| láithreoirí
/ presenters
english
version
Róisín
Ní Thomáin
Is mise Róisin Ni Thomáin, tá mé
trí bliain is fiche agus is as Gaillimh mé ó dhúchas.
Chuir mé tús le mo shaol oibre mar mhúinteoir bunscoile
sula bhfuair mé post
láithreora le TG4. Faoi láthair, bím ag láithriú
Pop4 do TG4 agus tá mé ar bís le bheith ar ais le SRL don sraith seo.
Céara Ní Choinn
Is
mise Céara Ní Choinn. Tá lúchair orm a bheith
ar ais ag obair le lucht foirne SRL agus le tabhairt faoi tuilleadh
dushláin, imeachtaí, eachtraí agus spleodair. Agus
ar ndóighe, tá mé ar bís le tús a
chur leis an tseasúr úrnua agus a bheith ag obair le Róisín arís agus ar ndóigh lenár gcomhláithreoir úrnua, Conall Ó Máirtín.
Conall Ó Máirtín
Is mise Conall Ó Máirtín
nó Condaí Mhicí mar is fearr aithne orm sa bhaile.
Tá mé seacht mbliaina is fiche d’aois agus is as
an Eaglais ó dhúchas mé, sráidbhaile taobh
amuigh de Dhún Geanainn.
Bhain mé céim amach sa dlí
in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus chaith mé
bliain ag obair mar Uachtarán Chlubanna agus Sheirbhisí
in Aontas na Mac Léinn ansin. Chaith mé trí bliana
ag obair i mBaile Átha Cliath. Tá Teastas Iarchéime
san Oideachas ar siúl agam faoi láthair agus tá
post múinteoireachta fáighte agam i gColáiste Chaitríona
Ard Mhacha.
Tá an-dúil agam sa spórt.
Imrím peil ghaelach le mo chlub An Eaglais Naomh Pádraig,
agus d’imir mé leis an Ollscoil agus le foireann mionúr,
faoi 21 agus sinsear Chondae Thír Eoghain. Tá suim agam
i réimse eile spórt... císphéil, snámh,
rugbaí agus surfáil ina measc.
Tá áthas an domhain orm bheith
páirteach i SRL agus go bhfuil an deis agam spórt a chur
i láthair ar an teilifís trí mheán na Gaeilge.
|