BBC HomeExplore the BBC
Cuireadh an leathanach seo i gcartlann agus ní dhéantar é a nuashonrú níos mó Faigh amach a thuilleadh faoi leathanaigh a chur i gcartlann

18 February 2015
Accessibility help
Text only

BBC Homepage
BBC NI
BBC NI Schools

Contact Us

Like this page?
Send it to a friend!

 

Clár 4: An Dúshlán Mór

 

An Dúshlán Mór English / Gaeilge

Míníonn Daidió do na páistí a thábhachtaí a bhí an t-eallach i ngeilleagar na hÉireann i bhfad ó shin agus go raibh an iomaíocht agus an t-éad chomh forleathan an t-am sin agus atá anois. Ba bhréa le Méabh, Banríon Chonnachta, seilbh a fháil ar an tarbh clúiteach, an Donn Chuailgne. Thairg sí é a cheannach ach nuair a diúltaíodh dá tairiscint chuaigh sí le báiní agus shocraigh sí go mbeadh an tarbh aici ar ais nó ar éigean. Chruinnigh Méabh arm cumhachtach in éadan Chúige Uladh agus d’agair sí draíocht in éadan na nUltach. Toisc nach Ultach ó dhúchas é Cú Chulainn tháinig sé slán as an gheis. Gan aon chabhair, chuaigh an laoch i ndeabhaidh le fir Mhéibhe. Ach bhí Méabh cliste cleasach.  Le barr glicis spreag sí éad le Cú Chulainn i gcroí Fhirdhia. In éadan a thola, mealladh Firdhia le haghaidh a thabhairt ar a chara agus a fhear muinteartha, Cú Chulainn. Fágann Daidió an scéal lena chríochnú níos moille.

 



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy