Machnamh Mhic Annaidh - Deireadh an Euro

Is oth liom seo, ach caithfidh mé foláireamh – rabhadh – a thabhairt duit anocht. Caithfidh tú éisteacht go cúramach leis an mhéid seo a leanas. Tá am an ghátair buailte linn, agus beidh deireadh leis an saol mar a thuigeann muid é Déardaoin seo chugainn.

Fógraíodh Dé Luain nach raibh ach deich lá fágtha ag polaiteoirí na hEorpa leis an euro a shábháil. Agus is beag an seans go ndéanfaidh siad a dhath anois. Rud a fhágann nach bhfuil againn ach tuairim is seachtain againn faoin am seo.

Agus idir an dá linn déanfaidh rialtas Bhaile Átha Cliath cáinfháisnéis a fhógairt a chuirfidh deireadh le cibé caiteachas a dhéanfar ar an taobh ó dheas.

Anois, níl an chuma ar mhuintir Thuaisceart Éireann go bhfuil siad buartha mar gheall air seo. Amhail is nach mbaineann sé linn a bheag nó a mhór. Ach má thiteann an tóin as an euro ag deireadh na seachtaine seo chugainn ní bheidh aon airgead le caitheamh ag na siopadóirí tras-teorainn a thagann ina sluaite go dtí an tIúr, go hInis Ceithleann, go Doire agus go Béal Feirste féin.

Seo mar a tharlóidh sé. Beidh cáinfháisnéis ann Dé Luain is Dé Máirt seo chugainn – an oiread sin athruithe nach féidir leo iad uilig a fhógairt ar an aon lá amháin – a sheolfaidh rabharta mór daoine trasna na teorainn Dé Céadaoin lena gcuid siopadóireachta Nollag a dhéanamh – ná bí ag caint ar léigear Dhoire – ní bheidh a dhath ar bith inchurtha leis seo – ach beidh deireadh leis chomh tobann céanna is a thosaigh sé nó Déardaoin titfidh an tóin as an euro is ní bheidh aon airgead le caitheamh acu.

A leithéid de chraos siopadóireachta is a bheidh ann Dé Céadaoin, daoine ag teacht ar thraenacha, ar rothair, ar asail, de shiúl na gcos lena bhfuil de euro-anna fágtha acu a chaitheamh.
Oiread is ceint rua ní fhágfar ag bun póca is ní bheidh a dhath ar bith fágtha ar sheilfeanna na siopaí ag deireadh an lae. Beidh pócaí na siopadóirí ar an Iúr agus i mBéal Feirste ag cur thar maoil agus beidh siad sona sásta. Ach nuair a théann siad chuig an bhanc maidin Déardaoin ní chuirfear aon fháilte rompu agus a gcuid euro nó beidh deireadh leis an euro thar oíche is beidh siopadóirí Thuaisceart Éireann bancbhriste.

Ní bheidh siad ábalta a thuilleadh stoc a cheannach agus beidh na seilfeanna folamh nuair a théann mise agus tusa ann ag deireadh na seachtaine.

Mar sin de, nuair a fógraíodh ag tús na seachtaine seo nach raibh ach deich lá ag polaiteoirí na hEorpa leis an euro a shábháil is é an rud a bhí i gceist i ndáiríre ná siopadóireacht na Nollag. Ná ceap go bhfuil trí lá siopadóireachta is fiche fágtha agat idir seo agus an Nollaig, mar NÍL. Beidh deireadh leis an siopadóireacht uilig Déardaoin seo chugainn, is beidh na siopaí chomh plodaithe sin Dé Céadaoin gur féidir linn an lá sin a fhágáil as an áireamh chomh maith. I ndáiríre mar sin, níl fágtha againn ach an lá amárach, sin an Aoine, Dé Sathairn, an Domhnach, an Luain, agus an Mháirt. Sin cúig lá san iomlán. Cúig lá.

Is oth liom seo. Nó níor mhaith liom lagmhisneach a chur ar aon duine in aimsir seo na féile, ach ní bheadh sé ceart nó cóir an scéal seo a choinneáil agam féin. Is foláireamh é seo, is foláireamh é seo, ní mór duit éisteacht liomsa, ní mór duit éisteacht liomsa, tiocfaidh deireadh leis an euro Déardaoin seo chugainn, Déardaoin seo chugainn, a deirim … … … [fade]

Release date:

Duration:

4 minutes

This clip is from