iPlayer Radio What's New?
Image for 10/11/2011

Sorry, this episode is not currently available on BBC iPlayer Radio

10/11/2011

Duration:
27 minutes
First broadcast:
Thursday 10 November 2011

Join Lucinda Glynn for in-depth interviews, debate and great conversation on BBC Radio Ulster's Irish Language Magazine.

  • AR BLAS ANOCHT

    Saol na Teicneolaíochta

    Tá an saol ag athrú go tapaidh agus na hathruithe is tapúla le feiceáil i saol na teicneolaíochta. Cluinfidh muid uaidh ár gcomhfhreagraí teicneolaíochta, Dáithí Ó Muirí anocht, faoi na forbairtí uile i saol an phobail 'tech savvy' seo. Má bhí amhras ort riamh go raibh an baol ann go mbeifeá i mbagairt bob nó ‘scam’ idirlín, cluinfidh tú uaidh Dháithí anocht faoina bobanna is déanaí a chaithfear súil a choinneáil amach dóibh. Inseoidh sé do Lucinda Glynn faoi chinsireacht Rialtas na Síne agus iad ag iarraidh cinntiú nach mbeidh fáil ag pobal na Síne ar roinnt cláracha teilifíse na réaltachta.

    Todhchaí an Eurozone

    Tá rialtas nua idirthréimhseach ag an nGréig, agus éiginnteacht Rialtas na hIodáile le braithint go láidir sna margaí airgeadais idirnáisiúnta. Chun ciall a bhaint as staid eacnamaíochta na hEorpa agus todhchaí an Eurozone, beidh Conall Ó Móráin linn ar chlár na hoíche anocht chun sracfhéachaint a thabhairt ar na himeachtaí is déanaí agus réamhfháisnéis eacnamaíochta a thabhairt dúinn mar thoradh ar na himeachtaí áirithe seo.

    Gendercide

    Ag fanacht le cúrsaí idirnaisiúnta agus an tionchar a bhíonn ag cúinsí gheilleagair ar chosmhuintir na cruinne tá Blas chun aghaidh a thabhairt ar chearta leanaí. I dtíortha áirithe cuirtear páistí óga chun báis go mí-dhleathach ar bhonn inscne. Bíonn an cleachtadh seo coitianta i dTíortha i gcongar agus i gcéin agus bíonn cúiseanna ar leith i gceist ag brath ar chultúr na tíre. Tá an tSeanadóir Ronán Mullen ag impí ar Rialtas na hÉireann Gendercide agus na himpleachtaí a bhaineann leis a ardú ag ardán idirnaisiúnta agus labharfaidh sé le Lucinda anocht ar Blas.

    Machnamh Mhic Annaidh

    Céard is géarchéim ann? Shílfeá go mbeadh neart taithí againn ag an bpointe seo faoi céard a chruthaíonn agus a chiallaíonn géarchéim. Dar le Séamas Mac Annaidh, níl. Ní hionann géarchéim agus na himpleachtaí sóisialta a bhaineann le géarchéim ár linne, chaithfeá dul siar sa stair i gcomhar cúinsí agus cur síos cruinn a fháil ar ghéarchéim.

Broadcasts

BBC © 2014 The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.

This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.

Added. Check out your playlist Dismiss