BBC HomeExplore the BBC
This page was last updated in June 2003We've left it here for reference.More information

18 December 2009
Accessibility help
Text only

BBC Homepage
BBC NI Schools

An tÁiléar Draíochta

An Gaeilge
 
Treoracha
Iompar
Tithe
Siopaí
Turas Builín
 

 
Íoschóipeáil Notaí (PDF)
Íoschóipeáil Bileoga Oibre (PDF)
English Version
Buíochas
 

Contact Us

Like this page?
Send it to a friend!

 
Clar 2 - Iompar - 9 Samhain
Pictuir na sraithe

Ábhar:
Modhanna iompair inniu, san am a chuaigh thart agus i dtíortha eile.
Scéal
"Planda Mhárta Ní Mhaolchraoibhe" le Ann Burnett

Amhrán

Ar Do Chosa Caith Do Bhróga   le Chris Ward
Aistrithe ag Seán Mac Aindreasa

Más mian leat gabháil a thaisteal
Más mian leat gabháil a thaisteal
Nó gabháil isteach sa chathair
Is tú ag gabháil isteach sa chathair
Ar do chosa caith do bhróga
Ar do chosa caith do bhróga
Is tú ag siúl síos an bóthar

Ach thig leat taisteal ar an traein
Nó in eitleán san aer
Nó cuir do chóta ort le fonn
Agus gabh ar bharr na dtonn
Nó más leat is fearr
Gabh amach sa charr
Ach is éadrom ar do chos
Tú léim isteach sa bhus

Ach más mian leat gabháil go socair
Ar aghaidh leat ar do rothar
Agus ualach trom le hiompar
Tabhair leoraí leat le compord
Nó ba dheas an taisteal ort
Tarracóir sa ghort
Ach is éadrom ar do chos
Tú léim isteach sa bhus

Roimh amharc ar an chlár thiocfadh leis na daltaí

Plé a dhéanamh ar an cheist "Cad é an chiall atá le hiompar?"

Ceangal a dhéanamh idir modhanna éagsúla iompair agus gnéithe ar mháta súgartha (tarracóir - feirm; tancar artola - stáisiún artola; leoraí seachadta - ollmhargadh...)

Ceangal a dhéanamh idir modhanna iompair agus turasanna ar leith ( bus - turas ranga go Cúil Trá; eitleán - saoire i Maisearca;...) (Féach leathanach oibre 3)

Pictiúir de mhodhanna éagsúla iompair a bhailiú chun greamphictiúr a dhéanamh.

Modhanna éagsúla iompair a bhailiú chun taispeántas a dhéanamh.

Modhanna iompair a iniúchadh a d’úsáid tuismitheoirí na ndaltaí agus a dtuismitheoirí siúd nuair a bhí siad ar scoil.

Suirbhé tráchta ar shuíomh sábháilte cóngarach don scoil a phleanáil agus a chur i gcrích.

Plé a dhéanamh ar an líon carranna nach bhfuil iontu ach duine amháin: Cad iad na fadhbanna a chothaíonn sé seo?

‘Oifig ticéad’ agus ‘gníomhaireacht taistil’ a chur ar bun sa seomra ranga.

I ndiaidh amharc ar an chlár thiocfadh le daltaí

Cuairt a thabhairt ar stáisiún bus nó traenach, aerphort nó chaladh farantóireachta chun eolas a fháil ar na modhanna iompair sin agus na postanna a bhaineas leo.

Cuairt a thabhairt ar stáisiún dóiteáin nó bád tarrthála chun eolas a fháil ar na modhanna speisialta iompair sin.

Plé a dhéanamh ar na modhanna iompair a úsáidtear i dtíortha éagsúla ar fud an domhain (gluaisrothar sleamhnáin nó skidoo in áiteacha a mbíonn cuid mhór sneachta iontu; camaill sa ghaineamhlach; busanna uisce i gcathracha a bhfuil bealaí uisce iontu; iarnród faoi thalamh i gcathracha móra.)

Plé a dhéanamh ar na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineas le modhanna éagsúla iompair (eitleáin - gasta, thig leo cuid mhór daoine a iompar ach tá siad callánach, daor agus úsáideann siad cuid mhór artola; rothair - saor le húsáid , ní ghineann siad truailliú ar bith, míchompordach nuair a bhíonn an aimsir go dona. (Féach leathanach oibre 4)

Ceangail le réimsí eile den churaclam

Béarla:

  • Plé a dhéanamh ar na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineas le modhanna éagsúla iompair.
  • Bainisteoir bus m.sh.a cheistiú.
  • A gcuid smaointí agus mothúchán a chur in iúl m.sh. faoi thurasanna a rinneadh.
  • Rólanna a imirt sa seomra ranga, m.sh. gníomhaire taistil.
  • Scéaltaí agus dántaí faoi iompar a léamh.
  • Ciall a bhaint as grianghrafanna agus léaráidí eile i leabhair, irisí srl.
  • Ciall a bhaint as ábhar scríofa faoin imshaol, a leithéid - comharthaí bóthair, fógraí agus ticéid.
  • Scéalta agus dánta a scríobh a bhaineas le hiompar.
  • Litreacha a scríobh, m.sh. iarratas ar chuairt/ litir buíochais.
  • Lipéid a scríobh do ghrianghrafanna a bhaineann le hiompar.
  • Foclóir agus litriú úr a fhoghlaim : iompar, rothar, stró, logainmneacha, inneall gaile, feithicil, eitleán, canáil, gondala. Plé a dhéanamh faoi na modhanna taistil is fearr leo agus faoin turas is fearr dá ndearna siad riamh.
  • Cur síos a dhéanamh ar an turas chun na scoile.
  • Éisteacht le téip ar a bhfuil nuacht faoi thaisteal agus thrácht ón raidió.
  • Plé a dhéanamh faoi mhodhanna neamhchoitianta iompair - balún aeir the, fomhuireán, faoileoir, crochfhaoileoir, iarnród cábla.
  • Plé a dhéanamh ar mhodhanna iompair amach anseo - cad é a bheas ann?

Mata:

  • Cuidiú le dearadh leathanaigh bhreathnóireachta.
  • Mioneolas faoi shuirbhé tráchta a chruinniú/thaifeadadh.
  • Eolas faoi iompar a fháil ó réimse cairteanna, diagram agus táblaí.
  • Eolas a chur isteach agus a aimsiú i mbunstóras dálaí.
  • An méid ama a thógann turasanna áirithe a mheas agus a fháil amach.
  • Costas turasanna áirithe a fháil amach.
  • Fad turasanna áirithe a mheas agus a fháil amach.
  • Plé a dhéanamh ar na modhanna iompair is gaiste/is moille. Plé a dhéanamh ar luas.

Eolaíocht:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar na forsaí a chuireann feithiclí ag gluaiseacht agus ar na gléasanna a úsáideanna feithiclí chun fuinneamh a thaisceadh.
  • Foghlaim faoi fhuinneamh, fhorsaí agus chuimilt.
  • Foghlaim faoi stopadh agus treo a athrú.
  • Foghlaim faoi imtharraingt - ag dul suas mala agus ag dúl le fána.
  • Foghlaim faoi fhoinsí fuinnimh; faoi na dóigheanna a scaoiltear é agus faoin fhuíoll a ghintear; truailleamh.
  • Foghlaim faoi luas fuaime agus solais.
  • Súgradh le bréagfheithiclí - cinn a bhfuil spriong iontu agus cinn eile a bhfuil roth lústair iontu - ag dul suas mala agus ag dúl le fána agus ar an réidh.

Stair:

  • Pictiúir a chur san ord ceart chun forbairt m.sh. an ghluaisteáin/ an eitleáin/na loinge... a léiriú.
  • Úsáid a bhaint as amlíntí le pictiúir chun foghlaim faoi iompar san am a chuaigh thart - ar bhóithre/chasáin, ar uisce agus aibhneacha agus canálacha san áireamh, ar an iarnród, san aer.
  • Turasanna clúiteacha - fírinne agus finscéal : Columbus, An Captaen Scott, Jason agus Lomra an Óir, Odysseus.

Tíreolaíocht:

  • Fáil amach faoi na postanna a dhéanann daoine i gcórasanna iompair - píolóta, tiománaí, captaen srl.
  • Fáil amach faoi na postanna a bhaineas le foinsí fuinnimh - mianadóirí, oibrithe ar rige ola.
  • Fáil amach cá háit a bhfuil foinsí fuinnimh - gual, ola.

Creideamh:

  • Turas na dTrí Rí; An Turas chun na hÉigipte; An tÉalú ón Éigipt.


Ealaín / Dearadh:

  • Breathnú ar ghnéithe éagsúla iompair sa cheantar máguaird agus taifead a dhéanamh díobh.
  • Smaointí ar iompar a fhorbairt ag úsáid áiseanna agus ábhar taighde.

Ceird:

  • Breagán a dhéanamh atá á thiomáint le banda rubair, m.sh. spól, coinneall agus cipín.
  • Breagán a dhéanamh atá á thiomáint le motar leictreach a úsáideann cumhacht chadhnra.







About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy