 |
  Treoracha simplí chomh maith le bunléamh léarscáileanna. Tugtar isteach bunfhoclóir a bhaineann le suíomh agus le treoir, sin é : in aice le, taobh thiar de, faoi, ar dheis, ar clé, thuaidh, theas, thoir, thiar.
 "Breithlá Heilín" le Sam McBratney
|

Léarscáil i do Lámh le Chris Ward Aistrithe ag Seán Mac Aindreasa
Ó thuaidh, ó dheas, soir agus siar
Gabh díreach chun tosaigh nó gabh ar fiar
Suas, síos, amach, isteach
Ar ais arís agus foghlaim ceacht
Ar chúl, chun tosaigh agus os do chionn
Díreach ar aghaidh, cas go beacht
Thar, faoi agus ar leataobh
Ar ais arís agus foghlaim ceacht
Léarscáil i do lámh
Léarscáil i do lámh
Hata ar do cheann
Agus léarscáil i do lámh
Tríd, faoi agus díreach anonn
Anois gabh síos an lár go beacht
In aice an imill, isteach ar an taobh
Ar ais arís agus foghlaim ceacht
|

Cur síos a dhéanamh ar na gnéithe feiceálacha, sa rang nó taobh amuigh, i gcoibhneas a chéile, ag úsáid teanga cuí m.sh. in aice le, os comhair, taobh thiar de .....
Treoracha a thabhairt dá chéile le go dtig leo turasanna ranga a dhéanamh agus na turasanna sin a dhéanamh níos casta de réir a chéile. M.sh. ón suíochán go dtí an doirteal (a) an bealach is dírí, (b) bealach a bhfuil níos mó castaí i gceist ann.
Léarscáileanna ullmhaithe den seomra ranga a úsáid agus iad a shuí ag cur siombail léarscáile i líne leis an rud a seasann siad dó (m.sh. deasc an mhúinteora) agus ansin plean a dhéanamh dá gcuid turasanna ag úsáid dathanna éagsúla do achan cheann acu.
|

Agus iad ag obair i ngrúpaí, ‘stór’ dá gcuid féin a chur i bhfolach sa seomra ranga, sa halla nó i bhfearann na scoile agus leideanna a chur ar fáil do ghrúpaí eile a dhéanann iarracht teacht air.
Ag obair ina n-aonar nó ina bpéirí, léarscáileanna de oileán an stóir a dhearadh a bhfuil gnéithe iontu atá pléite ag an rang (m.sh. aillte, foraois, bá, ceann tíre, abhainn, seisceann..) agus a dtig Thuaidh, Theas, Thoir agus Thiar a úsáid orthu. (Féach leathanach oibre 1).
An bealach a dtáinig na páistí ar scoil a aimsiú ar léarscáil. Suigh an léarscáil sa dóigh is go mbíonn na páistí i gcónaí ag amharc díreach síos an bóthar a mbíonn siad ag taisteal air. Cá mhéad casadh ar dheis agus ar clé a dhéanann fear an phoist? (Féach leathanach oibre 2).
Cleachtadh a dhéanamh ar bhunléarscáileanna a shuí ag leanúint cúrsa a leagadh amach sa halla/chlós.
Clár a thabhairt do Roamer sa dóigh is go mbeidh sé ag bogadh achar áirid i dtreo áirid chun, mar shampla,leideanna a fháil ar láthair stóir atá i bhfolach.
Páirt a ghlacadh i siúlóid bhreathnóireachta i bhfearann na scoile nó sa cheantar máguaird agus na gnéithe a thugann siad faoi deara a chur san ord ceart ar theacht ar ais dóibh.
Úsáid a bhaint as compásrós an chlóis scoile chun Thuaidh, Theas, Thoir agus Thiar a dhéanamh amach agus léaráid a dhéanamh de ghné amháin atá le feiceáil nuair a amharcann siad in achan treo.
|

|
Béarla: |
|
Dráma: |
- Radharc as ‘Breithlá Heilín’ a dhéanamh.
-
A leaganacha féin den radharc a chumadh.
|
Mata: |
- Úsáid a bhaint as réamhfhocail le suíomh, gluaiseacht agus treo a léiriú.
-
Úsáid a bhaint as Roamer chun gluaiseacht agus treo a iniúchadh.
|
Stair : |
- Gnéithe a tugadh faoi deara le linn siúlóide breathnóireachta a chur san ord ceart.
-
Úsáid a bhaint as pictiúir nó as siúlóid chun comparáid a dhéanamh idir seanfhoirgnimh agus foirgnimh úra.
-
Pictiúir de na Normannaigh agus de na Ceiltigh a scrúdú.
|
Eolaíocht: |
- Pictiúir d’ainmhithe a luaítear sa chlár - coinín, luchóg agus colúr - a scrúdú agus a phlé.
-
Prócaí uisce atá fuar, te, níos teo agus ar bruith a leagan amach agus ansin úsáid a bhaint as teasmhéadar chun mothú a aistriú go céimeanna Celsius.
-
Tástáil a dhéanamh le hábhair éagsúla in uisce le tuiscint a fháil ar na fáthanna a mbíonn rudaí éagsúla ar snámh agus a dtéann rudaí eile faoi uisce. Bain úsáid as coirc agus buidéil a bhfuil corc iontu mar shamplaí de rudaí a bhíonn ar snámh.
-
Tonnta a chothú i mbáisín uisce chun rudaí atá ar snámh a chur ag bogadach.
|
Tíreolaíocht: |
- Plé a dhéanamh ar an dóigh a gcaitheann na tonntaí rudaí i dtír ar an trá.
|
|
|
|
|