Clár
- Clár 1: Óige an Laoich
Áitíonn a chuid garpháistí ar Dhaidió ceann dá chuid scéalta Éireannacha a insint dóibh.
Aithriseann sé dóibh scéal Shéadanta (Cú Chulainn, mar is fearr aithne air) a chaith óige shona, saor ón scoil, go dtí gur mhothaigh sé go gcaithfeadh sé aghaidh a thabhairt ar a chinniúint. Agus is mar sin a thosaigh sé ar a ghairm, mar ghaiscíoch na finscéalaíochta.
Amharc Anois
- Clár 2:
Mar a Fuair Sé a Ainm
Tugadh cuireadh do Shéadanta agus dá chuid chairde chuig cóisir mhór ach thosaigh sé ar an aislingeacht agus fágadh ar deireadh é. Bhí an chóisir ar siúl nuair a bhain sé amach í, bhí na geataí faoi ghlas agus, rud ba mheasa arís, d'ionsaígh an gadhar faire é.
Amharc Anois
- Clár 3: Grá agus Cath
Titeann Cú Chulainn i ngrá le hEimhear, duine de na mná is áille in Éirinn. Geallann siad bheith dílis dá chéile ach ar ball caithfidh siad scaradh nuair a leanann sé féin dá oiliúint mhíleata in Albain le Scáthach.
Amharc Anois
- Clár 4: An Dúshlán Mór
Ba bhréa le Méabh, Banríon Chonnachta, seilbh a fháil ar an tarbh clúiteach, an Donn Chuailgne. Thairg sí é a cheannach ach nuair a diúltaíodh da tairiscint chuaigh sí le báiní agus shocraigh sí go mbeadh an tarbh aici ar ais nó ar éigean. Chruinnigh Méabh arm cumhachtach in éadan Chúige Uladh agus d'agair sí draíocht in éadan na nUltach.
Amharc Anois
- Clár 5: Bás an Laoich
Ní raibh ag éirí le harm Chonnachta mórán talaimh a dhéanamh in éadan Chú Chulainn. Bhí sé ag leagan cuid fear Mhéibhe ina nduine is ina nduine. Sa deireadh, cuireadh Firdhia, deartháir altrama Chú Chulainn, i ndeabhaidh leis. Throid siad leo ar feadh laethanta agus san oíche cuidigh siad lena chéile agus thug siad a chéile chun bisigh. Gheall siad bheith ina ndeartháireacha choíche ag a chéile ach sa deireadh mharaigh Cú Chulainn Firdhia.
Amharc Anois
|