Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 4

Sa chlár seo tugann John a thuairim faoi mheath na Gaeilge ina cheantar dúchais, Rann na Feirste, agus cuireann sé síos ar an dóigh a raibh sí nuair a bhí sé féin ag fás aníos. Cuid de shraith speisialta í seo ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.

CEANN DUBHRANN 4 - TRANSCRIPT

Sé do bheatha agus tá fáilte romhat ar ais go dtí Ceann Dubhrann, sraith cláracha ar an seanchas agus ar an Ghaeilge bhreá atá le fáil go fóill anseo i Rann na Feirste. Is mise Antaine Ó Donnaile agus i mo chuideachta anseo tá John Ghráinne arís agus fáilte romhat ar ais, a John, go clár eile de Cheann Dubhrann.

Go raibh míle maith agat, a Antaine.

Bhuel, an clár deireanach a rinne muid ansin, bhí tú ag trácht ar Choláiste Bhríde agus gur tháinig Lorcán Ó Muirí agus Seán Mac Maoláin anseo sa bhliain, cad é a bhí ann, 1926 a dúirt tú. Agus ag deireadh an chláir sin chuir mé ceist ort faoin dearcadh a bheadh ag an bheirt sin dá mbeadh siad ar ais linn sa lá atá inniu ann. Agus thoisigh tú a chaint ansin faoi mheath na Gaeilge sa cheantar, go bhfuil sí ag ísliú agus go bhfuil sí ag imeacht. Ach cad é mar a bhí an Ghaeilge le linn duitse bheith ag fás aníos, nuair a bhí tú i do ghlas-stócach?

Bhuel nuair a bhí mise i mo ghlas-stócach agus roimhe sin ó tháinig cuimhne chugam, bhí seanGhaeilge bhreá anseo i Rann na Feirste. Agus ar ndóighe, cad chuige nach mbeadh nó ní raibh an dara canúint acu ach Gaeilge. An té a raibh – b’fhéidir go raibh Béarla ag an tsagart agus ag an dochtúir agus ag daoine mar sin. Ach mar a dúirt mé, ní raibh a dhath ag an ghnáthdhuine ach Gaeilge. Agus seanGhaeilge bhlasta a bhí inti !
Anois níl mise á rá go bhfuil an Ghaeilge ag imeacht as Rann na Feirste. Ach tá an Ghaeilge ag truailliú. Tá sí mar a déarfá idir dhá cheann an mheácháin cé acu a rachaidh sí chun tosaigh nó a rachaidh sí chun deiridh. Tá mé ag caint ar an taos óg anois. Tá mé ag caint ar pháistí. An gnáthdhuine thart fá m’aois-se, tá an tseanGhaeilge a bhí ann, tá trí scór agus ceithre scór agus céad bliain ó shin nó na daoine a raibh mise ag éisteacht leo ag caint nuair a tháinig cuimhne chugam féin, bhí siadsan an t-am sin ceithre scór. Agus tá sé – mise ag druidim suas ar na ceithre scór. B’fhéidir nach bhfuil mé na ceithre scór ach tá mé fá chic sa tóin dó!
Agus an difear atá idir an t-am sin agus atá idir an lá inniu, tá difear mór ann. Anois tuigfidh na páistí agus an gnáth – achán duine i Rann na Feirste – Gaeilge. Agus labhróidh siad í. Ach caithfidh tú fios bheith agat cad é mar a labhróidh tú Gaeilge leo. Níl maith domsa a ghabháil a chaint mar a rachainn a chaint tá trí scór go leith bliain ó shin nó ní thuigfidh siad mé. Bhuel duine ar bith atá faoi chúpla scór bliain ar chor ar bith, ní thuigfidh siad cuid mhór de mo chuid cainte.
Mura mbeadh ann ach dá dtigeadh duine isteach anseo chugamsa anois agus mé á rá leis – duine den mhuintir óga – go bhféadfainn iog a ghearradh sa mhaide mhullaigh, níl mé ag déanamh go dtuigfeadh siad mé ar an ábhar, níl maide mullaigh ar bith le feiceáil againne anois. Tá na tithe déanta suas go maith agus nach bhfuil maide mullaigh ar bith le feiceáil.

Is é. Agus sin rud nuair a tharlaíonn rud iontach, cuireann tú eang sa mhaide mhullaigh – sin an rud atá ann?

Má tharlaíonn a dhath iontach nó má thig duine isteach chugat nach raibh istigh le blianta nó le tamall fada, is ionann sin is a rá, caithfidh mé marc a choinneáil ar an lá a tháinig tú isteach anseo, tá sé an fad sin ó bhí tú istigh roimhe nó b’fhéidir nach raibh tú istigh riamh roimhe. Agus marc – sin iog a ghearradh sa mhaide mhullaigh. Ar ndóighe, tithe ceann tuí a bhí againne an t-am sin agus bhí an maide mullaigh le feiceáil nuair a d’amharctá suas. Ní hionann é agus inniu.
Anois sin ceann de na rudaí – leigheas ar shúile tinne tú a fheiceáil. má bhí tú ag cur fáilte mhór roimh dhuine ‘leigheas ar shúile tinne tú a fheiceáil.’

Mar a deirtear sa Bhéarla : ‘a sight for sore eyes.’

Bhuel, creidim go ndeir an Béarla sin. Ach sin leagan cainte a bhí againne. Agus cuid mhór de na rudaí sin – dá mbíodh beirt in adharca a chéile agus achán fhear den bheirt acu deathairiseach duitse – b’fhéidir fear acu ina chomrádaí mhór duit agus an fear eile iontach muinteartha duit. Agus chuaigh tú a dhéanamh, b’fhéidir, eadraiscín eadarthu má chuaigh siad a ghabháil i gceann a chéile. Chuaigh tú a dhéanamh eadraiscín. Agus sheasaigh tú suas don fhear a bhí muinteartha duit agus déarfadh daoine : ‘mar is deas do dhuine a chóta, is deise dó a léine.’ Agus ní thuigfeadh saol an lae inniu sin.
Agus tá sin againne go dtí an lá a bhfuil inniu ann, na daoine atá thart fá m’aois-se. Mar is deas do dhuine a chóta, is deise dó a léine. Tá do léine in aice do chraicinn. Tá do chóta taobh amuigh de sin. Agus i ndiaidh an iomláin, nuair a théid an chúis go cnámh na huillinne, cuntasann an fhuil cuid mhór. Má tá do chuid fola i nduine. Agus sin leaganacha cainte. Leag cuid mhór de na rudaí sin.
Dá ndéarfá le duine go dtug tú léim ón tine chun na gríosadh, sa lá atá inniu ann, níl mé á rá go dtuigfí thú. Chaithfeá míniú mór a thabhairt dó, go dtearn tú droch-athrú, gur athraigh tú agus gurbh mheasa an t-athrach a rinne tú ná an áit a raibh tú an chéad uair. Agus déarfaidh tú é i gcúpla focal, go dtug tú léim ón tine chun na gríosadh.
‘Ní hionann a ghabháil chun an bhaile mhóir agus a fhágáil.’ Is iomaí rud a thiocfadh a theacht in do bhealach. Agus má bhíthear ag fanacht leat agus má bhí duine inteacht á rá : ‘d’iarr mé air gan a bheith ann ach bomaite agus bheith ar ais in am le cá bith rud ar cuireadh fána choinne thú’ agus ní raibh tú ag teacht in am agus bhí siad ag caint gur cheart duit bheith ansin. Agus dúirt duine inteacht : ‘Bhuel, b’fhéidir, ní hionann a ghabháil chun an bhaile mhóir agus a fhágáil.’

Agus mura mbeadh ann ach ag caint ar dhaoine, b’fhéidir go dteachthar a chaint ar a leithéid siúd nó a leithéid seo d’fhear. Agus déarfaí go raibh sé ina sheasamh ansin ag caint agus ag caint agus mura raibh mórán suime i gcuid - ina chuid cainte. Agus é á rá rud inteacht nach raibh tú ag éisteacht leis rómhór, déarfá go raibh sé ina sheasamh ansin agus é ag scolgornaigh agus gan a dhath in chuid cainte ach placa siollaí. Sin a bhéal, plaic de rud nárbh fhiú a ithe. – placa siollaí.
Agus bhéarfaí buimléir air - níl a fhios agam an dtuigeann siad buimléir anois. Bhí sé ansin ag buimléireacht. Má tá tú ag buimléireacht, tá tú ag teacht amach le caint nach bhfuil mórán ar a cúl, caint nach bhfuil suim ag duine ar bith inti. Níl ann ach buimléir de dhuine.

Agus tá focal eile a chuala mé – plobaireacht.

Plobaireacht. Agus bhuel bíonn leanbh beag atá ag foghlaim an dóigh le caint nó ní ag foghlaim ar bith nó is leanbh é – bíonn an chaint ag teacht chucu, is bíonn siad ag plobarsaigh – plobarsaigh chainte. Agus deir muid sin le duine atá mantach. Duine mantach – duine nár fhág Dia an chaint aige mar is ceart. Ní bhíonn sé ach ag plobarsaigh.
Agus tá rud eile ann nach dtuigfí inniu. Cuir i gcás go raibh duine inteacht ag caint liomsa agus nach raibh mé á thuigbheáil mar is ceart, nach raibh, mar shampla, b’fhéidir, daoine a bhfuil drochGhaeilge acu. Agus déarfaidh siad cuid mhór focla agus is é an rud a déarfainn le duine inteacht eile : ‘is doiligh ól gan síothló,’ gan síothló – síothláin an dtuigeann tú.
Caithfidh tú an bainne – nuair a bhlíonn tú an bainne ón bhó, caithfidh tú an bainne a chur fríd shíothlán agus coinneoidh sin na dúlagáin agus na ribeacha agus na rudaí, b’fhéidir, a tháinig ó úth na bó nuair a bhí tú a bleagán, coinneoidh an síothlán é. Agus rachaidh an bainne glan síos sa channa atá faoin tsíothlán. Agus ansin thig leat a ól. Ach is doiligh é a ól mura bhfuil sé síothlaithe. Ní thuigfidh tú – is doiligh é a ól – tá sé ag maíomh ; ‘ghlacfainn do chuid cainte a scrúdú go maith sula mbeinn ábalta ar í a thuigbheáil.’

Agus an drochGhaeilge a bhaint amach as!

Is é, bhuel, an drochGhaeilge – thig leis bheith i ngnoithe Gaeilge nó thig leis bheith, duine, b’fhéidir, a bhfuil bachlóg ar a theanga – duine nach bhfuil lúth na teanga go maith leis agus nach ndeir na focla glan soiléir go leor. Agus déarfaidh tú sa chás sin fosta : ‘is doiligh ól gan síothló.’

Bhuel dá mbeadh duine ag caint agus é ar meisce, cad é an cineál cainte a bheadh aige ansin?

Bhuel, go minic, mantach. Agus thig leat bheith mantach agus gan deoir ar bith ólta agat. Ach bíonn tú mantach agus bainimid úsáid mhór as bachlóg ansin. Bíonn bachlóg ar do theanga nuair a bíos braon ólta agat, ag corrdhuine ar scor ar bith. Tá daoine ann agus labhraíonn siad breá glan soiléir agus iad ólta go maith. Ach tá daoine eile ann agus is beag na deochanna uilig ach is bachlóg ar a dteanga.

Agus tá daoine ann nach labhródh leat agus gan deoch ar bith ar bord acu.

Ó nach seo agat é ! Tá daoine agat agus shílfeá nach leáfadh an t-im ina mbéal - tá siad chomh mín mánla le huain chaorach. Agus rachaidh siad agus ólfaidh siad deoch agus ní hé na daoine céanna ar chor ar bith iad! Tá siad ag cnadán agus ag caint agus ag cognadh. Agus d’fhág an saol acu. Ó tá a fhios agam iad. Is minic a bhí mé fá chuntar ina gcuideachta.
Sin rud eile, sin daoine drabhlásacha, b’fhéidir. Agus i gcoimhlint leis an lá inniu, níl a fhios agamsa fiú amháin an dtuigfeadh siad drabhlás mar is ceart. Anois tá difear mór idir drabhlás agus réice. Thig leat réice a fháil agus bíonn an réice – chuirfeadh daoine síos dó go bhfuil sé drabhlásach. Ach thig leis an réice gan bheith drabhlásach.
Tá réice fir nó réice mná ach oiread ar shiúl ansiúd agus anseo agus níl aon troid mhadadh sa tír nach bhfuil siad aige. Agus tá dúil in spórt agus i gcuideachta acu is achán rud. Ach coinneoidh siad iad féin deas cóirithe. Agus coimheádfaidh siad a gcuid oibre. Agus ní thiocfadh leat drabhlás a thabhairt orthu. Ach thig leat réice a thabhairt orthu.
Ach tá an drabhlás an dóigh eile. Rachaidh an drabhlás sa dóigh agus gur cuma leis cad é mar atá sé cóirithe nó gur cuma leis cad é fá dhuine ar bith eile ach é féin – atá ar an drabhlás.
Agus aithníonn ciaróg ciaróg eile. Bíodh a fhios agat go n-aithníonn na drabhláis seo a chéile. Agus thig leis an drabhlás bheith iontach ionraice. Gheobhaidh tú, ar ndóigh, cosúil le achán dream daoine, gheobhaidh tú, b’fhéidir, daoine mí-ionraice fríofa. Ach de ghnáth, tá an drabhlás chomh hionraice leis an ghréin. Agus a fhad agus atá airgead ag drabhlás amháin, tá an drabhlás eile i gceart. Tá sé chomh maith agus dá mba aige féin a bheadh an t-airgead. Mar sin dó, tá cuid mhór le rá fán drabhlás fosta.

Is é. Nuair a tháinig mé féin isteach anseo cúpla lá ó shin, ag déanamh an chéad chláir, bhí an páiste – an tachrán – ag súgradh ag do chosa agus thug tú drabhlás ar an pháiste.

Thug mé drabhlás ar an pháiste! Cionn is gur chuma leis an pháiste cá háit a suífeadh sé nó cá háit a gcaithfeadh sé nó cad é a tharraingeodh sé anuas a fhad agus a bhí sé féin sásta. Chuaigh sé ar aghaidh lena ghnoithe féin agus bí thusa sásta nó míshásta. Agus tháinig tú isteach anseo agus achán rud caite bun os cionn aige ! Agus cad é a thiocfadh – bhí an drabhlás ar fhocal chomh maith agus a thiocfadh liom a thabhairt air!

Agus cad é an rud eile sin – is cuma leis an óige cá gcuireann sí a cos.

Tá sin fíor. Agus rud deas an óige. Tá sé – deireann muid : ‘Is deas an rud an óige, coinnímid go fóill í. Siúlann sí go seolta nuair a thógann sí ceann.’ Ní fhaca mé a dhath riamh ba deise liom ná buachaill óg nó cailín óg a fheiceáil agus iad ag baint sult agus sásamh as an tsaol cionn is go bhfuil a fhios agam anois nach bhfuil ann ach seal beag gairid.
Féadfaidh daoine nuair a rachaidh siad suas i mblianta a ghabháil a dh’éirí thuas ar an aois agus ag ligint orthu féin go bhfuil siad óg. Ach ní mhaireann an óige. Is cuma, níl – ní thig leat barraíocht cur i gcéill a dhéanamh leis an óige. Is cuma cad é chomh hóg ag amharc leat, tá do chroí ag inse duit go bhfuil na blianta caite.
Tá cuid mhór focla fá choinne cuid mhór daoine, an dtuigeann tú. Gheobhaidh tú bean agus thig leat málóid a thabhairt uirthi – málóid. Sin bean nach bhfuil mórán céille lena cuid cainte. Chuala tú go minic, b’fhéidir, málóideacht chainte. Agus duine inteacht – bean – thig le fear málóideacht chainte bheith aige fosta ach bheirtear málóid ar bhean agus ní thugtar ar fhear. Agus is cuma cé hí féin, thig leat málóid a thabhairt uirthi.
Agus ansin tá cnutharláid againn, cnutharláid – sin bean nach bhfuil deas déanta, bean cineál, b’fhéidir, bhuel, níl sí i saol an lae inniu. níl sí deas déanta. B’fhéidir go bhfuil sí róchrom – b’fhéidir go bhfuil sí cineál crom sna slinneáin. Agus b’fhéidir nach bhfuil sí deas déanta agus thig leat cnutharláid a thabhairt uirthi. Agus bhéarfaidh tú cnutharláid go háirithe uirthi má tá sí ag málóideacht chainte. Thig leis an dá chuid bheith ar aon bhean amháin
Thig leat tonnóg a thabhairt ar bhean – bean a bhfuil cosa gairide uirthi.

A fhad is nach bhfuil sí ag éisteacht!
A fhad is nach bhfuil sí ag éisteacht! Sin nó má tá sí ag éisteacht agus tú ina héadan, ag cur ina héadan, thig leat tonnóg a thabhairt uirthi.
Ach ansin an fear. Tá an fear an dóigh chéanna. Gheobhaidh tú fear agus má tá loirgneacha caola air agus é ar iarraidh ina cheirteach agus gan é líon lán cosúil le mar a bheadh an gnáthfhear, bhéarfaidh tú céasánach air – céasánach – sin do chéasán, do leath deiridh síos ansin. Sin do chéasán agus bhéarfaidh tú céasánach ar an fhear.
Níl aon bhogfaidh a ndéanfaidh tú anois ná aon fhocal a dtiocfadh liomsa a labhairt nach dtiocfadh liom samplaí a thabhairt duit fá dtaobh den dóigh chainte a bhí acu roimhe seo.

Agus luaigh tú cúpla lá ó shin fosta fear a bheadh ina úspaire –
– duine garbh.

Sin úspaire. Bhéarfaidh tú úspaire ar oibrí maith fir, b’fhéidir, ach oibrí garbh fir – oibrí a chaithfeas suas cá bith atá sé a dhéanamh agus nach n-amharcann cé acu atá sé deas déanta nó nach bhfuil. Tá an obair déanta agus is cuma leis mín nó garbh é ach an obair a dhéanamh. Agus sin úspaire a bhéarfaidh muid air sin. Agus an áit a bhfuil fear bláfar, ní dhéanfaidh sé úspaireacht ar bith. Dhéanfaidh sé achán rud go bláfar agus go deismir. Agus sin an difear atá idir úspaire agus fear bláfar. Tá an t-úspaire ann cinnte.
Ach ansin tá daoine ann atá ceacharthach. Agus tá an cheacharthacht iontach truaillithe. Anois tá seanfhocal againn : is fiú do dhuine bheith bocht ach ní fiú dó bheith truaillithe. Is fiú duit a ghabháil amach agus déirce a chuartú agus gan a bheith ag cur i gcéill go bhfuil a dhath agat ach go bhfuil tú ag cuartú na déirce. Ach má tá tú truaillithe, sin a oiread agus a rá, níl tú a ghabháil a fháil a dhath ar bith uaimse ach an rud a chaithfidh mé a thabhairt duit.
Má théann tú chun tsiopa, agus san am a chuaigh thart, bhí miosúr ar an chuntar. Agus mheáfadh siad an rud agus léifeadh siad – b’fhéidir gur chuir siad milseán de bharraíocht isteach agus thug siad an milseán amach agus bhí sé rud beag ró-éadrom. Agus bhí sé róthrom lena chur isteach agus choinnigh siad an milseán sula gcuirfeadh siad an fichiú cuid d’unsa, b’fhéidir - sin daoine truaillithe.
Agus ansin tá cuid mhór ainmneacha orthu. Tá siad truaillithe. Tá siad santach. Agus tá siad ceachartha. Daoine ceachartha – daoine nach ligfeadh a gcroí daofa – tá mé ag déanamh go bhfaigheadh siad bás dá ndéanfadh siad gar do dhuine. Sin daoine nach dtig leo gar a dhéanamh, nach dtig leo rud maith ar bith a dhéanamh do dhuine ar bith.

Bhuel, cad é faoi dhaoine ar maith leo bheith ag troid - daoine garbha agus daoine a bheadh sásta ghabháil in achrann lena chéile?
Bhuel, tá siad sin ann cinnte. Daoine breátha rascánta – garbh - atá réidh le troid. Ach tá dhá chineál daoine ann. Tá daoine ann – daoine maithe agus i súile an phobail, daoine garbha atá iontu – ach taobh istigh den duine sin tá croí maith. Agus tharraingeodh an duine sin buille agus bhuailfeadh sé tú amach as maol a chonláin – amach as maol a chonláin! Go díreach ní thiocfadh leis an dara rudaí – smaointiú ar an dara rud ach tú a chnagadh. Agus an bomaite a bhí sin déanta, dá dtiocfadh leis gar a dhéanamh duit, dhéanfadh sé gar duit.
Ach tá daoine eile ann agus ní bhuailfeadh siad tú. Shuífeadh siad agus bheadh siad ag caint leat. Ach tá siad namhadach – daoine namhadacha. Agus sin na daoine contúirteacha. Sin an mhuintir – thig leo sin bheith ag gearradh do sceadamáin ar chúl do chinn i nganfhios duit agus is doiligh tú féin a choimheád orthu sin.
Ach is furasta tú féin a choimheád ar an té a bhéarfas sclámh ort agus tú réidh fána choinne, tá a fhios agat. Tchíonn tú an chontúirt mar a deir muid. Tá an taobh garbh dó taobh amuigh. Tchíonn muid an taobh garbh dó. Ach an bithiúnach atá cineál milis leat agus an taobh garbh istigh, is doiligh tú féin a choimheád ar an duine sin. Ó tá cuid mhór cineálacha daoine ann, an dtuigeann tú.
Ansin tá daoine ann agus tá siad maith go leor a fhad agus atá siad féin ag gabháil ar aghaidh go maith. Is cuma leo cad é mar atá tusa ag gabháil ar aghaidh. Ach má théann siadsan a ghabháil síos sa tsaol, seo ar ais é. Is cuma leo a ghabháil síos i dtaca le holc ach tusa a ghabháil síos ina gcuideachta. Sin daoine agus an bhfuil a fhios agat, daoine léirsteanacha a bheireann muid orthu – daoine léirsteanacha.
Daoine agus cuir i gcás go raibh tusa ag fágáil an tí seo agus ag gabháil suas an bealach ansin giota beag agus má bhí píosa beag bídeach dena gcuid talamh ag teacht trasna ansin, thiocfadh siad amach agus déarfadh siad : ‘ní thig leat a ghabháil an bealach sin, caithfidh tú a ghabháil thart. Níl cead agat a ghabháil an bealach sin – liomsa an talamh sin.’ Sin daoine léirsteanacha. Daoine ar maith leo a ngnoithe féin go hiomlán. Agus gan duine ar bith ag cur isteach orthu – daoine léirsteanacha.
Ach nuair a smaointím ar an – sin an difear atá idir an t-am seo a bhfuil muid anois ann agus an t-am a chuaigh thart. Ní an treas focal de na rudaí sin agus ní thuigfeadh duine ar bith atá faoi deich mbliana agus fiche ar scor ar bith. Anois, os a chionn sin, is dóiche go dtuigfeadh siad go maith é ach go raibh siad ag déanamh dearmaid dó.
Ach i dtaca leis na páistí dó, níl na páistí á fháil – níl na páistí ag fáil na bhfocal sin anois mar a dúirt mé. Níl na focail sin in úsáid anois. Níl an obair ag gabháil agus níl na rudaí ag gabháil a bhí ag gabháil nuair a bhí … Ach taobh amuigh de sin, sílim féin go bhfuil scoith na Gaeilge ann go fóill.

Is ea. Bhí mé ag gabháil a chur an cheist sin ort arís. Tá tú mar a bheadh Oisín i ndiaidh na bhFiann agus tú i do shuí anseo agus daoine óga de chuid na Gaeltachta ag bualadh isteach is amach as an teach seo – scoláirí, lóistéirí atá ar Choláiste Bhríde anseo – mo mhacasamhail féin anseo. An bhfuil tú dóchasach faoin Ghaeilge? An bhfuil sí ag ísliú agus ag meath i gcónaí, do bharúil, nó cad é an bealach a rachaidh sí?

Bhuel, mar a dúirt tú, tá mé mar Oisín i ndiaidh na bhFiann. Agus níl a fhios cén lá acu seo a bhrisfidh siosógach ‘tar liom’ mar a bhris le hOisín. Ach mo dhearcadh ab é ar cad é an bealach a rachas an Ghaeilge? Bhuel, sin ceist mhór. Ach tá mé dóchasach. Tá muinín mhór agam as an obair atá daoine a dhéanamh ar son na Gaeilge anois. Agus tá daoine dáiríre ag obair go crua ar son na Gaeilge.
Agus ní aon chur i gcéill ar bith atá – tá daoine, b’fhéidir, ag cur i gcéill agus ag foghlaim rud beag Gaeilge le post a fháil. Agus ar ndóighe, níl a dhath ag duine ar bith in éadan duine post a fháil. Ach más sin an rud amháin a bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge fána choinne, ní bheidh mórán Gaeilge acu nó dhéanfaidh siad dearmad de cá bith a d’fhoghlaim siad.
Ach tá daoine ag obair go crua ar son na Gaeilge agus tá mise iontach dóchasach. Ní hé seandaoine agus seanmhná na Gaeltachta atá ag gabháil a choinneáil na Gaeilge beo. Tá a fhios againn an méid sin. Tá mo chos amuigh agus cos istigh san uaigh ag na daoine a bhfuil smior na Gaeilge acu. Ach is gaire go bhfuil an dá chos, tá eagla orm, san uaigh acu. Agus tá sé i muinín na ndaoine seo atá ag obair agus ag obair go crua ar son na Gaeilge.
Agus beidh Gaeilge ann agus go leor di, go leor di. Agus tá a fhios agamsa go dtiocfaidh an lá sin ach an chontúirt agus an trioblóid atá ann: dá mbínnse beo an t-am sin agus cá bith a bheas beo de mo mhacasamhail, tá eagla orm nach mbíonn mórán tuigbheála againn ar an Ghaeilge, beidh an oiread sin athruithe ann. Beidh an t-athrach ann. Beidh daoine ann, ar ndóighe, a phiocfas suas agus a choinneos cuimhne air ach beidh siad fíorbheag.
Tá cuid mhór Gaeilge anois á fhoghlaim agus á theagasc ach níl mórán de na seanrudaí a bhí ag gabháil nuair a bhí mise i mo ghasúr. Níl mórán de sin ann. Agus bheirim fá dear sin nuair a théim síos chun na coláiste agus nuair a théim a chaint. Rachaidh muinteoir a chaint agus ar ndóighe, teagascfaidh an múinteoir daofa cad é achán rud go maith agus go hiontach maith. Ach rachaidh mise isteach agus labhróidh mise. Agus tiocfaidh mise amach. Agus labhróidh mé mar a labhair mé ariamh gan cur chuige ná uaidh. Ach ní thuigeann siad mé.
Agus tá mé i ndiaidh bheith ag caint gur doiligh ól gan síothló. Féadfaidh an múinteoir ansin le hé a shíothló chomh maith agus a thig leis sa dóigh a dtuigfidh na scoláirí é. Ach sin an dóigh atá ar an Ghaeilge. Beidh Gaeilge ann ach beidh sí truaillithe thar mar a bhí sí nuair a bhí mise ag éirí aníos.

Bhuel, arís, a John, tá leathuair an chloig eile déanta agus líonta go barr againn. Agus níl le rá agam anois ach go raibh míle maith agat as clár eile a dhéanamh linn. Agus tá mé ag dúil go mór leis an chéad chlár eile.

Go raibh céad maith agat féin, a Antaine. Bhain mé sult agus sásamh ansin a fhad agus a bhí mé ag caint leat.

GLUAIS:
iog = eang : notch
an maide mullaigh : ridge pole
deathairiseach : very loyal
eadraiscín = eadráin : conciliation
scolgornaigh : cackling
plaic : a large bite
buimléir = buimbiléir : foolish talker
plobaireacht : babbling
plobarsaigh : stuttering, indistinctive talking
mantach : defective, stammering
síothlán : strainer
dúlagáin : specks
ribeacha : hairs
úth : udder
bleagan = bleán : milking
bachlóg tá bachlóg ar do theanga : you are indistinct of speech
cnadán, ag cnadán : groaning
cognadh, ag cognadh : chewing
drabhlás : carouser, waster
drabhlásach : given to drinking and dissipation
málóid : silly, chattering woman
málóideacht : silliness
cnucharláid = cnuchaire : hunched person
céasán : lean or narrow rump
céasánach : a person with a narrow rump
úspaire : slogger, hack
úspaireacht : heavy, unskilled work
bláfar : neat, tidy
deismir : fine, neat
truaillithe : mean
ceacharthacht : meanness
namhadach : hostile
sclamh : snap
bithiúnach : scoundrel
léirsteanach : mistrusting, niggardly

Duration:

29 minutes

This clip is from