Sorry, this clip is not currently available

Ceann Dubhrann - eip 10

Sa chlár deireanach seo insíonn John scéal Fionnbhráid, agus tugann sé comhairle do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge. Cuid de shraith speisialta ina labhraíonn Antaine Ó Donnaile le Seán Ó Duibheannaigh, nó John Ghráinne mar is fearr aithne air.

CEANN DUBHRANN 10 - TRANSCRIPT

Dia duit, agus tá fáilte romhat ar ais go Ceann Dubhrann agus mar a dúirt mé achan seachtain go dtí seo le naoi nó deich seachtaine anuas, clár seo atá bunaithe ar scéaltaí agus ar an tseanchas atá i Rann na Feirste ach caithfidh mé a rá anois go bhfuil cumhaí orm don chlár seo mar is é seo an clár deireanach den tsraith Ceann Dubhrann agus is dócha go bhfuil cumhaí ort féin, a John.

Maise tá, ná bhain mé sult as achan bhomaite den chlár, ón chéad chlár go dtí an clár seo. Bhain mé sult agus sásamh as. Níl sé ag déanamh dochair do dhuine ar bith agus b’fhéidir go ndéanfadh sé maith do dhuine íntheacht.

Ó is cinnte go ndéanfadh sé maith dúinne uilig atá ag iarraidh Gaeilge mhaith a fhoghlaim. Ach an dtiocfadh leat, b’fhéidir, deireadh a chur leis an tsraith seo le scéal atá iontach deas ar fad, sin Fionnbhráid.

Bhuel, inseoidh mé scéal Fhionnbhráid duit. Tá scéal iontach deas agus is minic a smaoinigh mé gur deas an t-ainm é ar chailín óg. Fionnbhráid. Dá mbeinnse le cailín óg eile a bheith amárach agam, bhéarfainn Fionnabhráid uirthi. Ach is fhearr domh an scéal a inse agus stad den amaidí. Bhí rí agus banríon ina gcónaí sa tír seo fada ó shin agus ní raibh de theaghlach acu ach iníon amháin. Fionnbhráid ab ainm don iníon. Agus bhí sé canta nach raibh aon chailín ar an domhan a bhí chomh deas agus chomh dóighiúil léi. Bhí ridirí agus prionsaí óga ag teacht as achan chearn den domhan ag dúil go bhfaigheadh siad í le mealladh daofa fhéin. Ach sin a raibh ar a shon acu, ar an drochuair daofa fhéin agus dise. Ach cluinfidh tú. Lá dá raibh Fionnbhráid amuigh ag seilg lena cú bán agus lena capall, sciúird giorria amach as faoi thom cuilinn a bhí ag fás ar thaobh abhna agus d’imigh cú i ndiaidh an ghiorria agus d’imigh Fionnbhráid ar dhroim a capaill sa tóir orthu. Théid an rása síos malaí agus suas cnoc agus nuair a bheadh an cú in íochtar gleanna bheadh an giorria ar bharr cnoic agus nuair a bheadh an cú ar bharr cnoic bheadh an giorria in íochtar gleanna. Agus bhí siad ar an téad sin go dtí go raibh sé ag titim anonn sa tráthnóna agus ainneoin an cú agus an capall a ba ghaiste in Éirinn a bheith ag Fionnbhráid sháraigh orthu greim a fháil ar an ghiorria. Mar a dúirt mé bhí sé anonn sa tráthnóna agus dar le Fionnbhráid go raibh an t-am aici a haghaidh a thabhairt ar an bhaile ach ag tiompó thart di fuair sí seanchailleach liath ina seasamh roimpi. Baineadh stangadh as Fionnbhráid ná chonacthas di nach raibh cuma shaolta ar an chailleach. Thug sí iarraidh amach léi mar Fhionnbhráid ach sula bhfuair sí corradh as áit na mbonn, dúirt an tseanchailleach léi gur mhór an croí di bheith ag seilg ar an tsliabh i ndiaidh luí gréine. Mise, ar sise, Bean Chríonna na gCnoc agus cuirim geas ort, ar sise, gan aon fhear a phósadh choíche ach an fear a bhearfas luibheanna draíochta duit isteach i do lámh. Anois, arsa an chailleach, tá luibheanna draíochta ag fás ar Uaigh na Rithe insa Domhan Thoir, agus sealán de leachtaí geala bána thart uirthi. Agus an fear a rachfas agus a bhaineas an luibh sin agus a bhéarfas duit isteach i do lámh í, caithfidh sé an turas a dhéanamh idir éirí agus luí gréine. Agus go díreach nuair a bhí sin ráite aici, ach oiread agus a slogfadh an t-aer ná an talamh í, ní raibh an dara hamharc ag Fionnbhráid le feiceáil uirthi. D’imigh Fionnbhráid, thit a lámha fána crios nuair a smaoinigh sí ar an mhanadh a bhí ag Bean Chríonna na gCnoc di. D’imigh sí léi go briste brúite brónach ag tarraingt ar an bhaile agus chuaigh sí chun an bhaile ach chuaigh na blianta thart agus níor pósadh Fionnbhráid. Ach lá amháin, tháinig ridire óg as an Spáinn ar cuairt go cúirt an rí agus dálta mar a d’éirigh don chuid eile a tháinig roimhe, nuair a chonaic sé Fionnbhráid, thit sé i ngrá léi. Chuir sé ceist uirthi an bpósfadh sí é ach chrom Fionnbhráid a ceann go truacánta agus dúirt sí leis, más fear thú ar sise, a bhfuil cúram do do bheo agat, fan amach uaimse. Tá geas ormsa, ar sise, gan aon fhear a phósadh choíche ach an fear a bhéarfas luibheanna draíochta dom isteach i mo lámh agus tá an luibh sin, ar sise, ag fás ar Uaigh na Ríthe insa Domhan Thoir. Mar sin dó, ar sise, smaoinigh go maith ort fhéin. Is iomaí óganach lúfar gasta ar sise, a d’fhág an cuan sin thíos, ag tarraingt go dtí an Domhan Thoir, agus nár fhill ar ais ariamh lena scéal fhéin ná le scéal an duine eile agus níl a fhios ag neach dá maireann arsa sise, cad é a suíonn siad daofa ón lá sin go dtí an lá inniu. Mar sin de, ar sise, tabhair d’aghaidh ar do leas, agus do chúl le d’aimhleas, ná bíodh a fhios agat ar sise, nach bhfuil an t-aithreachas mall maith. Bhuel, is cuma liomsa, arsa an prionsa, cé a d’imigh agus cé nach dtáinig, ach rachaidh mise go dtí an Domhan Thoir go dtí go bhfaighidh mé luibheanna draíochta agus go dtabharfaidh mé duit isteach i do lámh í. Ar maidin lá arna mhárach, breá luath ar maidin, nuair a tháinig ball bán ar an lá, bhí an prionsa ar a bhealach go dtí an cuan an áit a raibh a bhád feistithe. Chrom sé a scaoileadh an ceangal a bhí ar an bhád agus nuair a thóg sé a cheann, fuair sé bean bheag bhídeach nach raibh ach troigh ar airde ina seasamh idir é fhéin agus an bád. Bhí clóca glas uirthi ó mhullach a cinn go barr a coise agus slat léi ina lámh. A mhic an rí, ar sise, cá bhfuil do thriall? Tá mé ag dul go dtí an Domhan Thoir arsa seisean, go dtí go mbainfidh mé luibheanna draíochta. Bhuel, ní thig leat bua a fháil ar Bhean Chríonna na gCnoc arsa sise, gan mo chuidiúsa. ‘Agus cé tusa?’, arsa an Prionsa. Mise Banríon an Uaignis ar sise. Á, ní ghéillfinn daoibh ar chor ar bith, arsa an Prionsa, ag tabhairt iarraidh anonn go dtí an bád. Ach sula bhfuair sé a fháil go dtí an bád, bhuail sí carraig chloiche a bhí in aice leo agus rinne sí conamar de charraig na cloiche. Agus amach as carraig na cloiche tháinig triúr de fheara beaga glasa nach raibh mórán le troigh go leith ar airde agus éideadh glas orthu fosta. Bhí greim ag an chéad fhear ar a chos chlí lena lámh chlí. Sin arsa an Bhanríon, sin, ar sise, Cos Cheangailte. Tháinig an dara fear agus bogha agus saighead faoina ascaill. Sin, arsa an Bhanríon, Aimsiú Fíor. Tháinig an triú fear agus péire bolg ina lámh leis. Sin, arsa an Bhanríon, Galadh Tréan. Agus nuair a bhí sin ráite aici, d’imigh sí agus ní raibh sí le feiceáil, thall ná abhus ag an Phrionsa. D’amharc an Prionsa ar Chos Cheangailte. Cad chuige a bhfuil greim ar do chos agatsa, arsa seisean, le Cos Cheangailte murab é go bhfuil, arsa Cos Cheangailte, ní bheadh aon duine ábalta siúl a choinneáil liom. Chuaigh sé de léim isteach sa bhád agus chuaigh an bheirt eile, Galadh Tréan agus Aimsiú Fíor, léim isteach ina chuideachta. Agus d’iarr siad ar an phrionsa léim istigh, nach raibh am ar bith le cur amú. Chuaigh an prionsa isteach agus an dá luath géar agus a chuaigh, tharraing Galadh Tréan air na boilg agus thóg sé galadh gaoithe móire a shíob trasna na mara iad go dtí an Domhan Thoir. Chuaigh siad i dtír i gcaslaí fhoscaíoch agus d’fheistigh siad an bád. Bhí gleann mór fada ina luí suas rompu agus abhainn mhór leathan ag caismirnigh anuas i lár an ghleanna. Cnoic arda i leataobh ar an dá thaobh a bhí cumhdaithe le fraoch agus le fearnáin agus srutháin gheala ag teacht anuas sleasa na gcnoc agus ag dul isteach san abhainn. Caithfidh muid a ghabháil go barr an chnoic sin, arsa an prionsa leis na fir bheaga. Caithfidh tusa a ghabháil, arsa na fir bheaga, níl muidinne ag gabháil níos faide. Níl eolas an bhealaigh agam, arsa an prionsa, go dtí na leachtaí. Bhuel, caithfidh tú an bealach a chuartú, arsa siadsan. Cibé a bhainfeas an luibh, ní thig leis a bheith leis ach é fhéin, mar sin dó, ní thig linne a dhul níos faide leat. Bhí marbhán samhraidh ann agus an aimsir te. Ach bhí an prionsa óg urrúnta lúfar gasta agus chuaigh sé i gcionn an tsiúil. Shiúil sé leis, coiscéim ar choiscéim, agus ní thug sé isteach ariamh go dtí go raibh sé in aice le barr an chnoic. Ach chruinnigh cnap ceo thart air, agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé ina shuí ná ina sheasamh. Shuigh sé síos a dhéanamh a scíste. Bhí an teanga ramhar ina bhéal le tart agus bhí spuaiceacha ar a chosa agus iad nimhneach leis an tsiúl. Chuaigh sé a mheabhrú agus a smaoineamh agus dar leis fhéin, ná s’iomaí fear lúfar gasta a tháinig an bealach seo romham, agus níl a fhios ag neach beo cad é a d’éirigh daofa, agus creidim, cibé a d’éirigh daofa sin, gurb é an rud céanna atá i ndán domsa. Bhí sé ansin, ach leis sin fhéin, tógaidh sé a cheann agus fuair sé an ceo glan ó bharr an chnoic. D’amharc sé uaidh, thug sé ruball a shúil thart agus go díreach trasna os a choinne, chonaic sé uaigh na ríthe agus sealán na leachtaí thart ar an uaigh. Léim a chroí le lúcháir, thug sé rúide agus rása agus níor stad sé go raibh sé istigh i gcroílár an tsealáin agus gur bhain sé an luibh ach an dá luath géar agus a bhí an luibh bainte aige tháinig eagla air. D’amharc sé thart agus bhí prionsa óg ina luí ina chodladh ag bun achan leachta. Seo na fir a tháinig an bealach roimhe sin. Dar leis fhéin, creidim gurb é an rud céanna atá i ndán domsa ach leis sin fhéin, tchí sé ag tarraingt air, an tSeanchailleach Liath agus soitheach uisce ina lámh léi. Tháinig sí a fhad leis. A mhic an rí, ar sise, tá turas fada déanta agat, agus tá mé cinnte arsa sise, go bhfuil tú tuirseach. Seo duit, arsa sise, agus ól deoch. Bheir sé ar shoitheach an uisce, chuir sé ar a cheann é, agus d’ól sé tarraingt a chinn den uisce, agus an bomaite a bhí sin déanta aige, d’éirigh sé lag, agus thit sé ina chnap ag cosa na caillí. Ansin chuir sise a lámh ina hochras, thug sí amach biorán suain den ór loiscthe, chuir sí ina ghruaig é i gcúl a chinn agus chuir sí barr an phionna sa talamh agus an rud céanna a bhí déanta leis na hógánaigh a bhí ina luí thart. Anois, ar sise leis, tá tú i do luí anois agus is fada arís go n-éirí tú. Agus d’imigh sí. Tamall ina dhiaidh sin, aníos taobh an chnoic le Cos Cheangailte agus Aimsiú Fíor leis ar a dhroim. Rinne achan fhear acu racht mór gáire nuair a chonaic siad an éide baile a raibh an prionsa ann. Ach lig Cos Cheangailte síos, lig sé síos Aimsiú Fíor ar an talamh. Tharraing sé sin a bhogha as faoin ascaill agus scaoil sé saighead leis an bhiorán suain a bhí i gcúl chinn an phrionsa agus chuir sé ina chonamar san aer é. D’éirigh an prionsa ar ndóighe, agus greim an fhir bháite aige ar fad ar na luibheanna draíochta. Thug sé buíochas do na fir bheaga a thug tarrtháil air. ‘Seo’, arsa Aimsiú Fíor, ‘bí ar shiúl agus gabh ar dhroim mo dhearthára agus fanfaidh mise anseo go dtí go músclóidh mé na fir seo atá ina luí ina gcodladh leis na blianta’. I ndiaidh chomh mór agus a bhí an prionsa agus chomh beag agus a bhí Cos Cheangailte chuaigh an prionsa ar a dhroim, ar dhroim Chos Cheangailte agus níor ghaiste an Ghaoth Mhárta ag teacht anuas sleasa na gcnoc ná iad go dtí gur bhain siad an cuan amach, an áit a raibh an bád ina luí ag fanacht leo agus Galadh Tréan ina shuí insa bhád. Chuaigh Cos Cheangailte agus an prionsa isteach sa bhád agus tharraing Galadh Tréan air na boilg, thóg sé ruipleog gaoithe móire a shíob trasna na mara go hÉirinn iad agus tháinig siad i dtír insa chuan faoin chaisleán. Bhí Fionnbhráid, an créatúr, ina suí agus a bos lena leiceann, agus í ag smaoineamh cad é a bhí i ndán don phrionsa, leis sin fhéin isteach ar an doras leis an phrionsa agus luibheanna draíochta leis agus thug sé isteach i gcúl a dorn luibheanna draíochta do Fhionnbhráid. Ar ndóighe, d’éirigh Fionnbhráid, léim sí fhéin ionsar an phríonsa agus phóg sí go gradamach é. Anois, míniú agus an réiteach a bhí air, pósadh an prionsa agus Fionnbhráid agus bhí bainis acu a raibh cuimhneachán uirthi, bainis mhór. Bhí ól agus ceol agus cuideachta ann agus an rud a bhí saoithiúil ach fá dtaobh dó, i lár an ghleo agus na cuideachta, tháinig éan beag isteach ar an doras agus amach ar an fhuinneog agus dá mbíodh ruball ar an éan, bheadh an scéal ní b’fhaide.

Iontach maith ar fad! Go raibh míle maith agat, John.

Go ndéanfaidh a mhaith duit, a Antaine! Tá súil agam gur bhain tú sult as an scéal sin.

Bhain mé sult mór as an scéal sin, agus as achan chlár atá déanta ag an bheirt againn agus rud atá iontach tábhachtach fá dtaobh daofa, ná go bhfuil cuid mhór Gaeilge le foghlaim iontu.

Bhuel, tá, tá, tuigim fhéin an méid sin. Gheobhaidh tú Gaeilge agus tá Gaeilge agus Gaeilge mhaith i gcuid mhór de na háiteacha insna Sé Chontae agus i gcorráit sna Sé Chontae agus Fiche fosta ach ní hionann é ar chor ar bith agus a bheith i do shuí ag éisteacht le comhrá agus le caint a chois na tine sa Ghaeltacht, ní hé aon rud amháin é. Ach an té a bhfuil suim aige insa Ghaeilge, beidh Gaeilge aige, má d’fhoghlaim tú dáiríre í, agus éisteacht dáiríre agus foghlaim dáiríre cionn is gur teanga na tíre í, beidh Gaeilge agat, ná tá aithne agam orthu, tá aithne agam orthu a tháinig go Rann na Feirste anseo agus ní raibh a oiread Gaeilge acu, ag cuid acu, agus a chuirfeadh an madadh amach agus iad seo nach raibh an oiread sin Gaeilge acu, an bhfuil a fhios agatsa, go bhfuil m’aithne ina dhiaidh sin orthu agus go raibh siad chóir a bheith mar a bheadh cainteoirí dúchais Gaeilge ann. Anois, tá a fhios agam iad. Agus tá a fhios agam daoine eile a chaith bunús a saoil ag teacht agus nach raibh a dhath níos mó Gaeilge acu nuair a bhí a saol chóir a bheith caite ná a bhí acu an chéad lá.

Cad é an chomhairle a chuirfeá orainne, daoine as áiteacha ar nós Ard Mhacha nó Tír Eoghain, nó Doire, nó Contae Aontroma nó Fear Manach nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas againn? Cad é an chomhairle a chuirfeá orainne?

Bhuel, is é an chomhairle a chuirfinn orthu, sa chéad áit dó, suim dáiríre a bheith agaibh i nGaeilge, sin an dúshraith, agus mura mbeadh dúshraith mhaith ann, níor maith duit a dhul a chleiteáil a dhath ina mullach. Suim dáiríre a bheith agat insa Ghaeilge agus éisteacht le cainteoirí Gaeilge ag caint. Agus nuair a bheas sin déanta agat, staidéar a dhéanamh cad é mar a labhraidh siad, agus a bheith cinnte nach raibh tú ar obair a rá focla istigh san áit chontráilte. Anois, tá daoine ann, agus tá aithne mhaith agamsa orthu agus bím ag éisteacht leo, daoine atá ag foghlaim Gaeilge, agus tá seanfhocla breátha Gaeilge acu ach is é an trua uile go léir, an dtuigeann tú, go bhfuil siad san áit mhícheart. Cluinfidh tú focal maith Gaeilge, fuair siad an focal Gaeilge sin ach bhain siad úsáid as insan áit nach mbainfeadh duine sa Ghaeltacht úsáid achoíche as. Nuair a gheobhaidh tú focal Gaeilge nach raibh a fhios agat, cuir faisnéis, cá háit a mbainfidh tú úsáid as an fhocal sin, agus cá huair a bhainfidh tú úsáid as agus ansin beidh a fhios agat fhéin, oibreoidh, ní bheidh fiachadh ort ach tamall de sin, oibreoidh sé isteach ionat fhéin go mbeidh a fhios agat go ... ach tá rud eile ann agus is mór an trua go bhfuil sé amhlaidh agus bhéarfainn comhairle agus comhairle mhaith do dhaoine, gan ligint orthu fhéin go bhfuil níos mó Gaeilge acu ná tá, gan ligint orthu fhéin go bhfuil siad do do thuigbheáil agus gan iad do do thuigbhéail. Tá a fhios agamsa, agus ní mé fhéin a bhí ag caint, ach bhí mé ag éisteacht le fear ag caint ansin i mbliana féin agus daoine ag éisteacht leis agus iad ag baint sult agus sásamh má b’fhíor daofa fhéin as an chaint agus as an chomhrá ach níor thuig siad cuid mhór de na rudaí a bhí sé a rá agus bhí siad chomh bródúil astu fhéin agus nach ndéarfadh siad ní thuigim ansin dom agus an té a bhfuil an aicíd sin air tá mé ag inse duit nach ndéanfaidh sé talamh ar bith ar chor ar bith don Ghaeilge. Má bhuaileann bród thú agus a rá leat fhéin tá Gaeilge agamsa ... agus ... síleann daoine fosta agus tá sé contráilte, focla agus seanaimsearthacht agus siúd agus seo ... focla beaga, focla beaga ... tháinig péire a fhad liomsa am amháin agus dúirt siad liom, bhí tú ag caint ina leithéid seo d’áit ná ina leithéid siúd d’áit agus daoine ag cur ceist ort agus bhí leisce orainne ceist a chur ort ná bhí an Ghaeilge a bhí ag an mhuintir eile rómhaith agus iad ag cur ceiste ort fá fhocla móra Gaeilge ach bhí muidinne fá choinne fáil amach cad é an chiall a bhí le focla beaga Gaeilge agus tá na focla beaga chomh tábhachtach le focla móra. Síleann daoine má thig siad amach le smeachladh de fhocal nó de ráiteas go bhfuil siad ar dhroim na muice ach ní sin ar chor ar bith é. Sin mo chomhairlesa do dhuine ar bith a bhfuil ag foghlaim Gaeilge.

Uchtach a bheith agat gan a bheith róbhródúil asat fhéin?

Is é. Fios a bheith agat go dtig leat a bheith ag foghlaim achan lá. Thig le ... anois, fiu amháin, an bhfuil a fhios agat, fear nó bean insa Ghaeltacht go dtiocfadh leat focal a fháil a b’fhéidir a chuala tú ach a raibh dearmad déanta daofa le blianta agus tá sin againn anseo, bíodh a fhios agat, focla atá ag gabháil ar gcúl agus atá ag imeacht. D’imigh an obair, nach raibh ag déanamh na hoibre céanna, níl an tseoltóireacht, níl na bádaí, níl na portaigh, níl cuid mhór de na rudaí sin ag gabháil agus an t-ábhar cainte a bhí againn, d’imigh cuid mhór de sin. Mar, cha deir mise ach a rá le cuid den aos óg atá ag éirí aníos anois, chuaigh mé a chaint ar innigilt leo, ní raibh a fhios acu, cuid den aos óg, cad é an rud innigilt. Anois sin focal a bhí ar bharr a ghoib ag achan duine, an dtuigeann tú, ach stad an teaghlach, agus stadadh de bheith ag coinneáil eallaigh, agus d’fhág sin go bhfuil sé ag imeacht fiú amháin as an Ghaeltacht, chan amháin as áiteachaí atá taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuid mhór de na focail a deirim, agus tig siad chugam aniar ón tseantsaol, ní thuigeann siad mé. Bíonn barúil acu ach ní thuigeann siad mé. Mar sin dó, is é an rud a d’iarrfainnse agus an rud a ba mhaith liom, bheith ábalta ar ... an t-aos óg amach anseo a bheith ábalta suí agus cineál de ... bheith go measartha fhéin, níor mhaith liom iad go díreach a bheith i muinín cibé atá siad a fháil insna leabharthaí. Ba mhaith liom iad a bheith ábalta suí thart agus comhrá measartha maith Gaeilge a bheith acu ach arís beidh sé iontach iontach doiligh sin a fháil. Cionn is nach bhfuil na ... an cineál oibre a bhí ag gabháil nuair a bhí mise ag éirí aníos ... chóir a bheith go bhfuil sin ar shiúl. Agus cad é a rachfaidh siad a chaint anois air ach thíos anseo i monarchan ná amuigh ag déanamh siúd ná seo nó amuigh ag an Chomhairle Chontae agus níl comhairle chéanna ansin ar chor ar bith. Ach smaoiním go minic nach mbeidh an Ghaeltacht atá ag dul a choinneáil na Gaeilge beo, ar ndóighe tá an Ghaeltacht iontach tábhachtach ag daoine atá ag foghlaim Gaeilge le theacht agus cluinstin ... Gaeilge a chluinstin ó mhaidin go dtí an oíche agus ó sheachtain go seachtain agus tuigbheáil gur sin an chanúint atá againn agus a bhí againn agus le cuidiú Dé a bheas againn ach tá eagla orm má théid rudaí mar atá sé agus dá bhfaighinnse saol go mb’fhéidir nach mbeinnse ábalta ar chuid mhór den Ghaeilge a thuigbheáil… nach mbeinn ábalta ... Thug mé buíochas mór do chuid de na scoláirí ansin an bhliain eile as Gaeilge a fhoghlaim dom ...

Cad é a d’fhoghlaim siad duit?

Bhal, chuaigh siad a gháire. Dúirt mé leo gur fhoghlaim siad ... go raibh focla Gaeilge ansin nach raibh agam ar chor ar bith go dtí go dtáinig siad agus go dtug siad na focla Gaeilge sin domh. Chuir cuid acu ceist orm cad iad na focla agus ceann de na rudaí “cuisneoir” agus tá mé ag déanamh gurb é an Béarla atá acu ar an chuisneoir “fridge”. Bhal, ar ndóighe, nuair a bhí mise ag éirí aníos, ba é an cuisneoir a bhí againn poll a dhéanamh amuigh sa chaorán, má bhí tú fá choinne a dhath tábhachtach a choinneáil, ná má bhí cuid mhór ime ná a dhath agat agus bhí sé sábháilte go leor ná táthar ag teacht ar chuid dó go fóill. Ní raibh a fhios againn i mBéarla ná i nGaeilge c’ainm a bhí air ná ní raibh a leithéid againn agus thug mé buíochas daofa. Mar sin dó, tiocfaidh na focla sin isteach agus ar ndóighe rud maith é. Rud iontach maith atá ann. Tá focal Gaeilge againn air anois. Cé acu Gaeilge ná Béarla, ná cé acu Béarla ná cibé canúint atá sa fridge, ach tá Gaeilge againn anois ar scor ar bith air agus mise breá sásta. Ach mar a dúirt mé, beidh cuid mhór den Ghaeilge seo nach dtuigimse, amach anseo. Ach ar ndóighe, an rud is measa a rinne duine ar bith riamh, a ghabháil a chailleadh uchtaigh. Níor chaill mise m’uchtach agus ní chaillfidh ná tchítear domhsa agus dúirt mé go mion minic go bhfuil an Ghaeilge ag spréadh, agus tá a bhuíochas sin agatsa agus ag do mhacasamhail atá ar fud na tíre agus ag déanamh bhur ndícheall agus ag teacht go dtí coláistí Gaeilge agus ag déanamh siúd agus seo. Tá sibhse de… ní fhéadfar ar chor ar bith a dhath mór a ghabháil i muinín seandaoine agus seanmhná na Gaeltachta. Mar a déarfá, tá a seal tugtha, tá a rása reaite agus níl sibhse ag teacht chun béil.

Bhal, níl mé ag teacht leat go hiomlán ansin mar níl do sheal tugtha agus níl an rása s’agatsa reaite go fóill ach ar an drochuair tá an tsraith seo reaite agus caithfidh mé a rá gur bhain mé fhéin go pearsanta sult an domhain as a bheith ag éisteacht leat agus as a bheith ag cur na gceisteann uilig ort. Agus deich gclár, sin cúig uair an chloig, agus caithfidh sé go bhfuil tú tuirseach go leor ina ndiaidh sin uilig.

Á, bhal, an bhfuil a fhios agat, ní thiocfaí mise a thuirsiú i gcionn an chineál seo cainte. B’fhéidir go mbeadh duine tuirseach dá mbeadh sé ag dul do rud nach raibh suim aige ann ach is iomaí agus is iomaí uair a shuigh mise cúig huaire ag caint le fear na comharsa b’fhéidir amuigh ar thaobh an bhealaigh mhóir má bhí an lá deas te samhraidh ann nó amuigh de chois na tine ó bhí oíche gheimhridh. Níl, níl trioblóid ar bith sa chomhrá sin. Bhain mé sult agus sásamh as achan fhocal ar dhúirt mé agus as achan bhomaite de na cláraí atá déanta.

Agus beidh na cláracha seo mar chuidiú iontach go deo mór ag daoine atá ag foghlaim na Gaeilge agus go raibh míle maith agat.

Go ndéana a mhaith duit, agus go dté sé ar bláth agus ar biseach achan uile fhocal don duine a bhfuil ábalta sult a bhaint astu.

Gluais

achan chearn den domhan – gach aon chuid den domhan
ar thaobh abhna – ar thaobh abhann
sháraigh orthu greim a fháil ar an ghiorria – they failed to catch the hare
cuirim geas ort – I place you under an injunction, place a spell on you (the spell is usually a taboo – it forbids the person from doing something)
agus sealán de leachtaí geala bána thart uirthi – and a ring of bright white stones around it
thit a lámha fána crios – her shoulders were stooped with sadness
nach bhfuil an t-aithreachas mall maith - that late repentance is no good, that it’s no good crying over your fate when the damage has been done
tabhair d’aghaidh ar do leas, agus do chúl le d’aimhleas - look to what is good for you and turn your back on that which is not
nuair a tháinig ball bán ar an lá – at the crack of dawn
nach raibh ach troigh ar airde – who was only a foot tall
rinne sí conamar de – she smashed it to pieces
Aimsiú Fíor – True Aim
péire bolg – a pair of bellows
Galadh Tréan – Strong Blast
abhainn mhór leathan ag caismirnigh anuas i lár an ghleanna – a big wide river winding its way down the middle of the valley
Bhí marbhán samhraidh ann – the summer heat was oppressive
biorán suain – “a needle of sleep”, a common magical device in the old stories
agus greim an fhir bháite aige ar fad ar – with a drowning man’s grip on, with them tightly gripped in his hand
níor ghaiste an Ghaoth Mhárta – the March wind was not faster, they went like the wind
dá mbíodh ruball ar an éan, bheadh an scéal ní b’fhaide – if there had been a tail on the bird, this story would have been longer: a traditional way of ending a story in Donegal: the storyteller mentions a bird in the story and then adds this formula.
cuir faisnéis – find out, seek information
ar dhroim na muice – on the pig’s back, happy, doing well
innigilt – innilt, grazing
as Gaeilge a fhoghlaim dom – as Gaeilge a theagasc dom

This clip is from

Added. Check out your playlist Dismiss