Listen :
Availability:
Sorry, this programme is not available to listen again but we do have this Clip .
Last broadcast on Tue, 7 Feb 2012, 19:03 on BBC Radio Ulster (see all broadcasts).
Synopsis
Irish language learning series Giota Níos Mó. Wedding fever hits Barr na Sráide, and what exactly did Queen Elizabeth II say in Irish when she visited Dublin?
Clip (1)
AR BLAS ANOCHT
Giota Níos Mó
Má tá cúpla focal agat cheana féin agus tú réidh le snas a chur ar do chuid Gaeilge, seans maith go mbeidh sraith úr de chuid BBC TÉ ina cuidiú agat. Ag leanstan Giota Beag agus Giota Beag Eile, tugann an tsraith úr, Giota Níos Mó, deis duit cuir le do chuid Gaeilge de réir a chéile thar 15 seachtain.
Sa eagrán seo de ‘Giota Níos Mó’ tá an ghrá san aer i mBarr na Sráide. Tá roinnt focail chliste daoibh inár seanfhocal, agus céard go díreach a dúirt Banríon Shasana Éilís II nuair a thug sí cuairt ar Bhaile Átha Cliath? Bí linn anocht don chlár is deireannaí do ‘Ghiota Níos Mó’ chun freagraí na ceisteanna seo a fháil amach.
In Lesson 4 of ‘Giota Níos Mó’, wedding fever hits Barr na Sráide, there are some words of wisdom in our seanfhocal, and what exactly did Queen Elizabeth II say in Irish when she visited Dublin?
Logainmneacha i gceantar an Iúir agus Mhúrn
Ar smaoinigh tú riamh faoi stair agus oidhreacht do cheantar féin? Bhuel, tá an iliomad eolais le fáil i logainmneacha do cheantar. Reachtáladh ceardlanna ar an ábhar seo i dTeach na hÉise san Iúr inné agus d’fhreastal Louise McCreesh air. Sna ceardlanna seo caitheadh súil, ní amháin ar áitainmneacha agus an scéal a bhaineann leo ach ar ghnéithe eile den tírdhreach agus stair na ndaoine a raibh cónaí orthu san Iúr agus an Mhúrn thar na cianta, béaloideas agus litríocht na ndaoine san áireamh.
Eoghan Mac Diarmada – Pearsa Sheachtain na Gaeilge
Ainmníodh Eoghan Mac Diarmada mar phearsa Sheachtain na Gaeilge 2012 an tseachtain seo. Is aisteoir, láithreoir agus craoltóir raidió é Eoghan as Baile Átha Cliath ó dhúchas, ach é lonnaithe i Londain anois. Faoi láthair tá sé ag láithriú an tsraith nua teilifíse ar RTÉ ‘The Voice’ agus é ina láitheoir raidió ar XFM I Londain. Beidh Eoghan i mbun cainte le Louise McCreesh anocht, agus é ag insint di faoi thábhacht phearsa Sheachtain na Gaeilge agus faoin mhéid a dtabharfaí sé féin don ról. Reachtálfar Seachtain na Gaeilge i mbliana ón 5ú -17ú Márta.
Eoghan Mac Diarmada
Pearsa Sheachtain na Gaeilge 2012
Logainmneacha
Seachtain na Gaeilge
Giota Níos Mó
Broadcasts
-
Tue 7 Feb 201219:03
-
Tue 7 Feb 201219:03
