Machnamh Mhic Annaidh - Scéal Trí Scéil

Scríobh mé gearrscéal anuraidh, scéal taibhse, is sílim gur cuireadh i gcló ar An tUltach é. Sa scéal a scríobh mé tagann iascaire ar bhuidéal sa loch, insíonn a bhean dó go bhfuil taibhse sa bhuidéal, ach in áit é a chaitheamh isteach sa loch arís déanann an t-iascaire an buidéal a dhíol ar an idirlíon.

Mar scéalaí, bhí mé ag iarraidh an dóigh ina bhfuil an seansaol agus an saol nua-aoiseach – taibhsí agus ríomhairí - beo taobh le taobh sa tír seo a léiriú.

Chuala mé scéal an taibhse ó ghrúpa seandaoine a raibh mé ag obair leo cúpla bliain ó shin in Achadh Gé i bhFear Manach.
D’inis siad domh go raibh tábhairne ar an bhaile sin a mbíodh poltergeist istigh ann. D’éirigh cúrsaí chomh holc sin, mhínigh siad, gur chuir fear an tí fios ar an sagart paróiste. Rinne seisean an taibhse a dhíbirt, chuir sé isteach i mbuidéal é agus chaith sé isteach i Loch an Bhalbháin é.

Ba leor sin mar thús agam. Sa scéal a scríobh mé ansin chuaigh Gearmánach áitiúil ag iascach eascann sa loch agus tháinig sé ar an bhuidéal. Thug sé abhaile é, áit ar chuir a bhean suim ann. Nuair a d’inis sé di cá bhfuair sé é bhí uafás uirthi nó thuig sí cad é a bhí ann agus d’ordaigh sí dó é a chaitheamh isteach sa loch arís. Gheall sé go ndéanfadh sé amhlaidh, ach ansin bheartaigh sé ar an bhuidéal a dhíol ar an idirlíon.

Bhí deis agam ansin mar scríbhneoir gabháil i muinín na samhlaíochta féachaint cérbh iad na daoine truacánta éagsúla ar fud an domhain a bheadh ag gabháil in iomaíocht lena chéile lena leithéid de bhuidéal a cheannach. Shamhlaigh mé go raibh siad faoi gheasa an scáileáin, ar feadh seacht lá agus seacht n-oíche, mar a deirtear sna seanscéalta.

Anois, má tá tú ag iarraidh fáil amach cé acu a fuair an buidéal i ndeireadh na dála caithfidh tú gabháil siar trí sheanchóipeanna de An tUltach, nó fanacht le haghaidh an chéad chnuasaigh eile gearrscéalta uaim.

Ach fiú ansin, tá seans nach mbeidh an gearrscéal áirithe sin sa leabhar, nó tharla casadh gan choinne i scéal an scéil an tseachtain seo caite.

Tharla go raibh mé i mbun ceardlainne i scoil i gCaisleán na Deirge i dTír Eoghain agus rinne mé mo ghearrscéal a léamh agus a mhíniú do na dáltaí.
D’ardaigh dálta amháin a lámh agus dúirt:
‘Tharla sin anseo i gCaisleán na Deirge.’
Thosaigh siad uilig ag caint.
‘Tharla cinnte,’ arsa cailín. ‘Agus ba é Michael Jackson a cheannaigh é.’
‘An tAmhránaí?’ a cheistigh mé, amhail is go mbeadh aon seans ann gurb é ardeaspag Bhaile Átha Cliath a cheannódh buidéal ar an idirlíon a raibh taibhse ann.
‘Agus féach an rud a tharla dó!’ arsa lead eile.

Bhuel bhí siad uilig cinnte fá seo. Mar sin de ar theacht abhaile domh rinne mé ‘Castlederg Michael Jackson’ a ghoogláil agus phreab tuairisc ón bhliain 2004 suas ar an scáileán, áit gur féidir leat féin teacht air, mura gcreideann tú mé. Níl a fhios agam cad é ba chóir domh a dhéanamh anois.

Caithfidh gur chuala mé an scéal seo fá Michael Jackson ag an am ach go ndearna mé dearmad air. Níorbh é gur chuala mé scéal an bhuidéil ó na seandaoine in Achadh Gé gur smaoinigh mé ar ghearrscéal a scríobh, an dtuigeann tú, agus shíl mé gurb é mo smaoineamh féin é an buidéal a chur ar an idirlíon.

Ní dóigh liom gur féidir liom an gearrscéal seo a fhoilsiú arís mar scéal de mo chuid féin, bíodh nach bhfuil Michael Jackson nó a leithéid luaite agam. Is baolach go gcaithfidh mé an gearrscéal sin a fhágáil ar leataobh.

Ach cogar mé seo, má cuireadh taibhse i mbuidéal i gCaisleán na Deirge agus ceann eile in Achadh Gé caithfidh go bhfuil cúpla ceann eile amuigh ansin? Abair liom má tá, agus b’fhéidir go ndéanfaimid scéal mór de!

Release date:

Duration:

4 minutes

This clip is from