 |
  Siopadóireacht ón siopa cúinne go dtí ollmhargaidh; ionaid shiopadóireachta agus cláir phost-tráchta.
 "Liosta Siopadóireachta Thadhg Mhic Thomáis" le hAnne Burnett.
|

Ag Ceannach is ag Fanacht le Chris Ward Aistrithe ag Seán Mac Aindreasa
Bhí siopa beag uair ag bun na sráide
Áit a gceannófá mála plúir
Áit a bhfaighfeá brioscaí, arán is milseáin
Is comhrá soineanta ciúin.
Gheofá cupán is ciseán, bioráin is scine
Im agus bainne ‘gus cáis
Barra mór sópa is deich slat de rópa
Tae agus caife ‘gus blá’ch.
Ach anois thig leat..
Bheith ag ceannach is ag fanacht
Ag ceannach is ag fanacht
Tabhair leat an carr nó fág é.
Bí ag ceannach is ag fanacht
Ag ceannach is ag fanacht
San ollmhargadh ollmhór.
Ar sheilfeanna an mhargaidh tá sraitheanna agus sraitheanna
Agus sraitheanna de gach cineál earraí
Cuisneoirí feola agus tubáin uachtar reoite
Piseanna ‘gus pónáirí ‘gus barraí
De sheachláidí atá milis agus líonfá suas tralaí
Le harán ‘gus scailliúin ‘gus síol
Ansin seasamh ag an scipéad le breis is leathuaire
Ag fanacht leis an airgead a dhíol
Ach anois thig leat..
Bheith ag ceannach is ag fanacht
Ag ceannach is ag fanacht
Tabhair leat an carr nó fág é.
Bí ag ceannach is ag fanacht
Ag ceannach is ag fanacht
San ollmhargadh ollmhór.
Bí ag ceannach is ag fanacht
Ag ceannach is ag fanacht
Tabhair leat an carr nó fág é
Bí ag ceannach is ag fanacht
Ag ceannach is ag fanacht
San ollmhargadh ollmhór.
FÁG AR AIS AN TRALAÍ, LE DO THOIL!
|

Plé a dhéanamh faoi cad is siopa ann, na cineálacha éagsúla siopa atá ann agus fán áit a bhfaightear iad go hiondúil. (Féach chomh maith leathanach oibre 7).
Earraí a ceannaíodh (ag an mhúinteoir) ar thuras siopadóireachta a chur i ranganna éagsúla m.sh. bia, leigheas, éadaí, earraí crua, irisí.
A fháil amach cad é chomh minic is a théann daoine ag siopadóireacht fá choinne cuid de na hearraí seo.
Suirbhéanna a dhéanamh lena fháil amach, mar shampla, cad é an siopa is úsáidí agus an siopa is fearr le daoine.
Patrúin shiopadóireachta a iniúchadh agus an dóigh a n-athraíonn siad ó shiopaí sainearraí go dtí ollmhargaidh.
Siopa ranga a chur ar bun a úsáidfear in imeachtaí céimnithe.
|

Liosta ceisteanna a chumadh mar gheall ar shiopaí, shiopadóirí agus lucht ceannaithe arbh fhéidir a chur le linn cuairte ar shiopa (A leithéid : Cá huair a osclaíonn/dhruideann an siopa? Cá mhéad duine atá ag obair ansin? I rith an ama? Cad é mar a shocraítear na laethe saoire? Cá has a dtagann na hearraí? Cé chomh fada is atá an siopa ansin? Cad é mar a bhíonn a fhios ag an siopadóir cad é atá le hordú? Cad é mar a dhéantar na hearraí a sheachadadh chun an tsiopa?...)
Socrú a dhéanamh le cuairt a thabhairt ar shiopa sa chomharsanacht. Codanna cuí de cheistiúchán a dhéanamh.
Lipéid bhia a bhailiú sa bhaile agus tíortha a ndéanta a mharcáil ar léarscáil.
A thabhairt faoi deara cá háit a ndearnadh a mbreagáin/éadaí agus é sin a mharcáil ar léarscáil.
Cluiche pleanála a imirt arbh fhéidir leis iad a spreagadh chun smaoineamh a dhéanamh ar an dóigh gur féidir le tógáil ollmhargaidh dul i bhfeidhm ar an timpeallacht. (Féach leathanach oibre 8)
|

|
Béarla: |
- Ceisteanna a chumadh agus a chur; tuairimí a thabhairt ar shaol na siopadóirí is na ndaoine a bhíonn ag obair dóibh.
-
Smaointí, mothúcháin agus barúlacha s’acu mar gheall ar shiopaí a chur in iúl.
-
Lipéid agus fógraí a léamh.
-
Fógraí dá gcuid féin a scríobh.
-
Foclóir úr a roghnú agus a fhoghlaim.
-
Ag baint úsáide as pictiúir, a oibriú amach cé na hearraí a fhaightear i siopaí éagsúla.
|
Mata: |
- Eolas a bhailiú agus a thaifead agus comparáidí a dhéanamh mar gheall ar líon na gcustaiméirí a théann isteach i siopaí éagsúla le linn na tréimhse céanna; (Béarla : Fáthanna a mholadh leis na difríochtaí a mhíniú.)
-
Cur síos ar shuíomh na siopaí i sráid/ionad siopadóireachta ag baint úsáide as "ar an taobh deas de, faoi.."
-
Cur síos ar shuíomh earraí éagsúla san ollmhargadh/siopa. (Béarla : Fathanna a mholadh lena mhíniú cad chuige a mbíonn seacláid ar fáil go minic ag na scipéid.)
-
Boinn a aithint agus fios a bheith acu conas iad a úsáid i ngnóithe simplí.
-
A thuigbheáil cad é mar a dhéantar airgead a chuntas de ghnáth agus an modh sin a úsáid.
-
Airgead a shuimiú agus a dhealú suas go dtí £10 ar a laghad agus é sin a úsáid i gcásanna ranga le fadhbanna a réiteach.
-
A ríomh cad é an brabach a rinne siopadóir ar earraí éagsúla.
|
Eolaíocht: |
- A fháil amach cad chuige a mbíonn bia ag lobhadh.
-
Tástáil a dhéanamh le bainne agus arán sa chuisneoir agus ag teocht seomra - a fháil amach cé acu bainne a mbíonn boladh uaidh ar dtús agus cé acu arán a éiríonn liath ar dtús.
-
A fhoghlaim faoi na dóigheanna a úsáidtear le bia a choinneáil úr - triomú, picilt, cur i gcannaí, reo.
|
Stair: |
- Iniúchadh a dhéanamh ar na hathruithe a tharla ó na 50í i leith i siopaí agus sna rudaí a dhíolann siad.
-
Foghlaim faoi £sd agus é sin a chur i gcomparáid le hairgead an lae inniu.
-
Úsáid a bhaint as cnuasachtaí bonn má bhíonn siad ar fáil.
-
Comparáid a dhéanamh idir dhá chiseán de bhunearraí - ceann amháin ón lá inniu agus ceann ón am atá thart - i téarmaí costais.
-
Praiseanna réimse earraí, ón lá inniu agus ón am atá thart, a chur i gcomparáid lena chéile.
|
Tíreolaíocht: |
- Plé a dhéanamh ar na dóigheanna a dtugtar earraí chun na siopaí - leoraí, long, traein agus veain.
Plé a dhéanamh ar na postanna a bhíonn ag daoine i dtionscal an bhia.
-
Plé a dhéanamh ar cad a tharlaíonn do bhuidéil, chlúdaigh agus bhoscaí a úsáideadh agus don bhia a chaitear amach - staidéar agus plé a dhéanamh ar phictiúr nó scannán de charn bruscair.
-
Smaoineamh a dhéanamh ar na rudaí a théann isteach sa bhosca bruscair gachseachtain.
|
Ealaín / Dearadh: |
- Samhail a dhéanamh de shráid/ionad siopadóireachta ag baint úsáide as phaicéid mhaisithe arbhair mar shiopaí. Iad a shuí i gceart.
-
Comparáid a dhéanamh idir fógraí do shiopaí éagsúla ón nuachtán áitiúil. Cé acu is fearr? Cad chuige?
-
Fógra don siopa scoile nó siopa ranga a dhearadh
|
|
|
|
|