|
BBC Homepage BBC NI BBC NI Schools | |||
Contact Us Like this page? Send it to a friend! | |||
Clár 3: Grá agus Cath
Grá agus Cath English / GaeilgeTiteann Cú Chulainn i ngrá le hEimhear, duine de na mná is áille in Éirinn. Geallann siad bheith dílis dá chéile ach ar ball caithfidh siad scaradh nuair a leanann sé féin dá oiliúint mhíleata in Albain le Scáthach. Tugann Eimhear comhartha grá dó a gheallann sé a choinneáil i gcónaí. Le dua, baineann sé amach campa Scáthaí sa deireadh agus feabhsaíonn a chuid scileanna in aghaidh an lae. Agus í á thástáil éilíonn Scáthach an comhartha grá. Diúltaíonn sé di agus cuirtear i gcomhrac é le namhaid ilchruthacha. Agus a chomhartha grá caillte aige filleann sé faoi ghruaim ar Éirinn. Tuigeann Eimhear go dtiocfaidh a chuid oibre choíche idir é agus í agus in éadan a dtola scarann siad.
|
About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy |