srl
thar lear / srl abroad
english
version
Notre Dame University
An oíche roimh chluiche mhór peile bíonn
slogadh ar siúl san ollscoil: bailíonn na mílte,
idir scoláirí, iarscoláirí agus aoíanna
le chéile le misneach a thabhairt don fhoireann. Nuair a dhéantar
ceiliúradh sna Stáit Aontaithe, déantar mar is ceart
é. Ní bhíonn le feiceáíl ach lepreacháin,
cheerleaders, bannaí ceoil, seamróga, rí-ra agus
ruaille buaille.
Na
hÉireannaigh trodacha a thugtar ar pheileadóirí Notre
Dame agus ar a lucht leanúna. Tá an choláiste ar
an ollscoil chaitliceach is clúití agus is rathúla
sna Stáit.
Is Éireannaigh trodacha iad seo ní amháin
ar Pháirc na hImeartha ach ar pháirc an chatha. Tá
traidisiún fada cogaíochta ag baint leis an ollscoil ón
chogadh cathartha sa naoi céad déag go dti na cogaí
domhanda agus fiú go dtí an lá inniu. Tugann an ollscoil
urraim mhór dóibh sin a fuair bás ar son a dtíre.
Ollscoil í ina bhfuil tábhacht nach beag leis an stair agus
leis an chreideamh chaitliceach.
Watch the feature
Bunaíodh ionad oideachasúil in aice le South
Bend Indiana i 1840. Institiúid chaitliceach a bhí inti
le linn treimhse nuair nach raibh móran measa ag an bhunaíocht
sna stáit ar inimircigh chaitliceacha, ba lú a meas ar mhuintir
na hÉireann a phlodaigh isteach chun na Stát Aontaithe i
ndiaidh an Ghorta Mhóir ina dtír féin. Ní
raibh se i bhfad go raibh cuid mhór Éireannach ag freastal
ar Notre Dame.
Agus tá a lorg sin ar ainm na háite agus ar a féiniúlacht.
Deich
mbliana ó shoin cuireadh tús le hInstitiúid Mhic
Eochaidh An Léinn Éireannaigh. Freastlaíonn seacht
gcéad scoláire uirthi as gach páirt de na Stáit
Aontaithe. Rud a dhealaíonn an Léann Eireannach i Notre
Dame ó ollscoileanna eile a dhéanann staidear Éireannach
na an bhéim a chuireann siad ar an Ghaeilge agus ar shaíocht
sainiúil na hÉireann.
Mar shampla, déanann céad agus seachtó
fo-chéimí modúil i nGaeilge gach bliain le léargas
faoi leith a thabhairt dóibh ina gcuid staidear eile ar stair,
ar litríocht nó ar pholaitíocht na hÉireann.
Tá ceathrar múinteoir ag teagasc na Gaeilge agus tá
éileamh mór ar na ranganna teanga.
Sa mhír seo labhrann Michelle le cuid de na scoláirí.
Ina measc Cheman Roy as Hawaii agus Breandán Ó Catháin
as Pittsburg, Pennsylvania. Cuireann sí aithne fosta ar Críostóir
Mac an tSionnaigh, bunaitheoir agus reachtaire na hInstitiúid,
agus ar Éamonn Ó Ciardha as Muineachán, léachtóir
staire atá ina chomhairle ag lucht na Gaeilge san ollscoil.
Chuaigh an chuairt i bhfeidhm go mór ar Mhichelle
agus ar fhoireann SRL. Ní amháin go bhfuil oideachas d’ard
chaighdeán sa Léann Éireannach le fáíl
sa choláiste ach lena chuid seamróg, leipreachán
agus léinte glasa, is saoithiúil an tÉireannachas
a léiríonn pobal na hollscoile.
Ina dhiaidh sin ní féidir a shéanadh ná
gur oscailte, uileghabhálach é an tÉireannachas i
Notre Dame. Is daoine gorma cuid mhaith d’foireann peile “The
Fighting Irish” agus is meascann maith ciníocha a bhíonn
sa lucht leanúna. Mar a deir Éamann Ó Ciardha, b’fhéidir
go dtiocfadh le muintir na hÉireann rud beag a fhoghlaim uatha
maidir le sochaí oscailte fháilteach a chur ar bun in Éirinn
féin.
Tuilleadh eolais ar Notre Dame – buail ar www.nd.edu
The BBC is not responsible for the content of external sites
|