Machnamh Mhic Annaidh - LegenDerry

Is cuimhin liom oíche fadó nuair a ghlac mé páirt in ócáid liteartha i nDoire. Ar mhaithe le hairgead a bhailiú a bhí sé, nó le haird a dhíriú ar chúis éigin. Ní cuimhin liom agus is cuma liom. Filí agus ceoltóirí ag gabháil amach ar an ardán, duine i ndiaidh an duine eile, agus amhail na h-iarrthóirí in Britain’s Got Talent, bhí an-éagsúlacht ann, idir mhaith agus olc.

Bhí amhránaithe ann le giotair agus filí ann le leabhair. Ach ba mhó an méid ama a chaith na giotaraíthe i mbun túineála ná i mbun ceoil, agus ba mhó an méid ama a chaith na filí ag iarraidh na dánta a mhíniú sular léigh siad oiread is focal, is níorbh fhada go ndeachaigh an oíche chun leadráin is go ndeachaigh an leathchuid den lucht éisteachta chuig an bhéar.

Nó ní hionann agus Britain’s Got Talent ní raibh éinne ann le cnaipe a bhrú le stop a chur leis na hiarrachtaí pianmhara s’acu.

Bhí sé leath i ndiaidh an mheán oíche sula raibh an seal s’agamsa ann. Léigh mé gearrscéal goirid agus d’éalaigh mé amach as an áit.

Litir a fuair mé ó Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath a mhúscail na drochchuimhní seo i m’intinn. Cuireadh a bhí ann páirt a ghlacadh in ócáid liteartha a mbeadh céad scríbhneoir páirteach inti.

Céad scríbhneoir san aon áit amháin agus iad ag léamh, duine i ndiaidh an duine eile óna deich a chlog maidin de hAoine go dtí a dó a chlog tráthnóna de Sathairn.

Cén fáth? a deir tú. Bhuel, is é an Satharn sin, an 16 de mhí an Mheithimh, Lá Bloom – Bloomsday. Déantar oidhreacht liteartha Bhaile Átha Cliath a cheiliúradh ar an lá sin. Is é David Norris rí na cathrach ansin agus bíonn an tóir chéanna ar ócáidí liteartha Lá Bloom is a bhíonn ar ócáidí Gaelacha Lá na Féil’ Pádraig.

Ní iontas ar bith é mar sin go dtiocfaidh an oll-léamh seo chun buaice ar Lá Bloom.

Ach cén fáth go bhfuil a leithéid ag tarlú ar aon chuma?

Mar gur tharla a leithéid cheana ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta i mBeirlin cúpla bliain ó sin. Cúig scríbhneoir is seachtó a léigh an tráth sin, duine i ndiaidh an duine eile, gan stad, gan staonadh agus tá siad anois luaite i Leabhar Churiarrachtaí Guinness – nó Leabhar Cheirníní Mhic Aonghasa mar a tugadh air i gCumann Chluain Aird fadó.

Ba mhaith le Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath muintir Bheirlin a chaitheamh amach as leabhar Guinness agus a n-áit a ghlacadh agus sin an fáth go bhfuil siad ag iarraidh céad scríbhneoir a earcú chun páirt a ghlacadh sa mharatón léitheoireachta seo.

Agus tá sé a eagrú acu ar mhaithe le hairgead a bhailiú le haghaidh Áras na Scríbhneoirí agus ar mhaithe le haird a dhíriú ar obair an Árais. Beidh an rud ar fad a chraoladh beo ar an idirlíon ar fud an domhain. Nach maith sin.

Ba bhreá liom páirt a ghlacadh – ach – ach – bhuel, tá verucca ar mo chos agus tá coinne déanta agam leis an dochtúir, an dtuigeann tú, ach guím gach ráth ar an iarracht cibé.

Ach ansin tagann an focal Legenderry isteach i m’intinn, agus cuimhním siar arís ar an oíche sin i nDoire, agus tuigim go maith go mbeidh cathair an chultúir ag dúil go mór le hiarracht Bhaile Átha Cliath a sharú ar an bhliain seo chugainn.

Cúig scríbhneoir is seachtó i mBeirlin, céad acu i mBaile Átha Cliath – céad go léith i nDoire! Cuimhnigh gur chuala tú an chéad rabhadh anseo.

Agus má tharlaíonn go mbíonn aon duine ar mo lorg beidh mise ag déanamh oilithreachta ar Loch Dearg an tseachtain sin.

Release date:

Duration:

4 minutes

This clip is from