BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Gaeilge/Irish

BBC Homepage
BBC Northern Ireland
Gaeilge / Irish
 
s r l
cláracha roimhe seo
previous weeks
eochar feasa
rough guide
láithreoirí
presenters

teagmháil contact srl

sraitheanna roimhe seo
previous series


 

 

 



Contact Us

 

míreanna / features


Tory IslandOileán Thoraigh
Tá Oileán Thoraigh suite 5 chiliméadar amach ó Iar-thuaisceart Chorrán Binne I dTír Chonaill agus this le daoine dul isteach ar bhád farantóireachta ó Mhachaire Rabhartaigh atá ar mhórthír Dhún na nGall. Ciallaíonn 'Toraigh' na haillte árda creagacha. Gaeilge a labhartar ar an oileán seo agus tá conaí ar an oileán le blianta fada. Tá sé saibhir le suíomhanna seandálaíoch agus manacha. Ar cheann de na suíomhanna seo tá Dún Bhalair (Balor's Fort), atá ar iarthar an oileáin agus glacann sé a ainm ó 'Balor na Súile Nimhe’, carachtar miotaseolaíoch. Déanann muintir an oileáin feirmeoireacht agus iascaireacht a chleachtadh mar shlí beatha. Le gairid, tá feabhas tagtha ar thurasoireacht ar an oileán ach tá fadhb mhór acu anseo maidir le háiseanna poirt agus éiríonn na fadhbanna seo níos measa i ndrochaimsir. Tá clú agus cáil ar Thoraigh mar gheall ar an scoil ealaíne. Ar chuid de phéintéirí an oileáin tá Patsy Dan Rodgers, Rí Thoraigh, chuaigh Céara isteach go dtí an oileán le labhairt leis faoina shaol thall agus fán ról ríoga atá aige!!

Watch Watch clip

Niall TóibínNiall agus Síle Tóibín
Ó Ryans Daughter agus The Irish RM go dtí Ballykissangel agus an scannán Veronica Guerin –is duine mór le ra i saol na haisteoireachta in Éirinn é Niall Tóibín. Chuaigh sé i bhfeidhm ní amháin ar a chomhaisteoirí agus ar an tionscal ach ar a chlann féin. Tá a iníon Sighle, a bhfuil clú uirthi féin mar aisteoir i Fair City agus mar stiúrthóir. Tá Síle ag stiúradh an athar s’aice sa drama Sunshine Boys a bhéas le feiceáil ar an stáiste sa Civic theatre I dtamhlacht I mBaile Átha Cliath faoi lathair. Bhuail Céara isteach chucu i mBaile Átha Cliath agus iad i mbun cleachtaithe don drama úr seo le fáil amach cad é mar a bhí ag éirí leo.


Watch Watch clip


www.nialltoibin.com


Hazel O’ Connor
Tá clú agus cáil ar Hazel O’ Connor le blianta anuas mar bhanríon an Phuinc (PUNK). Bhí sí iontach mór sna hochtóidí agus tá clú uirthi mar gheal ar a halbam ‘Breaking Glass’, albam a ndearnadh scannán mór faoi agus an teideal céanna air. Ón scannán Breaking Glass go dtí an lá atá inniu ann, tá saol os cionn na coitiantachta caite ag Hazel. Bhí sí measartha ciúin le cúpla bliain anuas ach tá cónaí uirthi anois in Éirinn agus í ag scríobh agus ag cumadh arís. Bíonn sí ag déanamh gigeanna faoi láthair le Cormac De Barra, cláirseoir a sheinn lena léithidí Máire Ní Bhraonáin agus tá go leor gigeanna ag teacht aníos aici amach anseo. Ach an rud is úire uaithi nó a leagan féin d’amhrán de chuid George Michael ‘One More Try’ atá ag teacht amach sna siopaí inniu (29ú Márta). Tá sí ag déanamh cúpla coirmceoil leis an ghrúpa ‘Slide’ chomh maith, tuilleadh eolais le fáil orthu siúd ag www.slide.ie. Fosta thig libh tuilleadh eolais a fháil amach faoina cuid coirmeacha ceoil féin ag www.hazeloconnor.com.

Tá go leor ar bun ag Hazel faoi láthair agus mar sin bígí ag amharc amach fána coinne.


Watch Watch clip


Sky Divesky Dive
Bhí an bheirt againne ag iarraidh deireadh dramatúil a chur leis an chéad tsraith de SRL. Is ar son na cúise, mar sin, a léim muid ó eitleán 12,000 troigh os cionn Chúil Raithin. Ní thiocfadh linn cur síos a dhéanamh ar na sceitimíní a tháinig orainn agus muid ag tuirlingt ón eitleán agus luas 120 míle san uair fúinn. Chaith muid leathuair roimh ré lenár dteagascóirí agus iad ag inse dúinn cad é go díreach a bhí le déanamh againn ach caithfidh muid a admháil gur mhó a chuidigh an ‘Rescue Remedy’ a fuair muid ónár gComhordaitheoir Léirithe, Kate McQuade. Is taithí den scoith a bhí ann agus is eachtra é nach ndéanfaidh muidne beirt dearmad go deo de.



Watch Watch clip



 


About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy