BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Gaeilge/Irish

BBC Homepage
BBC Northern Ireland
Gaeilge / Irish
 
s r l
cláracha roimhe seo
previous weeks
eochar feasa
rough guide
láithreoirí
presenters

teagmháil contact srl

sraitheanna roimhe seo
previous series


 

 

 



Contact Us

 

Music / Ceol

Hazel O'ConnorHazel O’ Connor
Tá clú agus cáil ar Hazel O’ Connor le blianta anuas mar bhanríon an Phuinc (PUNK). Bhí sí iontach mór sna hochtóidí agus tá clú uirthi mar gheal ar a halbam ‘Breaking Glass’, albam a ndearnadh scannán mór faoi agus an teideal céanna air. Ón scannán Breaking Glass go dtí an lá atá inniu ann, tá saol os cionn na coitiantachta caite ag Hazel. Bhí sí measartha ciúin le cúpla bliain anuas ach tá cónaí uirthi anois in Éirinn agus í ag scríobh agus ag cumadh arís. Bíonn sí ag déanamh gigeanna faoi láthair le Cormac De Barra, cláirseoir a sheinn lena léithidí Máire Ní Bhraonáin agus tá go leor gigeanna ag teacht aníos aici amach anseo. Ach an rud is úire uaithi nó a leagan féin d’amhrán de chuid George Michael ‘One More Try’ atá ag teacht amach sna siopaí inniu (29ú Márta). Tá sí ag déanamh cúpla coirmceoil leis an ghrúpa ‘Slide’ chomh maith, tuilleadh eolais le fáil orthu siúd ag www.slide.ie. Fosta thig libh tuilleadh eolais a fháil amach faoina cuid coirmeacha ceoil féin ag www.hazeloconnor.com.

Tá go leor ar bun ag Hazel faoi láthair agus mar sin bígí ag amharc amach fána coinne.


Watch Watch a clip


Rónán Ó SnodaighRónán Ó Snodaigh

D’éisigh Rónán Ó Snodaigh, príomhcheoltóir leis an bhanna ceoil Kíla, a dhara halbám aonair le gairid, Tonnta Ró. Is bailiúcháin ceoil é atá bunaithe ar cheol an bhodhráin agus tá ghuth uaigneach draíochtúil Rónán le cluinstin ar gach rian. Bhuail Céara leis le gairid i dteach a mhuintire le labhairt leis féin agus lena thuismitheoirí. Ta clú ar a athair, Padráig Ó Snodaigh mar fhoilsitheoir leabhair agus mar staraí. Labhair muid fosta le máthair Rónán, Clíodhna Cussen, a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici féin mar dhealbhóir agus mar ealaíontóir. Cheol Rónán cúpla amhrán go speisialta dúinn óna albám úr chomh maith.


Watch Watch a clip

www.kila.ie


Harriet EarisIs cláirseoir proifisiúnta í Harriet Earis agus bíonn sí ag taisteal ar fud na Breataine agus thar lear chomh maith. Cé gur thoisigh sí amach leis an cheol clasaiceach, tá a croí istigh ins an cheol Éireannach agus sna teangacha ceilteacha chomh maith agus bhain sí céim amach sa Cheiltis i gColáiste na Trionóide, Cambridge.


Tuilleadh eolais ar Harriet agus a cuid ceoil buail ar www.harrietearis.com

Watch Watch a clip


JACK L

Jack LukemanIs as Athy, Condae Chill Dara ó dhúchas do Jack Lukeman. Chaith sé blianta a óige ag cleachtadh a chuid ceoil. Tá comhlacht meicneoir gluaisteáin ag a mhuintir agus thosaigh Jack amach mar ábhar meicnéora sular athraigh sé a slí bheatha le bheith ina cheoltóir proifisiúnta. Ba áit foirfe é seo le snas a chur ar a chuid ceoil;
i ndiaidh a chuid oibre ba ghnáth leis fanacht istigh sa gharáiste agus ceol amach ós ard nuair nach mbeadh duine ar bith eile ag éisteacht leis. Tháinig sé chun intinne chuige a chuid amhráin féin a scríobh agus mar sin de shocraigh sé a dhul thar sáile ar mhaithe le spreagadh. Níor amharc sé siar ó shin, tá tionscnamh úr idir lámha aige i láthair na huaire dírithe ar cheoltóir clúiteach na Béilge Jacques Brel agus é ag dul ar chamchúirt fud fad na tíre. Tá guth ard, láidir taibhseach ag Jack agus cuirtear é i gcomparáid le macasamhail Scott Walker, Frank Sinatra agus Jim Morrison.

Watch Watch a clip of Jack L

D’éirigh lena albam ‘Metropolis Blue’ stádas platanaim a bhaint amach agus amhráin nua-chumtha ar fad atá san albam, tá clú agus cáil ar amhráin de chuid Jack ar nós Georgie Boy, Rooftop Lullaby agus Ode to Ed Wood. Tá lucht leanúna dílis aige, agus nuair a thosaigh Jack amach níor shinigh sé do chomhlacht céirníní ar bith ach thug a lucht leanúna tacaíocht dó a chéad ceirnín a eisiú.
Bhuail Céara isteach chuig garáiste a mhuintire le labhairt leis faoina shaol mar cheoltóir agus na rudaí atá ar na bacáin aige amach anseo.


Watch Watch another clip of Jack L

Le tuilleadh eolais a fháil ar Jack, buail ar www.jacklukeman.com


The BBC cannot take responsibility for the content of external sites.

 


About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy