Clár 1: Óige an Laoich
Áitíonn a chuid garpháistí ar Dhaidió ceann dá chuid scéalta Éireannacha a insint dóibh.
Aithriseann sé dóibh scéal Shéadanta (Cú Chulainn, mar is fearr aithne air) a chaith óige shona, saor ón scoil, go dtí gur mhothaigh sé go gcaithfeadh sé aghaidh a thabhairt ar a chinniúint.
Iolar a thugann le fios don ghasúr gur duine ar leith é agus go bhfuil sé daite ag Lúgh Lámhfhada dó a bheith ina laoch. Caithfidh sé gabháil go hEamhain Mhacha le hoiliúint a fháil agus le scileanna cogaidh a fhoghlaim. Ábhar imní do na gasúir eile é teacht ina measc. Glacann Conchúr Rí leis ach iarrann sé gealltanas air go ndéanfaidh sé freastal ar na daltaí eile. “Déanfaidh,” a deir Séadanta, “má dhéanann siad freastal ormsa.” Agus is mar sin a thosaigh sé ar a ghairm mar ghaiscíoch na finscéalaíochta.
Clár 1 agus bileoga oibre
Na nótaí agus bileoga oibre go léir
|