Image for 26/01/2011

Sorry, this episode is not currently available on BBC iPlayer Radio

26/01/2011

Duration:
27 minutes
First broadcast:
Wednesday 26 January 2011

Presented by Lucinda Glynn. Interviews and conversation on the Irish language magazine.

  • CLUB LEABHAR AR BLAS

    CLUB LEABHAR AR BLAS

    Uair sa mhí bíonn plé ar leabhair Ghaeilge nuafhoilsithe idir ghearrscéalta, úrscéalta, bheatháisnéisí, chnuasaigh fhilíochta agus ríomhleabhair.

    Sa tríú clár, pléann na painéalaithe filíocht Ghaeilge nua-fhoilsithe. I measc na saothar a bhéas faoi chaibidil tá:

    • An Fear sa Ghealach le Philip Cummings (Coiscéim)

    • Crithloinnir le Caitríona Ní Chléirchín (Coiscéim)

    • Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha in eagar ag Gearóid Denvir (Cló Iar-Chonnacht)

    Ar an phainéal le plé a dhéanamh ar an fhilíocht tá:

    • An Dr. Charlie Dillon – Léachtóir le Gaeilge, Ollscoil na Banríona

    • Séamus Mac Annaidh – Úrscéalaí

    • Caoimhe Ní Chathail – Iarchéimí, Ollscoil Uladh

  • AN FEAR SA GHEALACH

    AN FEAR SA GHEALACH

    Is dán fada amháin é seo ina bhfuil trí rannán déag. Insítear scéal sa dán a bhaineann le fear a ghlacann le conradh dul chun na gealaí agus cónaí a dhéanamh ann ach nach bhfuil cead aige teacht ar ais ar an domhan mhór choíche go deo. Déanann an dán cur síos ar na rudaí a tharlaíonn dó agus é ar an ghealach agus ar an mhachnamh a dhéanann sé ar an tsaol a d’fhág sé ina dhiaidh. Tá traidisiún na n-amhrán imirce le cluinstin sa dán agus bhí
    Cúirt an Mheán Oíche mar fhoinse stíle ag an fhile.

    PHILIP CUMMINGS

    Bhuaigh Philip Cummings Duais Ghaeilge Glen Dimplex 2006 ar a chéad chnuasach filíochta, Néalta (Coiscéim 2005). Rugadh é i mBéal Feirste i 1964 agus d’oibrigh sé mar mhúinteoir teanga ar feadh tamaill. Chaith sé 6 bliana mar riarthóir in Ollscoil na Banríona agus mar eagarthóir ealaíon ar Lá Nua ó 2003 go dtí 2008. Sna laethanta seo, taobh amuigh den fhilíocht, is aistritheoir é le CCEA.

    COISCÉIM
  • CRITHLOINNIR

    CRITHLOINNIR

    Is é seo an chéad chnuasach filíochta de chuid Caitríona Ní Chléirchín – cnuasach a bhain an chéad duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra in Oireachtas na Gaeilge 2010. Pléann na dánta s’aici téama an ghrá agus an dúlra agus tá ionracas agus oscailteacht le feiceáil i bhfilíocht Chaitríona. Scríobhann sí i dteanga na mothúchán agus na mianta agus tá tionchar ó fhealsúnacht na Fraince le sonrú ar fhilíocht Chaitríona.

    CAITRÍONA NÍ CHLÉIRCHÍN

    Is as Gort na Móna, Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin ó dhúchas de Chaitríona Ní Chléirchín. Is léachtóir Ghaeilge í i gColáiste na hOllscoile BÁC agus tá dochtúireacht ar bun aici ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson. Rinne sí máistreacht ar an litríocht Fhrancach nuair a bhí sí i Lyon na Fraince agus scríobhann sí ailt san Irish Times, Foinse agus Comhar.

    COISCÉIM
  • SÉ AN SAOL AN MÁISTIR

    SÉ AN SAOL AN MÁISTIR

    Tá 151 dán sa leabhar seo cúrtha in eagar ag an Ollamh Gearóid Denvir. Déanann Learaí Phádraic Learaí cur síos ar imeachtaí an phobail agus ar an seansaol a chleachtadh – ar na feirmeoirí, ar na hainmhithe, ar an dúlra agus ar an timpeallacht chultúrtha a bhí thart air. Is léir i bhfilíocht s’aige go raibh imni ar an fhile go raibh an saol Gaelach ag athrú agus go raibh an turasóireacht agus an Béarla ag teacht isteach sa Ghaeltacht. Feidhmíonn an saothar mar thuairisc staire ar an Ghaeltacht lena linn.

    LEARAÍ PHÁDRAIC LEARAÍ UÍ FHÍNNEADHA

    B’fhile pobail an-bhisiúil é Learaí Phádraic Learaí Ó Fínneadha lena linn féin i nGaeltacht Chonamara. Rugadh é sa bhliain 1932 sa Lochán Beag i gcroílár Ghaeltacht Chois Fharraige agus bhog sé nuair a phós sé go Bearna atá anois ar imeall chathair na Gallaimhe. Bhí traidiúin na filíochta agus an tseanchais an-laidir i measc a mhuintire.

    CLÓ IAR-CHONNACHT

Broadcasts

BBC © 2014 The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.

This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.

Added. Check out your playlist Dismiss