Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 6

Sa chlár seo labhraíonn John faoin obair throm a bhí le déanamh ag na fir sna goirt, agus na cruatain a bhí le fulaingt acu. Cuid de shraith speisialta ina labhrann Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.

CEANN DUBHRANN 6 - TRANSCRIPT

Sé do bheatha agus tá fáilte romhat ar ais go heagrán eile de Cheann Dubhrann ina mbeidh mé féin, Antaine Ó Donnaile agus John Ghráinne ag plé cúrsaí éagsúla de chuid Rann na Feirste agus sa chlár seo, gnéithe éagsúla den saol a chaith muintir na Rosann agus muintir Ghaoth Dobhair in Albain. A John, tá fáilte romhat ar ais chun an chláir.

Go raibh maith agat, a Antaine.

Bhuel, nuair a chríochnaigh muid an clár deireanach ansin, bhí tú ag caint fá thanú na ndtornaipí, an chéad rud a bhí le déanamh ag muintir na Gaeltachta nuair a chuaigh siad anonn go hAlbain. Cad é a bhí i gceist nó cad é an obair a bhí le déanamh ina dhiaidh sin?

Ó bhuel, ní raibh an obair ag toiseacht mar is ceart go dtí go raibh na turnips tanaithe. Tháinig obair féir agus fómhair ina dhiaidh sin. An féar, bhí an féar le baint. Agus thart fá thús Mhí Iúil a thoiseodh obair an fhéir. Agus ba é sin obair mhasla an t-am sin. Bhainfí an féar agus bhí an féar - má tháinig aimsir mhaith ba é sin mar ba mheasa don Éireannach é. Má tháinig aimsir mhaith, fuarthas an féar giollachtaiste iontach gasta. Agus fuarthas i gcruaich é.
Ach má tháinig aimsir nó breacaimsir – aimsir lá maith agus lá olc agus aimsir nach raibh chomh maith sin – bhí sin ag fóirstean i gceart don Éireannach. Ní thiocfaí an tÉireannach a ligean ar shiúl, an dtuigeann tú, go bhfeicfí an féar istigh. Agus ba é sin obair chomh maslach – bhuel níorbh é an obair ba mhaslach sa bhliain í ach bhí sí ar cheann de na hoibreacha ba mhasla.

Bheadh an obair sin trom go leor ach dá mbeadh an féar gearrtha agus ina luí agus dá dtiocfadh cith ansin, bheadh sé le triomú agus le tiontú arís, nach mbeadh?

Nach seo agat é! Chonaic mise cuibhreann mór féir gearrtha agus cá bith ba scéal dó ba mhaith leo tú é a thiompó díreach i ndiaidh é a ghearradh, gan mhoill ar scor ar bith. B’fhéidir má bhí an lá maith, cúpla uair a thabhairt dó agus é a thiompó. Agus is minic - nár aifrí Dia orainn é - bheimis ag urnaí nuair a bheadh sé tiompaithe go dtiocfadh braon fearthainne nó dá leanfadh an aimsir mhaith ar aghaidh i ndiaidh cúpla seachtain bhí muid ar an bhealach ar ais.
Ach bíodh a fhios agat go raibh obair an fhéir ina hobair iontach throm. A Dhia, bheifeá agus tú ag cur suas an fhéir sin, cruacha móra arda. Agus chuirfí dréimire suas le taobh na cruaiche agus bhéarfaí beilt duit. Agus cheanglófá an bheilt sin den dréimire agus chuirfeá an bheilt thart ar do chorp sa dóigh go mbeifeá ábalta ar tú féin a ligean amach agus tabhairt isteach ar ais agus an féar a chur suas chuig an fhear a bhí ag déanamh na cruaiche.
Agus san am sin bhí an t-allas ina rith síos ar do dhroim. Ach níorbh é an t-allas is mó a bhí ag tabhairt trioblóide duit ach nuair a ghreamódh pór an fhéir san allas, thiocfadh tochas iontach in do dhroim. Agus ní mó ná go bhfaigheá faill tú féin a thochas. Ní raibh maith duit tú féin a thochas. Chaithfeá seasamh i rith an lae do do thochas féin.
Agus ní raibh a dhath ar bith ann, bíodh a fhios agat, nuair a bheadh an lá istigh, ach a ghabháil isteach a luí. Agus b’fhéidir, bhuel, chumalfá éadach de do dhroim leis an gharbhchuid de phór an fhéir a bhaint dó. Ach sin a raibh ann. Ní raibh a leithéid de rud ann agus folcadh nó siúd nó seo. Agus bhí an obair iontach trom ag an fhéar.
Agus - ach mar a déarfá bhí an Samhradh ann agus má chuaigh tú chun an bhealaigh róluath, bhí tú ábalta luí amuigh nó bhí tú ábalta ar ghabháil chuig duine inteacht a raibh - anois bhí rud amháin ann: bhí a fhios agat cá háit a raibh achán duine ag obair. Ba ghnách linn a ghabháil má bhí tú de dheas do theach an phobail ar chor ar bith, má bhí tú ar shiúl cúpla uair de theach an phobail chuaigh tú chun aifrinn achan Domhnach.
Agus ag an aifreann, chasfaí daoine ort a bhí ag obair ansiúd agus anseo. Agus chuirfeá ceist cá raibh siad ag obair agus cad é an sórt bídh a bhí ann agus seo – och comhrá breá a bheadh ann. Agus bhí a fhios agat cá raibh achan duine ag obair. Agus má bhí tú as obair, shiúil tú agus chuaigh tú chucu sin.
Ach ba é an fómhar – thiocfadh an fómhar ansin. Agus an bhfuil a fhios agat go bhfaigheá, b’fhéidir, scilling nó beirt níos mó de pháighe san fhómhar ná a gheofá ag an fhéar. Níl a fhios agan – ní thuigim cad chuige – ach ba chuma leo – bhí tábhacht mhillteanach acu leis an fhómhar. Agus b’fhéidir go dtiocfadh am stad.
Anois bhí am stad ar a sé a chlog. Thoisigh tú ar a hocht ar maidin, b’fhéidir, ar leath i ndiaidh a seacht corruair. Agus ar a sé a chlog tráthnóna bhí do lá istigh. Ach ar a sé a chlog tráthnóna dúirt an feirmeoir leat: ‘Ó ní thig leat stad anois. Caithfidh muid oibriú linn.’ Agus is é an pháighe a fuair tú ansin, an t-airgead a fuair tú ar shon an obair mhall seo a theacht amach, duine inteacht a theacht amach agus b’fhéidir sciléad bracháin nó b’fhéidir tae leo.
Agus a Dhia an tae a bhí ansin, bhí sé mar a bheadh uisce liath ann. Dhéanfadh punta tae cúig bliana dhuit. Bhí sé mar a bheadh uisce liath ann. Ach sin anois an t-airgead, sin anois an t-airgead an rud a fuair tusa agu b’fhéidir gur oibrigh tú go dtí a naoi a chlog san oíche air sin. Thug siad, b’fhéidir, cúpla scilling de bharraíocht de pháighe duit. Ach bhí agat le hoibriú i rith lae agus i rith oíche dá mbeifeá a dhíobháil.
Mar sin dó bhí an obair crua agus bhí an t-airgead gann. Agus san am sin bheadh muintir na háite seo ag caint ar fhear iontach chríonna chéillí nár chuir airgead ar bith amú agus a bhí iontach cúramach fána chuid airgid agus a tháinig chun an bhaile agus fiche punta leis ar shon an tséasúir. Anois fiche punta! Táirg fiche punta sa lá daofa inniu agus rachaidh siad a gháirí fút! Ach sin an t-airgead a bhí cuntaiste in airgead mhór. Ar ndóighe, bhí daoine ann nach raibh sin ná baol air, nach raibh a dhath ar bith - bhí sé i muinín cad é an t-ádh a bhí ort.
Agus bhí rud eile ann agus thig liomsa sin a rá, fear ar bith a chuaigh anonn agus gasúr leis – anois chuaigh mise anonn i mo ghasúr le m’athair agus - anois ní thiocfadh le d’athair imeacht agus tú a fhágáil agus gan eolas agat ar an tír agus gan fios agat cad é an sórt oibre a raibh tú ag gabháil ina ceann.
Agus is minic a chonaic mise m’athair ag fáil oibre ach ní ghlacfaí an gasúr. Ní raibh an gasúr a dhíobháil orthu. Agus d’fhág sin mé féin agus m’athair ar an bhealach. Agus obair le fáil ag m’athair agus ní thiocfadh leis mise a fhágáil. Agus ní m’athair sin ach go leor diomaite dó.
Agus tá cuimhne agam - chuaigh mé a dh’obair in Albain. Agus fuair m’athair obair agus fuair sé mise isteach ina chuideachta. Agus fuair m’athair punta agus cúig scillingeacha sa tseachtain. Agus fuair mise cúig scilling déag sa tseachtain. Sin anois seachtó a cúig pingin creidim d’airgead an lae inniu fá choinne na seachtaine. Ach an rud a bhí millteanach fá dtaobh dó, bhí siad ag dúil - is cuma cúig scilling déag ansiúd ná anseo - bhí siad ag dúil le mise an obair chéanna a dhéanamh agus a bhí m’athair a dhéanamh san am sin.
An dtuigeann tú, bhí siad ag glacadh buntáiste – ‘ó, gheobhaidh mé saor é agus bainfidh mé an obair amach as.’ Agus d’iarr mé féin - is cuimhneach liom, bhí mé ag obair agus ag obair go crua agus bhí m’athair ag obair fosta. Agus bhí muid inár luí i gceann stábla agus bhí muid i rith am féir agus i rith am fómhair ann. Bhí muid tamall maith den tsamhradh ann.
Agus fuair muid ár bpáighe an oíche seo, oíche Shathairn. Agus ar maidin Dé Domhnaigh – ó ní dhearna muid pingin rua – ar maidin dé Domhnaigh, bhí siad i bhfách iontach le muid fanacht tamall eile – ní raibh rudaí críochnaithe suas acu. Ach bhí barúil agamsa agus ag m’athair go dtiocfaí níos mó airgid a dhéanamh in áit inteacht eile.
Agus d’éirigh muid ar a cúig a chlog roimh an lá. Thug achan fhear againn leis a mhála féin agus trasna an chnoic isteach go dtí baile - tá cuimhne agam ar an bhaile ó shin isteach - go dtí baile a raibh Carloog air. Agus d’fhan muid inár suí ar shuíochán a bhí ar thaobh sráide ansin go dtí gur thoisigh na busanna. Agus fuair muid bus isteach go dtí baile a bhfuil Lanark air. Agus fuair muid obair. Bhí barúil againn ar obair. Fuair muid obair agus fuair mise páighe fir. Agus níor chuma liomsa sa donas ach fios a bheith ag achan duine go raibh páighe fir agam. Bhí mé i m’fhear ansin.
Agus tá cuimhne agam ar an chéad deoch a d’ól mé riamh. Agus tá cuimhne agam ar an áit a d’ól mé é. Tháinig mé isteach – ní raibh mé ag obair san am seo – bhí mé ag gabháil thart ag cuartú oibre. Bhí m’athair ag cuartú oibre fosta. Agus tháinig mé isteach i dteach agus chuir mé ceist ar fhear eile as an bhaile an bhfaca sé m’athair. Bhí mé fá choinne dá dtiocfadh liom cúpla scilling a fháil. Agus dúirt sé: ‘tá sé istigh sa teach tábhairne sin ag ól, é féin agus cúpla fear eile.’
Agus chuaigh mé isteach agus bhí triúr acu ina suí ag tábla agus pionta leanna ag achan fhear acu. Ní raibh iomrá ar bith ar uisce bheatha an t-am sin. Ní raibh a luach acu. Agus d’éirigh an fear seo agus dúirt sé liomsa: ‘cad é a ólfaidh tú?’ Dúirt mise: ‘Níl mé ag ól. Ní ólfaidh mé a dhath ar bith.’ Agus dúirt an fear eile liom: ‘Arú, ól pionta leanna agus bí cosúil le fear.’ ‘Maith go leor,’ arsa mise. B’shin an chéad phionta leanna a d’ól mé riamh.

Agus cad é a shíl tú dó?

Shíl mé go raibh blas súinní air. Níor shíl mé go raibh sé deas ar chor ar bith. Ach d’ól mé é cionn is go raibh fir ag ól leanna agus gur mhaith liomsa bheith cosúil le fear fosta.
Ach chuaigh mé síos go teach an lóistín. Bhí muid ag baint fúinn an oíche sin ar an bhaile. ‘Arú, róchuma liom’ a dúirt mé. ‘Tá mé i ndiaidh bheith thuas ansin i dteach na tábhairne ag ól pionnta,’ agus tháing mé le a leithéid siúd d’airneáil air - ba mhaith liom achán duine fáil amach gur ól mé pionnta le bheith cosúil leis na fir.
Agus ansin, bhí cuid de na gasúraí – ní dhearna mise é – bhí cuid de na gasúraí agus ba mhaith leo é bheith le rá acu go raibh siad ag troid cosúil le mar a bhí Micheál Dhónaill Rua agus iad sin ag troid, go raibh siad ag troid. Agus chonaic mé iad ag cur troid ar sheandaoine beaga nach raibh a gcosnamh féin iontu fá choinne é bheith le rá acu go raibh siad ag troid. Sin ciall na ngasúr – caillfidh na gasúraí ciall is cuma in Éirinn nó in Albain iad.
Ach an obair ba mhillteanaí uilig go léir, tarraingt na dturnips fá Shamhain. Ó Dhia, bhí cuid acu sin iontach mór agus iontach trom le tarraingt. Agus chaithfeá - dhálta achán rud eile dhá phingin go leith as céad slat agus chaithfeá céad slat a dhéanamh sula mbeadh dhá phingin go leith déanta agat. Agus an fear a rinne deich scillinge, bhí iomrá mór leis gur oibrí millteanach a bhí ann. Deich scillinge sa lá - sin mar a rinne tú trí phunt sa tseachtain.
Agus nuair a thigeadh am tharraingt na dturnips, bhí an lá gairid agus bhí an oíche ag éirí fada agus ba ghnách linn a ghabháil a dh’airneáil ag na chéile go dtí an áit a raibh siad ag stopadh, b’fhéidir, cá bith cineál bothy a bhí acu, rachadh muid a dh’airneáil.
Agus bhí canna beag againn agus líonfadh muid d’uisce é agus chuirfeadh muid síos ar an tinidh é leath am luí – an rud a bhí againn anseo agus dhéanfadh muid tae. Agus nuair a bheadh muid istigh ag nár gcuid tae tráthnóna, bhí a fhios againn go mbeadh an t-arán seo a dhíobháil orainn. Agus bhéarfadh muid linn píosa den arán inár bpóca amach as an teach, ó theach an fheirmeora. Agus corruair, b’fhéidir, má bhí tú fán bhaile mhór, cheannaigh tú giota aráin. Agus sin an – tá tú ag caint ar oícheannaí comhrá sa Ghaeltacht anseo agus ar oícheannaí airneáil – bhí oícheannaí airneáil chomh maith sna bothanna fríd Albain agus a bhí sa Ghaeltacht riamh.

Agus ar ndóigh Gaeilge uilig a labhair sibh lena chéile.

Ó Gaeilge uilig go léir agus rud eile dó agus bímse ag caint go minic anois air, san am a bhfuil mise ag caint air bhí daoine as siar anseo, taobh siar den pharóiste agus labhair Gaeilge inniu ann agus déarfaidh siad leat nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Ach san am sin, na seandaoine as siar ansin a bhí ag gabháil go hAlbain, ní raibh focal amháin uilig go léir acu ach Gaeilge uilig go léir. Bheadh iontas ort fear a chluinstin ag caint i mBéarla.
Ach an lúchair ba mhó a thiocfadh lá nuair a tchifeá tú ag déanamh ar thaobh an chuibhrinn. Tháinig tú trasna an chuibhrinn agus bhí an cuibhreann déanta agat agus bhí a fhios agat nach raibh mórán maith duit ghabháil chun an bhealaigh mhóir ag cuartú tuilleadh turnips nó go raibh sé ag éirí rómhall sa bhliain, sin má bhí sé amach go measartha i mí na Samhna. Agus rinne tú suas d’intinn a theacht chun an bhaile.
Agus go minic, an mhuintir óga, mé féin ar dhuine acu, chuaigh mé isteach, nuair a bhí muid ag obair, chuaigh mé isteach gur fhág mé no mhiosúr ag tailliúr le culaigh úr éadaigh. Agus an chulaith úr éadaigh sin – an chuid ab fhearr den éadach – dhá phunta agus cúig scillinge. Sin culaith fiúntach éadaigh a gheofá. Agus tá a fhios agam gur - nach saoithiúil agus go bhfuil cuimhne agam go fóill ar an táilliúr – Harrison a raibh seo. Agus d’fhág mé éadach aige agus go leor chomh maith liom.
Agus thiocfá chun an bhaile agus tú deas cóirithe agus b’fhéidir, scilling nó beirt ar thóin do phóca. Agus shíl tú nach raibh aon duine bocht ar do chinneadh. Agus tú ag smaointiú ar an gheimhreadh a bhí romhat -cuideachta, agus damhsaíocha agus cruinníocha agus fidléirí.
Ach de thairbhe na hAlbana dó, bhí Albain iontach, iontach garbh ach bhí a cuid buntáistí féin ag Albain fosta. Casadh daoine ar a chéile. Rinne daoine suas le chéile. Tá cuimhne mhaith agam air - bheadh siad ag magadh agus b’fhéidir ar an bhealach anall ar an bhád go dtiocfadh fear acu a fhad leat agus go rachadh sé a chaint leat cosúil le mar ba ghnách leis an fheirmeoir labhairt. Fuair muid am crua i ndiaidh a ghabháil anonn ar tús.

Níor thuig mise Scotch agus bhí sé i muinín le cén pháirt den tír a raibh tú. Bhí cuid acu a bhí furast go leor a thuigbheáil agus cuid eile agus ní thuigfeadh an diabhal iad. Ó a Dhia inniu! Agus bheifeá - bheadh siad ag amharc ort agus bheifeása ag amharc orthusan go bománta agus gan ceach – bhuel, thuigfeadh siad sin an tÉireannach go measartha.
Ach is minic agus is minic na chéad bhlianta ab’éigean do m’athair fear teanga a dhéanamh domsa agus inse domsa cad é a bhí sé a rá, cad é a bhí an feirmeoir a rá. Ach ní raibh tú go holc - anois nuair a chuaigh an chéad chúpla bliain thart bhí d’athair i gceart. Bhí d’athair ábalta ar – bhí a fhios aige go raibh tú maith go leor le ghabháil ar aghaidh leat féin.
Agus bhí – ach ar ais, bhí ádhm cuid mhór ádh ag baint leis an scéal. Agus tá cuimhne agam bliain amháin a cheannaigh mé gearrán iarrainn fá choinne obair a chuartú. Agus goideadh an gearrán iarrainn uaim. Agus tá tusa ag caint anois - an bhfeiceann tú na carranna móra úra mórluachacha seo atá acu anois, ghoill sé a oiread ormsa an seanghearrán iarrainn a dtug mé a seacht nó a hocht de scillingeacha air - ghoill sé a oiread orm an gearrán sin, an gearrán iarrainn sin a chailleadh agus dá gcaillfeá carr mór fiúntach anois.

Agus ar ndóighe cad chuige nach ngoillfeadh? Ba é an t-ádh atá sé, shábháil sé na bonnaí, shábháil – ó bhí, bhí , bhí an siúl – bhí siúl – má bhí aimsir the ann agus tú ag siúl agus péire de bhróga troma táirní ort, tá mise ag inse duitse go raibh sé iontach olc.

Ní raibh mórán sílste den Éireannach in Albain. Ní raibh. Is minic a chuaigh tú go dtí doras agus a d’fhiafair tú an bhfaigheá braon uisce the – b’fhéidir go raibh gráinnín beag tae agat féin agus bhuail siad an doras in d’éadan, fiú amháin nach dtabharfaí braon uisce the duit.
Anois ní raibh siad uilig amhlaidh. Bhí cuid acu iontach deas agus chonaic mise mé ag gabháil go dtí doras agus d’iarr siad orm mo chuid tae a choinneáil agus ó níor lig siad isteach mé, ní raibh siad chomh maith sin. Ach thug siad amach tae agus thug siad domh ag an doras é agus giota aráin.

Ach nach mór a d’athraigh an t-am. D’athraigh an t-am ansin. Chuaigh muid a dh’obair fá na bailte móra agus bhí sin féin dona go leor nó san am a bhfuil mé ag caint air, chuaigh tú a dh’obair ach ní raibh cead agat an obair sin a fhágáil. Is cuma cad é an míshásamh a tháinig ort. Déarfá go minic: ‘och tá mise ag gabháil a chaitheamh suas na hoibre seo. Tá mé ag gabháil a chuartú oibre in áit ar bith eile. Am an chogaidh, ní raibh cead – bhí tú mar shaighdiúir agus

Agus stad an imirce shéasúrach ansin nár stad? Bhí daoine – d’fhan siad thall. Sin an rud a tharla, nach ab ea?

Stad an imirce shéasúrach. D’fhan siad thall. Chuaigh mná anonn. Phós siad fir thall agus tógadh – thóg siad teaghlaigh thall. Agus tógadh na teaghlaigh sin le Béarla nó le Scotch cé acu in Albain nó i Sasain a bhí siad. Tógadh an teaghlach sin le Béarla. Agus i ndiaidh dornán blianta, rinne siad suas a n-intinn a theacht ar ais. Agus tháinig siad ar ais. Agus an gleo Béarla sin ina gcuideachta.
Agus sin brú chomh mór agus a tháinig ar an Ghaeltacht an cogadh mór. D’fhág an cogadh mór mná as an Ghaeltacht ag gabháil go hAlbain agus iad ag pósadh agus Béarla á fháil ag na dteaghlach agus iad ag teacht agus ag gabháil a chónaí sa Ghaeltacht ar ais. Agus cá bith cathuithe diabhail atá air mar Bhéarla, níl a fhios agam ach tá sé iontach tógálach.

Bhí tú á rá ansin, a John, gur fhan daoine thall le linn an chogaidh agus go raibh obair ar fáil ó cheann ceann na bliana. Ar fhan tú féin thall riamh?

D’fhan. D’fhan mise thall mar fhear. An gcreidfeá gur in Albain a pósadh mé? Phós mé in Albain agus fuair mé teach, b’fhéidir nárbh é an áit ab fheiceálaí i nGlasgow a fuair mé ach fuair mé teach ar scor ar bith. Agus chuaigh mé féin agus mo bhean a chónaí ansin. Agus bhí triúir de theaghlach againn ansin i nGlasgow. Agus níor théigh mo chroí riamh leis. Sin fírinne anois amach ó mo chroí. Níl aon lá ar chuir mé mo cheann in mo léine nach smaointeoinn ar Éirinn.
Agus bhí a fhios agam, istigh in mo chroí nach raibh mé ag gabháil a chaitheamh mo shaoil i nGlasgow. Agus bhí an tríú leanbh ann agus coicís chothrom, ón lá a bhí an leanbh ann rinne mé suas ár mbagáiste agus shiúil muid amach ar an doras. Agus chuaigh muid go dtí an bád. Agus tháinig muid trasna go hÉirinn. Agus ní dheachaigh muid ar shéal oibre go Glasgow níba mhó.

An trí bliana sin, cad é an obair a bhí agat in Albain?

An obair a bhí agam in Albain na trí bliana sin, chaith mé tamall den am sin, de na trí bliana sin ag obair faoin Chlyde, ag obair faoin fharraige. Agus chaith mé tamall eile ar shiúl ag gabháil do dhíogacha, ag glanadh díogach. Agus chaith mé tamall eile thios ar ais faoin fharraige ag obair ansin. Agus an bhfuil a fhios agat, ní aon obair mhaith a bíos ansin. Insíonn sé sin ort nuair a théann tú a ghabháil suas i mblianta. Triomaíonn sé suas na cnámha.

Bíonn brú ar na cnámha nach mbíonn?

Ó bíonn. Bíonn brú ar na cnámha agus ní mhoitheofá tú é nuair atá tú measartha óg. Ach nuair a rachaidh tú a ghabháil suas i mblianta, inseoidh an t-iomlán. Inseoidh sé an t-iomlán. Inseoidh sé an scéal uilig.
Ach bhí mé á rá, bhí Albain maith go leor agua tá Albain maith go leor nuair atá tú óg, urrúnta agus gan mórán eile ag cur bhuartha ort. Ach chonaic mise mé féin ag gabháil a thógáil teaghlach óg agus b’fhearr liom agus is fearr liom inniu é agus níl buaireadh ar bith orm go dtearn mé é, b’fhearr liom á dtógáil sa bhaile anseo sa Ghaeltacht ná á dtógáil thall i nGlasgow.
Agus tháinig duine amháin isteach chugam de na daoine a mbím ag caint orthu go minic, na daoine nach bhfeiceann faoi Dhia cad chuige ar cheart dúinn Gaeilge a labhairt nuair nach bhfuil tú sa bhaile. ‘Coinnigh cuimhne go bhfuil tú i nGlasgow anois agus gur Béarla is ceart duit a labhairt.’ Sin an dearcadh atá ag cuid de na daoine.
Agus tháinig duine acu seo isteach chun tí agamsa i nGlasgow agus dúirt sé liom: ‘Nár chóir go dtabharfá tú féin fá dear agus go labhrófá le do pháistí sa dóigh a mbeadh siad ábalta ar meascadh suas le páistí eile agus iad a thuigbheáil.’ Agus dúirt mé leo: ‘Bhuel, is cosúil nach bhfuil mé ábalta ar mé féin a thabhairt fá dear agus b’fhéidir nach bhfuil tusa ábalta ar tú féin a thabhairt fá dear ach oiread. Ach déarfaidh mé an méid seo leat: lá a thiocfas duine de mo chuid páistí se isteach chugam agus an ghibrisc Scots leis atá agaibhse, báithfidh mé sa Chlyde í.’

Nach méanar do na páistí go dtáing tú ar ais chun an bhaile?

Níl, níl buaireadh ar bith orm go dtáinig. Agus níl buaireadh ar bith ar na páistí go dtáinig. Tchíonn – tá siad ina seanpháistí anois, ar ndóighe. Ach tchíonn siad cad é an dóigh – agus bíonn siad ag aithris chainte ar an mhuintir a thig as Glasgow. Nó dhéanfaidh mé an fhírinne, níl a fhios agam an bhfuil mórán cuntaiste ar Scotch. Anois níor mhaith liom duine ar bith a ghortú nó duine ar bith ag smaointiú - ach ní fhaigheann ar an scoil in Albain, ní fhaigheann siad Scotch. Faigheann siad Béarla.
Ach taobh amuigh de sin, tá an Scotch acu ar scor ar bith. Agus bheadh an Scotch ag mo chuidse, is cuma cad é a dhéanfainnse dá bhfanóinn i nGlasgow. Ach d’fhan mé i nGlasgow – d’fhág mé Glasgow sula ndeachaigh an duine ba sine acu a chaint mar is ceart ar chor ar bith. Ní raibh caint ar bith aici. Sin Gráinne. Agus tháinig mé go dtí – má tá mil ar chuiseoga in áit ar bith, seo an áit a bhfuil sé.

Agus tá sin againne ag éisteacht leatsa, a John. Agus go raibh míle maith agat.

Bhuel, go ndéana a mhaith duit, a Antaine.

Bhuel bhí mé ag smaointiú – dúirt tú ansin gur tháinig tú ar ais agus go raibh an Ghaeilge iontach tábhachtach agat agus shíl tú cuid mhór di mar theanga. Bhuel, bhí mé ag smaointiú, b’fhéidir, ar díriú isteach ar an saibhreas arís sa chéad chlár eile agus b’fhéidir cúpla scéal a fháil uait – na scéalta a bhíodh ag gabháil sular imigh tú go hAlbain agus a bhí anseo go fóill nuair a tháinig tú ar ais as Albain. An mbeifeá sásta scéal nó beirt a inse dúinn sa chéad chlár eile?

Chomh sásta le píobaire. Sin, sin mo chuid den tsaol ag smaointiú agus ag smaointiú ar an scéalaíocht agus inseoidh mise scéal nó beirt duit nó cá bith méid is mian leat an chéad lá eile a bheas tú ag caint liomsa.

GLUAIS

maslach – (of work) hard, tiring
críonna – sensible, wise
pingin rua – a red cent
fiúntach – worthy, good quality
imirce shéasúrach – seasonal migration
cathuithe diabhail – devilish temptations
tógálach - catching
an ghibrisc – the gibberish
mil ar chuiseoga, mil ar na cuiseogaí – “honey on the long grass”, the good life
díriú isteach – focus on
chomh sásta le píobaire – as happy as Larry

This clip is from

Added. Check out your playlist Dismiss