míreanna
/ features
programme 10, series
3
KENNY'S BOOKSHOP
Deireadh ré a bhéas ann do léitheoirí
a bhfuil suim acu i stair, litríocht agus cultúr na hÉireann
nuair a dhruidfear Siopa Kenny i nGaillimh go luath ar an bhliain seo
chugainn. Díolann siad níos mó leabhar ar an idirlín
ná sa siopa agus ní fiú an áit a choinneáil
ar oscailt dá bharr sin. An é seo an todhchaí atá
roimh achan siopa leabhar? Téann Céara ann le slán
a fhágáil le háit a thuill cion agus meas ó
léitheoirí agus scríbhneoirí araon.
Watch
clip in narrowband
Watch
clip in broadband
Tuilleadh eolais:Kenny's
Bookshop And Art Gallery
--------------------------------
MUILLTE GAOITHE/WINDMILLS
Is fear é Frank Convery a raibh speis
ariamh aige san innealltóireacht agus i gcúrsaí leictreonacha.
Tá nasc déanta aige idir na speiseanna sin agus an dúil
atá aige i gcaomhnú na timpeallachta. Breis agus 15 bliana
ó shoin thoisigh sé ag tógáil muillte gaoithe
chun leictreachas a sholáthar dá theach cónaithe
i gContae Dhoire.
Watch
clip in narrowband
Watch
clip in broadband
Ag an am sin, mar a deir sé féin, shíl na comharsana
é a bheith rud beag saoithiúil! Níorbh amhlaidh a
bhí sé ach ceannródaíoch agus sa lá
inniu ta an tír breac le muillte gaoithe agus a leithéid
a chuireann cumhacht ar fáil gan a bheith ag truailliú na
timpeallachta. Téann SRL ar chuairt chuig Frank ag bun Phás
Ghleann Sheáin le fáil amach cad é atá ar
bun aige.
---------------------------------
PAT McCABE

SRL talks to playwright and novelist Pat
McCabe before the release of Breakfast on Pluto, the screen version of
his novel which was nominated for the Booker Prize in 1998.
Watch
clip in narrowband
Watch
clip in broadband
contemporywriters.com
DÁN
NA DÁIMHE

Labhraíonn SRL le Cathal Ó
Searcaigh faoi ceant carthana a bheas ar siúl in Amharclann an
Ghrianán, Leitir Ceanainn ar an mhí seo chugainn. Séard
a bheas ar díol sa cheant nualaíoch seo ná ochtó
píosa ar leith ó shaothar scríbhneoirí, dearcealaíontóirí
agus ceoltóirí mór le rá na hÉireann
agus is ar mhaithe le hobair charthanach Chathail Uí Shearcaigh
i Neipal atá an taispeántas tiomsaithe airgid seo.
Watch
clip in narrowband
Watch
clip in broadband
angailearai.com
The BBC is not responsible for
the content of external websites
<...back
to main features page
|