eh, an dole. Agus fiche pingin a bhí mé a fháil den airgead ag gabháil inniu - ceithre scillingeacha. Ach níor liom féin é. Nuair a thiocfadh an litir ba le mo mháthair – is í a bhí i gceann an airgid. Ba ise. Agus rachadh sí chun an tsiopa agus ar ndóighe, má bhí muid gan fearg a chur uirthi fuair mé sé pingne fá choinne ghabháil chuig an damhsa oíche Dhomhnaigh.

Mar sin dó, an dtuigeann tú, ní thig leat a bheith ina dhiaidh ar an dóigh a bhí ar mhná an t-am sin. Ní raibh an t-airgead acu. B’fhéidir go raibh siad agus a mbos lena leiceann ag smaoitiú cad é mar a rachadh siad chun an tsiopa an lá arna mhárach agus greim bidh a fháil do na páistí. Agus b’fhéidir nuair a bhí siad ina suí ag smaoitiú air sin go dtáinig tusa a dh’ iarraidh airgid orthu le gabháil chuig an damhsa. Agus bhí sé iontach crua orthu tú a dhiúltú ach. Chaithfeá tú a dhiúltú. Ní raibh an t-airgead ann. O bhí am maith go leor ann ins, ar dhóigh. Drocham a shíleas daoine. Níorbh é ar dhóigh eile.

An seanfhocal sin a d’fhoghlaim tú domh ná ‘tiocfaidh an lá a mbogfaidh bó a ruball.’ Bhí sin coitianta ag an am sin, nach raibh?

Ó focal mór a bhí ansin. Nuair a bheifeá síos agus nuair a bheifeá á fháil crua agus nuair a bheifeá nach bhfaca tú faoi Dhia cad é mar a thiocfadh leat airgead a fháil fá choinne b’fhéidir an cíos a dhíol ná rud inteacht mar sin déarfá: ‘A, bhuel, tiocfaidh an lá a mbogfaidh bó a ruball.’ Eh, agus an dtuigeann tú, bhí ciall mhór leis sin fosta. Tiocfaidh lá maith. Tiocfaidh. Tá drochlá inniu againn. Ach tiocfaidh lá maith agus bogfaidh bó ruball. Rachaidh an bhó a dh’aoibhreall ar fud an chuibhrinn leis an aimsir mhaith. Agus sin an chiall a bhí le ‘tiocfaidh an lá a mbogfaidh bó ruball.’ Bíodh a fhios agat go raibh ciall mhór leis.

Bhí cuid mhór de na focla sin agus tá siad, nach mór an truaighe iad a bheith ag imeacht. Agus d’imigh sin le linn gur imigh an comhrá. Tá cuimhne agamsa, bhí mé ag caint ar na cniogaird agus bheadh na cniogaird ag gabháil cheoil i mbinn na tinibh agus bhí siad damáisteach ar éadach, an dtuigeann tú? Ní raibh a dhath ar bith ar chor ar bith agus bhí pisreogaí ann. Níor mhaith déanamh ar shiúl leis na cniocaird. Bhí sé tuigte ag na daoine go raibh na cniocaird ansin agus ní raibh siad á gcuntas go hiomlán gur rud saolta a bhí iontu. Agus ní bhuarfadh duine acu cniocaird ar a bhfaca sé riamh.

Anois, bhí an dubheagla ar na daoine insan am a bhfuil mé ag caint air roimh an drochamharc. Thiocfadh leat drochamharc a dhéanamh ar dhuine. Agus bhí siad á rá go raibh daoine áirithe a bhí iontach maith ag an drochamharc seo. Cá bith a n-amharcann tú. Ach, eh, bhí eagla rompu sin. Agus dá n-iarrfadh duine acu sin gar ort, darbh fhéidir a thabhairt dó ar chor ar bith, bhéarfá dó é ar eagla nach raibh a dhath maith a ghabháil a theacht as an diúltú. O, tá a fhios agam iad nó bhí a fhios agam san am sin iad. Tá na créatúir marbh anois. Agus bíodh a fhios agat go raibh a fhios acu féin go raibh an t-ainm acu. Ceart go leor, níor chreid mé go dtiocfadh leofa nó go ndéanfadh siad a dhath olc. Ach bhí daoine á rá go raibh siad á dhéanamh.

Fuair bean, fuair bó thíos anseo nach bhfuil i bhfad uainn, fuair sí bás, bó a bhí siad i ndiaidh a cheannach an lá sin ar Aonach Jack. Agus tháinig bean thart agus mhol sí an bhó agus mhol – níor fhág sí fuíoll molta uirthi. Agus shiúil sí ar shiúl agus cha raibh leathuair ina dhiaidh sin gur luigh an bhó gur shín sí a cosa agus go bhfuair sí bás. Anois, sin na rudaí a bhí a chruthú do na daoine, an dtuigeann tú, go raibh, go raibh an chumhacht seo ag corrdhuine. Agus bhí sin creidte go mór, go mór thart anseo. Tá a bheagán nó a mhórán dó san áit go fóill, an dtuigeann tú, go háirithe daoine ar bith atá gaibhte le farraige nó a ghabháil fá chladaí nó áit ar bith mar sin.

Tá cuid mhór dó, ní maith leo – tá lucht na gcladach iontach, iontach pisreogach ar fad. Más pisreogaí atá ann. Agus déarfaidh mé gur pisreogaí atá i gcuid mhór dó.

Ach tá bunús ciallmhar leo chomh maith, nach bhfuil?

O nach cinnte go bhfuil! Nuair a bhí mise i mo ghasúr, bhí rudaí ann agus tuigim cad é an rud a bhí ann. Insan am sin ba ghnách leat a theacht isteach chun tí tráthnóna agus b’fhéidir, tú i ndiaidh bheith amuigh ag iompó talaimh le spád agus an spád leat ar do ghualainn. Agus chaithfeá an spád ag ceann an tí. Bhuel, hinseadh dúinn go raibh sé mí-ádhúil a theacht isteach ar an doras agus a dhath ar bith ar do ghualainn leat.

Agus ar ndóigh, dá ndéarfaí: ‘ná tar isteach agus a dhath ar do ghualainn leat nó tá tú i gcontúirt rud inteacht a bhriseadh istigh,’ ní thabharfá aird ar bith air sin. Ach dhúradh linn go raibh sé mí-ádhúil a theacht isteach agus rinne tusa iontach cinnte nuair a tháinig tú chun dorais gur bhain tú an spád anuas ó do ghualainn agus gur iompar tú isteach é. Bhuel, bhí ciall leis, an dtuigeann tú. Dá dtiompófá thart nó dá labhródh duine nó dá dtiompófá thart, b’fhéidir gur chaith tú rud inteacht den bhalla.

Nó gur bhain tú an cloigeann de dhuine!

Nó gur bhain tú an cloigeann de dhuine inteacht. Bhí ciall mhór le cuid mhór de na rudaí sin, an dtuigeann tú. Agus, eh, thuig cuid de na daoine cad é an chiall a bhí leis. Agus cuid de na daoine a shíleas ar fad agus tá mise amhlaidh ar fad. Ní thiocfadh liomsa a theacht isteach ar an doras sin anois agus a dhath ar mo ghualainn liom. Tá mé – an rud a théas isteach in do chroí nuair a tá tú óg, tá sé in do chroí.

Tá. Agus bhuel, ní dhearna sin dochar ar bith duit cá bith.

Ní, bhuel. Ba mhaith liom i gcónaí a bheith ar an taobh shábháilte ar scor ar bith.

Bhuel, tá mé féin ar an taobh sin inniu ag caint leatsa, a John. Agus arís ar an drochuair, tá deireadh leis an chlár áirithe seo. Ach beidh muid ar ais ar an tseachtain seo chugainn le heagrán eile de Cheann Dubhrann. Agus arís, go raibh míle maith agat.

Go ndéana a mhaith duit, a Antaine.

GLUAIS
aigneadh : spirit
corr-ruaig : an odd foray
níor théigh mo chroí riamh le : my heart never warmed to
an tsuáilce : the pleasure
ceannasach : assertive
rascánta : irresponsible, impulsive
gnoithe = gnó
comóradh, í a chomóradh : to accompany her
anróiteach : inclement
síorchoisíocht : eternal walking
bodach : bigwig
gearrán iarrainn : a bicycle
leadhb aráin : chunk of bread
brocach : grimy
leamain = líomhán : grinding
airneál : night visiting
cuartaíocht : visiting
diúlach : fellow
blár folaimh : open space
drochthuar : bad omen
anóithí san oíche anóirthí : the night after tomorrow
ag tringeáil earraigh :
fodair phréataí : potato fodder
scriosán : light garment
bealach as bealach : wrong, out of the ordinary
feistiú, currach a fheistiú : to fasten a currach
fearsaid : sandbank
dán, i ndán : destined
dortadh = doirteadh
saoithiúil : strange
aoibhreall = aoibheall : gadding
pisreoga : superstitions

This clip is from

Ceann Dubhrann 12/07/2011

John Ghrainne, from Rannafast, discusses fears people had of ghosts and the supernatural.

First broadcast: 12 Jul 2011

Image for 12/07/2011 Not currently available

BBC © 2014 The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.

This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.

Added. Check out your playlist Dismiss