BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Gaeilge/Irish

BBC Homepage
BBC Northern Ireland
Gaeilge / Irish
 
s r l
cláracha roimhe seo
previous weeks
eochar feasa
rough guide
láithreoirí
presenters

teagmháil contact srl

sraitheanna roimhe seo
previous series


 

 

 



Contact Us

 

míreanna / features


Céara interviewing Dennis DoolanCasablanca
Chuala muid uilig faoin scannán Casablanca a tháinig amach den chéad uair i mí Eanair 1942 agus a bhí suite ag tús an Dara Cogadh Domhanda. Deirtear go bhfuil an scannán seo ar cheann dena scannáin is clúití a tháinig amach as Hollywood ariamh agus is minic a bhaintear úsáid as línte cáiliúla an scannáin fiú sa lá atá inniu ann. Bhuel is fada an turas é ó Casablanca go Gort a’ Chóirce ach nuair a chuala muidne fá leagan idirghníomhach de Casablanca thiar Tigh Mhaggie Dan i nGort a’ Choirce i dTír Chonaill b’éigean dúinn a fhiosrú. Tá an dráma suite sa bhialann Tigh Mhaggie Dan agus bíonn an lucht féachána páirteach ann agus iad ag ithe a mbéilte. Murray Learmont atá mar stiúrthóir agus shíl seisean gur smaoineamh ar dóigh a bheadh ann leagan stáitse a dhéanamh den scannán agus é a lonnú i mbialann. Is iad muintir na háite atá ag aisteoireacht ann agus ní chreidfeá an t-áthrú a thagann ar dhaoine nuair a bhíonn siad cóirithe in éide na seanama. Bíonn pearsantacht eile ar fad acu. Nuair a shiúlann an lucht féachána isteach sa bhialann tugtar ceadúnas d’achan duine chomh maith le brat na Fraince, caithfidh gach duine an ceadúnas seo a tháispeáint do na Gardaí nuair a iarrtar orthu agus muna bhfuil ceadúnas agat caithfear amach thú! Tá amhráin le ceol ag an lucht féachána fosta, ina measc amhrán náisiúnta na Fraince. Is smaoineamh ar dóigh é an drama a dhéanamh mar seo agus is cinnte go mothaíonn an lucht féachána ag deireadh na hoíche iad féin a bheith rud beag cosúil le Humphrey Bogart nó Ingrid Bergman.

Watch Watch clip


Séamus Ó Fitheallaigh
Tógadh Séamus Ó Fitheallaigh i ndílleachtlann ar an Chlochán i gCondae na Gaillimhe. Bhí saol crua go leor aige le linn a óige agus gan aon duine aige ach é féin. Thart ar naoi mbliana ó shin rinneadh clár teilifíse faoi ar TG4, ‘Ar Thóir Mo Shuaimhnis.’ Lena linn fuair Séamus eolas faoina mháthair agus chomh maith leis sin, fuair sé amach beirt dheirfiúr a bheith aige. Tugann an clár scéal Shéamuis uilig anuas go dtí an t-am sin. Anois tá Séamus ina Réalt Teilifíse agus é ag baint an-taitneamh as a shaol. Tá sé ag aisteoireacht sa Sobalclár ‘Ros na Rún’ agus é ar mhuin na muice. Casann SRL le Séamus agus a theaghlach agus labhrann sé linn faoin saol úr atá aige anois mar aisteoir.


Glór na nGaelGlór na nGael
Má bhí sibh ag coimheád ar SRL na seachtaine seo caite, bhí mír againn ar chomórtas mhór bhliantúil a bhíonn ag Glór na nGael ina mbíonn suas le 100 grúpa páirteach ann. Is é aidhm an chomórtas nó aitheantas a thabhairt don choiste a dhéanann an dul chun cinn is mó ó thaobh teanga agus cultúr de. Don chéad uair ariamh tá trí choiste as Béal Feirste istigh san iomaíocht don phríomhdhuais. An tseachtain seo chuaigh thart bhuail Michelle isteach ar na grúpaí leis an méid obair atá déanta acu a fheiceáil di féin. An tseachtain seo, chuaigh Michelle agus Céara chuig ócáid an bhronnta i mBaile Átha Cliath áit ar fograíodh na tórthaí agus is é seo mar a tharla..............



Watch Watch clip

 


About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy