| Eochar
Feasa
Máirtín Ó Cadhain (le Joe Steve Ó
Neachtain)
“Níl in san nGaeilge ach fearg, fearg, fearg,” a dúirt
an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain tráth.
Bhí a shliocht air; ba racht fada feirge a bhí ina shaol,
ag síorthroid ar son tír agus teanga. Chreid Ó Cadhain
nárbh fhiú a bheith ag troid ar son saoirse mura mbeadh
Éire Gaelach mar thoradh air. Rinne seisean a chion go slachtmhar
nuair a d’fhág sé a shaibhreas teangan agus a chumas
scríbhneoireachta le huchta againn.
Ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal
i gCondae na Gaillimhe a rugadh Ó Cadhain i mí Eanair 1906.
Ocht n-acra dhéag de ghabhaltas clocharnach talon a
bhí ag muintir Uí Chadhain chun greim a choinneáil
ina mbéal. Agus ó tharla gurbh é ba sine den trí
dhuine dhéag muirín, ba é an gnás gur aige
a d’fhanfadh seilbh na talún. Ach ón lá ar
chuir séa chois taobh istigh de dhoras na scoile, ba léir
gurbh é an peann a bheadh mar láí aige agus é
ag fóidiú iomaire i ngort na litríochta.
Ba ollscolaíocht ann fhéin an saibhreas
béaloidis agus fiannaíochta a bhí ar an teallach
Tigh Chadhain agu neadaigh gach focal go doimhin sa gcuimhne
a bhí mar bhua chéadfach ag Ó Cadhain.
Ba i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach
a hoileadh Máirtín ina mhúinteoir agus chaith sé
tréimhse cinniúnach ag múineadh scoile i Scoil Náisiúnta
Chamuis, i bhfoisceacht scread asail de Theach an Phiarsaigh i Rosmuc.
Briseadh as a phost é i Scoil Náisiúnta na Cairn
Móire de bharr a bhallraíocht san IRA agus chaith sé
ceithre bliana i gcampa géibhinn i gCurrach Chill Dara. Ach ba
é an géibheann a rinne scoth scríbhneora de mar go
riabh am aige chun staidéar a dhéanamh ar scríbhneoirí
móra an domhain. De bharr a mhór éirim aigne, chríochnaigh
sé a shaol mar ollamh le Gaeilge i gColáiste na
Tríonóide i mBaile Átha Cliath.
Luaitear scríbhneoireach Uí Chadhain ar
chomhchéim le Joyce agus Beckett ach
dúirt sé fhéin gur iad scríbhneoirí
na Rúise a chuaigh i gcionn air nuair a scríobh sé
an t-úrscéal cáíliúil “Cré
na Cille”. Dá scríobhfadh sé i mBéarla
mar a bhí ina chumas, bheadh a ainm in airde mar dhuine de mhór
scríbhneoirí na cruinne.
Ach níor aon chúl le cine é Ó Cadhain. Agus
chruthaigh sé lena dhílseacht gur féidir linn a bheith
bródúil as litríochta na Gaeilge.
<...back
to homepage
|