Listen :
Availability:
Sorry, this programme is not available to listen again . (why?)
Last broadcast on Thu, 9 Feb 2012, 19:03 on BBC Radio Ulster.
Synopsis
Join Lucinda Glynn for in-depth interviews, debate and great conversation on BBC Radio Ulster's Irish language magazine.
AR BLAS ANOCHT
Tá Siollabas Nua Gaeilge don Tríú Bliain Ollscoile seolta ní ba luaithe sa tseachtain seo. Bhí Coláiste Phádraig Droim Conrach agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh taobh thiar den tógra seo - tionscadal a tosaíodh sa bhliain 2008. Tá ábhar samplach ilmheánach – idir fhís, fhuaim agus fhocal – ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail, www.teagascnagaeilge.ie, suíomh atá á riaradh ag an Dr Caoimhín Ó Dónaill in Ollscoil Uladh. Is é sprioc an tógra seo ná freastal ar na riachtanais éagsúla a bhíonn ag na hinstitiúidí tríú léibhéal thuaidh agus theas ó thaobh teagasc na Gaeilge de. Beidh an Dr Caoimhín Ó Dónaill ar Blas anocht le tuilleadh a mhíniú faoin tógra seo.
‘Bran ar Scoil’ ‘Micí agus Ríra’ ‘Dioscó na mBó’….Cad a bhí á léamh agat agus tú ar scoil?
Seoladh sraith de sheasca leabhar úr do pháistí inniú ag an Áisaonad i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste i gcomhar le COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Beidh Jacaí de Brún ón Aisaonad agus Muireann Ní Mhóráin ó COGG linn chun labhairt le Lucinda faoin tógra. Chomh maith leis sin beidh Muireann ag caint faoi thógra eile atá seolta ag COGG le déanaí, áis fhoghlama le difríocht - cainéal ar iTunes ina bhfuil dánta, scéalta agus níos mó le cluinstin!
Seoladh Leabhar
MIANTA
Sa tsraith ‘Mianta’ beidh buaicphointí i saothar a saoil faoi chaibidil ag cúigear laoch de chuid phobal na Gaeilge. Is trí scuab péinte ealaíontóra a scaoileann siad a gcuid rún linn - cad é a bheadh ar bun acu dá mbeadh saol eile acu! Anocht cluinfidh muid ón tOllamh le Dlí Fionnuala Ní Aoláin. Seo an ceathrú mír den tsraith Mianta atá ar fáil ar www.bbc.co.uk/irish
Broadcast
-
Thu 9 Feb 201219:03
