 |
  Ó pháirceanna cruithneachta Cheanada, fríd chéanna Bhéal Feirste agus Bhacús Ormeau go dtí an t-ollmhargadh - léiriú ar na céimeanna i ndéanamh builín aráin.
 "Harold na nGlún Gearbach" le Bernagh Brims.
|

Tabhair Chugainn An t-Arán Inniu le Chris Ward Aistrithe ag Seán Mac Aindreasa
Donn, sóid, geal agus breac
Arán práta ag mo mhamaí sa teach
Arán coirce agus bap mór bán
Tabhair chugainn an t-arán inniu.
Baintear an chruithneacht le speal agus inneall
Síos le deifir go muileann na meilte
Púdar geal plúir don arán geal úr
Tabhair chugainn an t-arán inniu.
Déanaimis taos, ná déanaimis craos
Uisce ‘gus deasca, beidh fleá againn feasta
Síos leis sa stán, go béal is é lán
Tabhair chugainn an t-arán inniu.
Donn, sóid, geal agus breac
Arán práta ag mo mhamaí sa teach
Arán coirce agus bap mór bán
Tabhair chugainn an t-arán inniu.
Déanaimis císte ‘gus déanaimis scíste
Déanaimis pancóg ná déanaimis meancóg
Feach an gal, ag éirí ar ball
Tabhair chugainn an t-arán inniu.
Mothaigh an boladh, tá mo bholg mór folamh
Ith leat é go gasta, nach é atá blasta
Díreach mar is cóir dó, ith thusa slis mhór dó
Tabhair chugainn an t-arán inniu.
|

Roinnt cineálacha éagsúla aráin a bhailiú; na cáilíochtaí éagsúla a phlé.
Suirbhé ranga nó scoile a dhéanamh lena fháil amach cé acu is fearr le daoine.
Scrúdú a dhéanamh ar an chuid sin den chlúdach a chuireanna síos ar na comhábhair lena fháil amach cad é a théann isteach i mbuilín.
Úsáid a bhaint as bunoideas, agus cuidiú cócaire, lena gcuid aráin féin a dhéanamh.
Na tíorthaí as a dtáinig roinnt de na comhábhair a aithint agus iad a mharcáil ar léarscáil.
Plé a dhéanamh ar na postanna atá bainteach le déanamh builín agus le é a sheacadadh chuig na siopaí.
|

Cuairt a thabhairt ar bhacús chun go bhfeice siad na comhábhair atá i mbuilín ag teacht le chéile, an bhruith féin agus ansin clúdach á chur ar an bhuilín chríochnaithe.
Cuairt a thabhairt ar ollmhargadh lena fháil amach cad é an t-éileamh atá ar bhuilíní éagsúla.
Plé a dhéanamh ar na postanna éagsúla agus modhanna iompair éagsúla atá bainteach le builín a thabhairt chuig seilf shiopa/doras s’agat.
Roinnt pictiúr/léaráidí a chuireann síos ar thuras builín a chur san ord ceart. (Féach leathanach oibre 9)
Na rudaí céanna a dhéanamh mar gheall ar rud eile a cheannaítear, m.sh. bainne.
|

|
Béarla: |
- Orduithe agus barúlacha a thabhairt; éisteacht le horduithe agus barúlacha daoine eile a chur san áireamh.
-
Rólanna a imirt a bhaineann le postanna a ndearnadh scrúdú orthu le linn na cuairte stáidéir go dtí an bacús.
-
Cur síos ar radharcanna, fhuaimeanna agus bholaidh ar tháinig siad trasna orthu sa bhacús ranga/ le linn cuairte chuig an bhacús.
-
Oidis shimplí agus liostaí comhábhar a léamh.
-
Ábhar scríofa faoin timpeallacht a léamh, m.sh. fógraí i monarcha/siopa.
-
Scéalta/dánta a scríobh bunaithe ar an eolas agus an tuiscint atá faighte acu faoi thuras builín.
-
Litreacha iarratais/buíochais a scríobh chuig siopa/cócaire/bacús.
-
Nótaí simplí a scríobh mar thaifead ar smaointí/rudaí a tugadh faoi deara le linn obair pháirce.
-
Foclóir agus litriú úr a fhoghlaim - ceapaire, flaigín, tae, cáis, tráta srl.
-
Cur síos a dhéanamh ar an lón is fearr leo, deoch san áireamh.
-
Plé a dhéanamh ar na húsáidí eile atá le harán taobh amuigh de cheapairí - arán rósta, milseogaí, ceirín.
-
Plé a dhéanamh ar na himpleachtaí morálta i scéal “Harold na nGlún Gearbach”. (Sin é : Ar imir sé cleas ar an siopadóir? Ar chóir dó a admháil nár ghearr sé a ghlúine ar leac a dorais? Cad a shílfeadh máthair s’aige den ‘bhronntanas’?
|
Mata: |
- Iarracht a dhéanamh líon roinnt rudaí a mheas m.sh. líon na mbuilíní ar thráidire amháin.
Cileagram a thuigbheáil.
-
Na céimeanna éagsúla i ndéanamh builín a chur san ord ceart.
-
Dálaí a bhailiú agus a thaifead a bheadh ina chuidiú le rudaí a chur san ord ceart.
-
Eolas a bhaint amach as réimse cáirteanna, léaráidí agus táblaí a bhaineas le déanamh/turas builín.
-
Eolas a chur isteach agus a aimsiú, m.sh. faoi líon na mbuilíní a dhíoltar, i mbun dálaí simplí.
|
Eolaíocht: |
- Bheith ag obair le réimse ábhar m.sh. na comhábhair atá de dhíth le builín a dhéanamh.
Tréithe na n-ábhar seo a iniúchadh.
-
A thabhairt faoi deara cad é an tionchar atá ag teas ard ar an mheascán.
-
A fháil amach faoi roinnt de na húsáidí atá le leictreachas - agus na baoil a bhaineas leis.
Scrúdú a dhéanamh ar an toradh a bhíonn ag giosta agus sóid móide bláthach (aigéad) ar thaos.
Aigéad aiceatach(fínéagar) a chur isteach le sóid dhécharbónáite (sóid bhácála) agus an boilgearnach a thabhairt faoi deara. Éisteacht leis an siosarnach. Plé a dhéanamh faoin toradh a bheas ag na bolgáin ghais ar an taos.
-
A fháil amach cad é mar a úsáideann plandaí arbhair fuinneamh ó sholas na gréine chun fás agus plúr a dhéanamh.
-
Foghlaim faoi chruithneacht, choirce, eorna, seagal agus ghrán bhuí agus conas iad a aithint.
Arbhair a fhás ó shíol ar leac fuinneoige.
-
Lena fháil amach cad é a tharlaíonn do shíoltaí faoin talamh, bain úsáid as páipéar súite i bhfoirm sorcóra leis an taobh istigh de phróca gloine a chlúdach. Líon an próca le páipéar tais, min sáibh nó móin. Coinníonn sé seo an páipéar brúite in éadan na gloine agus soláthraíonn an taise atá de dhíth le go dtig leis na síolta péadadh. Cuir na síolta idir an páipéar agus an ghloine agus cuir an próca i gcófra te. Amharc air achan lá agus ná lig don pháipéar triomú. Nuair a phéacann na síolta taifead an fás achan lá agus tomhais an fad atá sna fréamhacha agus sna péacáin. Tabhair faoi deara go mbíonn fréamhacha ag fás síos agus péacáin suas - fiú nuair a bhíonn an próca bun os cionn.
-
A fháil amach cén dóigh a n-úsáideann muid plúr chun fuinneamh a fháil agus chun fás - an córas díleá.
-
Plé a dhéanamh ar an dóigh a ndéantar pota tae - leá agus tuaslagán.
-
A fháil amach cad é mar a choinníonn flaigín leachta te nó fuar.
-
Plé a dhéanamh ar na bianna uilig a luaíodh sa chlár agus foghlaim faoin dóigh a ndéantar iad.
|
Stair: |
- Na bundifríochtaí a aithint idir an dóigh a ndearnadh, seachadadh agus díoladh builíní san am a chuaigh thart agus mar atá inniu.
-
Pictiúir, léaráidí agus cur síos simplí ar na céimeanna éagsúla i dturas builín a chur san ord ceart.
-
A fháil amach cá huair a d’úsáid daoine arbhair den chéad uair.
-
A fhoghlaim faoi mheilt arbhar le cró - ag baint úsáide as pictiúir.
-
Iarracht a dhéanamh cruithneacht nó eorna a mheilt idir dhá chloch.
-
Úsáid a bhaint as seanphictiúir chun foghlaim faoi fheirmeoireacht arbhair agus faoi mhuilleoireacht san am a chuaigh thart.
-
Úsáid a bhaint as seanphictiúir chun foghlaim faoi bhacéireacht san am a chuaigh thart.
|
Tíreolaíocht: |
- A fháil amach faoin phlanda tae agus faoin dóigh a ndéantar é.
-
A fháil amach cá has a dtagann tae agus cén dóigh a dtig sé anseo.
-
Cineálacha éagsúla aráin ó thíortha eile - baguette, pitta, nan.
|
Ealaín / Dearadh: |
- Athruithe i meascán an bhuilín a thabhairt faoi deara agus a thaifead. Dathanna, cruthanna, tréithe a bhaineann le cineálacha éagsúla aráin a aithint.
-
Samhlacha a dhéanamh as taos agus arán tais - iad a pheinteáil nuair a bhíonn siad tirim.
|
|
|
|
|