Music / Ceol
MOYA BRENNAN
Rugadh agus tógadh Máire Ní Bhraonáin i nGaoth
Dobhair i dTír Chonaill. Bhí a máthair, BaBa, sáite
i dtraidisiún an cheoil ghaelach agus bhí a hathair, Leo,
ina bhaill den Slieve Foy Dance Band ar feadh blianta go dtí gur
cheannaigh sé a theach tabhairne féin i Mín a Leice,
i gceantar na Rosa i dTír Chonaill áit a mbíonn sé
ag ceol agus ag seinm ar an bhosca ceoil go fóill.
Chaith Máire a saol ag ceol i gcuideachta a huncail agus a cuid
deartháireacha ins an ghrúpa Clannad agus bhain siad clú
agus cáil amach fud fad an domhain. Sea, déanann gach rud
ciall, agus tá na buntréithe céanna seo le fáil
i mórchuid de cheoltóirí cáiliúla na
cruinne.
Watch a clip of Moya
Ina cuid ceoil, ní raibh Moya ariamh sásta an gnáth
stíl tradisiúnta, socúil, compordach a leanúint.
Bhíodh sí ag seinim mar pháiste sna hallaí
damhsa lena athair Leo, bhí sí meallta ag na glórthaí
a léithéidí Joni Mitchell agus na Beach Boys, sular
bheartaigh sí fhéin, in éineacht lena grúpa
Clannad, ar aistear diamhrach ag baint usáid as stair saibhir agus
ceol fonnmhar Ceilteach ona dúchas.
Bhí Moya i gconaí dírithe go dian ar a cuid oibre
a rith a haistear éagsúl trí hallaí scoile,
clubanna ceoil traidisiúnta, féilte, dioscóanna,
tithe pobail agus na hallaí ceolchoirmeacha is cáiliúla
sa domhain. Téann áilleacht a ceol agus cumhacht a fuaimeanna
go smior san éisteoir. Go ciúin, gan stad gan staonadh,
tá a cuid amhráin agus ceol ag déanamh athfhorbairt
ar cheoil Gaelach.
Watch another clip of Moya
www.moyabrennan.com
MAIRÉAD NÍ
MHAONAIGH
Rugadh
agus tógadh Mairéad Ní Mhaonaigh i nGaeltacht Ghaoth
Dobhair i dTír Chonaill. Mar a deir na seanfhocail, ‘mar
a bhíos an cú, bíonn an coileán’ nó
‘Is treise dúchais ná oiliúint’, agus
is fíor seo do Mhairéad, mar is cinnte nár thóg
sí féin an ceol den bhealach mhór. Ba é a
hathair Francie a spreag í i dtreo na fidiléireachta, chomh
maith le cuairteoirí a tháinig chun tí go rialta,
an fidiléir clúiteach Dinny Mc Loughlin ina measc. Tá
croí Mairéad sa cheol chomh maith agus fuair sí an
chuid is mó dena hamhráin a cheolann sí ó
dhaoine sa cheantar áitiúil.
Watch a clip of Mairead
Tháinig casadh beag i saol Mhairéad le gairid
nuair a rugadh an chéad leanbh di féin agus dá fear
céile Dermot Byrne, bocsadóir cáiliúil ón
ghrúpa ‘Altan’ chomh maith. Agus más fíor
dona seanfhocail thuas luaite, tá an ghirseach bheag seo, Nia,
ag gabháil a bheith iontach iontach ceolmhar.
Tá tuilleadh eolais le fáil faoin ghrúpa
‘Altan’ ag www.altan.ie
THE HOTHOUSE FLOWERS
D’éisigh
na Hothouse Flowers albám úr s’acu ‘Into Your
Heart’ ar an 6ú Feabhra, is é seo an chéad
albam a d’éisigh siad taobh istigh de chúig bliana.
Fuair Céara agus Michelle an deis a dhul agus labhairt leis an
ghrúpa le fáil amach cad é a bhí ar siúl
acu idir an dá linn.
Agus an ghrúpa anois ar an mhargadh le fada an lá, níl
an brú céanna orthu anois agus mar a bhí. Ciallaíonn
sé seo go dtig leo a bheith ag obair ar albam úra ar a gconlan
féin.
Watch a clip of The Hothouse Flowers
Ó chuala muid uathu go deireannach i 1997 leis
an albam ‘Born’, d’oibir an ghrúpa go haonarach
lena leithéidí Luka Bloom, The Waterboys, Midge Ure agus
Indigo Girls.
Beidh siad ag tabhairt a n-aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá
sa tsamhradh ach idir an dá linn beidh siad ag obair ar dhul chun
cinn an albam úr, albam atá siad féin go hiomlán
sásta agus paiseanta faoi.
www.hothouseflowers.com
LUKA BLOOM
Rugadh
Barry Moore in Nás Condae Chill Dara, condae a bhfuil sé
iontach bródúil as. Clann cheolmhar atá ann agus
I rith na seachtóidí , thuill a dhearthair Christy clú
dó féin mar bhall den ghrúpa Planxty.
Bhunaigh Barry féin agus seanchara scoile dá chuid, Pat
Kilbride, banna cheoil darbh ainm Aes Triplex a thug tacaíocht
do Planxty nuair a thosaigh siad amach ar an chéad dul síos.
Ach de réir
mar a d’éirigh ainm Christie in airde mar cheoltóir
Éireannach, b’amhlaidh ba mhó a mhothaigh Barry a
bheith faoina scath. Tuairim is fiche bliain ó shoin, agus é
ar eitilt chun na stáit Aontaithe.chinn Barry Moore ainm stáitse
a bhaisteadh air féin agus saolaíodh Luka Bloom. Anois,
bhí féiniúlacht cheart dá chuid féin
aige.
Cá
bhfuair sé an t-ainm seo? Fuair sé inspioráid ó
charactéirí de chuid Suzanne Vega agus ó laoch James
Joyce ón úrscéal Ulysses, Leopold Bloom.
Thosaigh
sé ag bualadh ceoil i gclúbanna istigh agus thart ar Bhaile
Átha Cliath. Chum sé amhráin a cheol a dhéarthair
agus Moving Hearts agus léar daoine eile.
www.lukabloom.com
Watch a clip of Luka
Le tuilleadh
eolais ar James Joyce agus a chuid scríobhneoireachta -
www.jamesjoyce.ie
|