 |
|
Teanga DIY d'Fhir Bhuí?
Irish Times 4 March 1997
Tá teanga na hAlbanaise mar chuid d'oidhreacht na tíre seo, go háirithe sa Tuaisceart.
Tá Gaeilgeoirí ann a bhfuil sé de nós acu caitheamh anuas uirthi, mar "DIY language for Orangemen" - ach tá dul amu ar fad orthu.
Tá sé ina cheart ag gach pobal a chultúr féin a fhorbairt agus a chur chun cinn. Tig leis an Ghaeilge seasamh ar a bonnaí féin agus má tá sí ag bráth ar chultúir eile a mhaslú, níl mórán i ndán di. Lena chois sin, ní hionann cultúr agus dearcadh an duine atá dá chur chun cinn. Tá, cinnte, aondachtaithe áirithe ann ag brú an chultúr Albanaise chun tosaigh ar chúiseanna polaitiúla - rud nach ndearna polaiteoirí náisiúnaíocha riamh i gcás na Gaeilge!
Rinneadh an-tagairt scigmhagúil in go leor áiteanna (an Irish Times san áireamh) nuair a tháinig toscaireacht ón Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathána go Co. an Dúin agus nuair a theip orthu cainteoir ar bith Albanais-Uladh a aimsiú. Ba mhinic mise i "bhfíor-Ghaeltachtaí" agus theip orm focal Gaeilge a chloisint. Chuir cara liom ceist ar sheanbhean ar imeall na Gaeltachta i Maigh Eo an raibh Gaeilge ar bith san áit. Ba é an freagra a fuair sé "we nivr talked Irish here, sor, and we're proud of it!". Ní chruthaíonn sin nach bhfuil a leithéid de rud agus teanga Ghaeilge ann.
Albanais atá ann go fóill i go leor áiteanna tuaithe in Aontroim. Tá chuid mhór de na focail a bhíodh ag filí móra an 15ú haois - Henrysoun, Dunbar agus Douglas - sa chaint thart ormsa i dTír Eoghain gach aon lá. Ní hé an ceantar s'agamsa an ceantar is mó a tháinig faoi thionchar na hAlbanaise. Fágann sin go bhfuil mé ábalta na "makars" móra seo a léamh agus a thuiscint. Ach níl aon tuiscint agam ar Bhéarla Chaucer, scríbhneoir mór Shasana a mhair fán am céanna.
Ní "canúint Bhéarla" í an Albanais - sa dóigh chéanna is nach "canúint Ghaeilge" í an Ghaidhlig, cé gur cosúil go maith nó mar an gcéanna atá go leor focal sa dá chás. Phréamhaigh an Albanais ó Shean-Bhéarla thuaisceart Shasana, ach d'fhorbair sí mar theanga inti féin idir an 7ú haois agus an 14ú haois. Ón 14ú haois ar aghaidh bhí litríocht bhríomhar inti.
B'as Albain a tháinig seachtar as gach ochtar plandálaí a lonnaigh i gCúige Uladh sa 17ú haois. Gaidhlig a bhí ag go leor acu, ach Albanais a bhí ag a bhformhór. Bhí ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath cléireach sa bhreis a fhostú don Chomhairle i 1624 le déileáil le litreacha na nAlbanach seo "whose petitions being written in the Scotch hand are either not read or understood". Díreach mar a tharla le pobal na Gaeilge, bhí brú ar phobal na hAlbanaise tiontú ar an Bhéarla.
Mhair pobal mór na hAlbanaise in oirthear agus i dtuaisceart Uladh. Sna 1830í scríobh an Suirbhé Ordanais faoi phobal pharóiste Theampall Chorráin in oir-dheisceart Aontroma: "their accent, idioms and phraseology are strictly and disagreeably Scottish". Bhí ard-mheas ag pobal na hAlbanaise ar an léann. I ndaonáirimh 1841 a rinneadh ar chontaetha na hÉireann, ba in Aontroim, an Dún agus Doire a bhí léamh agus scríobh ag an chéadatán ab airde den phobal.
Déantar dearmad glan anois ar "Fhilí na Fíodóireachta" a bhí in Aontroim agus an Dún idir deireadh an 18ú haois agus lár an chéid seo caite. Tá an t-aon leabhar amháin a dhéanann cur síos orthu, Rhyming Weavers le John Hewitt, as cló ó 1974. Bhí Séamas Mac Dónaill, William Neilson agus Sir Samuel Ferguson i measc an dornáin a chothaigh an Ghaeilge sa 19ú haois. Thug siad tacaíocht agus moladh do "Fhilí na Fíodóireachta" leis. Scríobh Ferguson "Robert Burns' own parish was not more deeply imbued with the love of song than the central district of the county of Antrim. We could enumerate at least a dozen rustic poets whose works have been published from time to time in a district not more than fifteen miles in length by ten in breadth".
Ba Éireannaigh go smior iad na fir seo. Bhí dlúthbhaint ag an ghluaiseacht seo filíochta leis na hÉireannaigh Aontaithe in Éirí Amach. Nach bhfagann sin iad lán chomh héireannach le Peadar ó Doirnín, Art Mac Cumhaigh agus Cathal Buí Mac Giolla Gunna? |
|
Return to Essay
|