srl
thar lear / srl abroad
Fuair beirt fhear bás in aice liom. Ní fhaca
mé iad ach chuala mé ó shagart a bhí ansin
i mo dhiaidh.
Rith mé go lár an bhloic, le deatach aoil i mo shúile
agus mo scornach. 
Tríd an dorchadas, chonaic mé solas buí
ó 80 Sráid na nGiúiseanna, Foirgneamh ‘American
International Group’ [AIG].
Bhí daoine istigh. Bhuail mé mo dhorn ar
an ngloine. Ach bhí mé ag éirí lag gan aer.
Ansin, nocht fear eile in aice liom.
Bhuail sé an fhuinnneog freisin. Chuala duine éigin
sinn agus d’oscail an doras.
Bhí an forsheomra plódaithe le daoine. Bhí daoine
eile ag teacht isteach ón tsráid. Clúdaithe le súiche
a bhí siad, ó bhaithis go bonn.
Bhí bean ina seasamh romhamsa. Thóg mé
a lámh. “Tar liomsa,” a dúirt mé. Shuigh
sí ar charn nuachtán in aice le siopa san fhorsheomra.
Chas mé agus bhí bean eile taobh liom, í
clúdaithe i súiche agus ag casachtach léi.
D’oscail mé cuisneoir a bhí sa siopa. “Teastaíonn
uisce ó na daoine seo!” a dúirt mé.
Tháinig dream eile isteach ón tsráid. Bhain mé
buidéal as an chuisneoir. Bhí an siopadóir ag féachaint
orm.
“Tá dollar amháin ar gach buidéal.
Tá $7 agam ort!” ar sise. Bhain mé mo chuid airgid,
$12, as mo phóca.
Chaith mé an t-airgead léi. “Fáilte
romhat, anois!” ar mé. “Chuile sheans go bhfeicfidh
mé an Tiarna anocht. Feicfidh Sé gan airgead mé .
. . agus tusa leis!”
Thug
an slua amach di. Ansin, tháinig daoine eile isteach ón
tsráid agus bhain mé cuid eile den uisce amach as an chuisneoir
agus dúirt leis an siopadóir: “Is gadaí mé!
Cuir glaoch ar 911. Táim cinnte go mbeidh suim mhór ag na
póilíní anois!”
Bhí beirt bhan in aice leis an staighre agus greim
láimhe acu ar a chéile.
Bhí bean amháin ag tarraingt a hanála go trom. A
haghaidh clúdaithe le hallas agus deora. Bhí asmachaidéal
ina lámh. Rug mé ar a huillinn eile agus thug buidéal
di.
“Beidh tú ceart go leor” – cé
nár chreid mé féin mo chuid focal. “Beir ar
do chaidéal agus bhéarfaimid ortsa.”
Céad míle beannacht ar AIG! D’oscail
siad a n-oifigí ar an gcéad urlár romhainn. Tugadh
an bhean bhocht isteach is tugadh di cathaoir agus caife. Go tobann, tháinig
dath agus cuma shocair ar a haghaidh.
San oifig sin, bhí bagels agus caife, bainne agus
siúcra.
Agus ‘Sweet ’n’ Low’ freisin! Bia dúchasach
Nua-Eabhrac!
San áit sin, d’ól mé mo chéad
chupán ar maidin. Tá Dia láidir agus tá Máthair
mhaith aige!
Ní raibh na gutháin phóca ag obair ag an am sin.
Ní raibh na ciorcaid ghutháin ag obair ach oiread. Róghnóthach
a bhí siad. Ach bhí leictreachas againn. Bhí teilifís
ann. Ach ní raibh craoladh Béarla ann.
Ní raibh de nuacht ar an teilifís ach nuacht
i Spáinnis. Thuig muid na pictiúir, ámh.
Chuala muid an nuachtóir ag labhairt faoi na fir dhóiteáin,
na póilíní agus otharcharranna agus héileacaptair.
Ansin, thosaigh sí ag béicíl ar an aer! Chonaic muid
an Túr ag titim as a chéile, ar an teilifís.
Tháinig tormáil tríd an urlár
agus thit cuirtíní dubha trasna na bhfuinneog.
Chomh dorcha le meánoíche a bhí sé amuigh
agus níos dorcha – ní raibh na sráidlampaí
lasta.
Chualathas guth an Mhéara, Rudy Giuliani, an an raidió:
“Má tá sibh ceart go leor, fanaigí
istigh.”
I gceann uair an chloig eile, bhí sé níos gile. An
Méara arís: “Fágaigí Manhattan Íochtair
nuair is féidir.”
D’fhág mé an áit sin. Bhí
an scamall súiche an-trom fós. Chaith mé mo léine
díom agus chlúdaigh m’aghaidh léi.
Chuaigh mé go dtí an Abhainn Óir
agus shiúil mé ó thuaidh. Bhí na sráideanna
plódaithe le daoine.
In Chinatown, tháinig an mhuintir amach le huisce agus caife (agus
ní raibh siad ag iarraidh $7!)
Bhí mná ag siúl agus ag cur fola i mbróga
briste.
Tháinig siopadóirí amach le boscaí bróg.
Thug siad do na mná iad. Níor iarradh airgead ar bith orthu.
Sa Lower East Side, bhí déagóirí
ag an chrosbhealach, ag treorú na tráchta. Stad mé
taobh amuigh de Ospidéal Bellvue le slua mór.
Bhí fonn orainn ár gcuid fola a thabhairt
ach ní raibh fearas go leor ag an ospidéal.
Bhí na droichid plódaithe le daoine ag dul abhaile, nó
ag imeacht as Manhattan.
Shroich mé Droichead Sráid 59 agus shiúil
i dtreo Queens. Stad mé i lár an droichid agus d’amharc
siar.
Chonaic mé an scamall mór sin, ó
thalamh go spéir. An raibh na Túir ansin fós, nó
imithe? Á lorg tríd an deatach a bhí mé.
Fáilte mhór a bhí romhainn ar an
taobh eile, in Queens, ó Keyspan Energy, DHL, an YMCA agus grúpaí
eile.
Chuir siad boird agus cathaoireacha amach ar na sráideanna,
le huisce, Coca-Cola, 7-UP agus tuáillí orthu. Ansin, shiúil
mé go dtí m’arasán in Woodside.
Nuair a d’éirigh mé maidin Dé
Céadaoin, cheap mé gur tromluí a bhí ann.
Chuala mé an nuacht ar an raidió, áfach, agus, mo
léan, go ró-fhíor a bhí sé.
Roimh i bhfad, fuair mé glaoch ó TG4. Bhí
nuachtóir ag iarraidh agallamh a chur orm.
Maidin Déardaoin, bhí boladh uafásach ag séideadh
trí Queens, deatach agus ár, boladh an bháis.
Chuaigh mé go teach mo mhaoir in New Jersey. Thosaigh
muid ag obair arís.
Chuir mé glaoch abhaile agus bhí teachtaireacht dom ó
Éirinn – bhí Raidío na Gaeltachta ag iarraidh
labhairt liom. Chuir mé glaoch orthu agus rinne muid an t-agallamh.
Bhí brón an domhain orm nuair a chuala mé
faoi bhás an Athar Mychal Judge, séiplíneach an FDNY.
Ba mhinic a chuala sé m’admháil ag Naomh Proinsias
31ú Sráid.
Bhí mé ar a thórramh agus i láthair
ag mórán cuimhneachán i gcuimhne daoine eile ina
dhiaidh sin.
Ba mhinic a bheadh cuimhneachán ann gan chorp, agus sochraid níos
moille, nuair a bheadh an corp faighte.
D’oscail
mo mhaor oifig nua in New Jersey. Gan ghluaisteán, ní raibh
mé in ann fanacht leis an gcomhlacht. D’imigh beirt eile
ó Nua-Eabhrac freisin.
Chaith mé laethanta go leor ag ‘Disaster
Emergency Center’ ar Shráid Worth. Labhair mé leis
an Federal Emergency Management Agency, an Salavation Army, NYC Department
of Human Resources, ‘Safe Horizons’ agus gníomhaireachtaí
eile. Beannacht Dé orthu go léir.
Bhí ciúnas aisteach i mo chathair. Chonacthas
scrínte ar fud Nua-Eabhrac, le bláthanna, coinnle, bratacha
agus grianghrafanna leis an fhocal, ‘MISSING’, scríofa
orthu.
Shiúil saighdiúirí na sráideanna
agus gunnaí ina nglac.
Thiomáin mórghluaisteáin trínár n-ascaillí.
D’eitil an USAF sa spéir os cionn Mhanhattan.
Chuir an radharc sin Béal Feirste i gcuimhne dom. Scríobh
iriseoir amháin faoin ‘Belfastisation of New York’.
Tuigimid go bhfuil an domhan mór ag féachaint
orainn. Agus táimid ag breathnú ar ais.
Chuala muid ceol nua ón Afganastáin, miotaseolaíocht
ón Fhrainc agus focail chrua ó Éirinn.
Anseo, cloistear go raibh an t-amhránaí Mary Coughlan ag
gearán faoi na Meiriceánaigh “crying in their hankies”.
Cuimhneoidh muid air sin.
Le cuidiú Dé, fuair mé post nua.
Anois, tá mé ag obair le Shipping Services Italia, le Max,
Carrie agus Aingeal. Tá oifig nua againn i SoHo in Manhattan.
An-chineálta atá siad liom agus tá
mé an-bhródúil astu. Bail ó Dhia ar an obair.
Is fíorleigheas dom í.
Bhí mé ar an traein ar 11 Márta.
Stad an traein ar 8.46rn agus d’fhógair an stiúrthóir
go mbeadh ‘nóiméad ciúnais’ ann i gcuimhne
lucht an WTC.
Agus tá poll ollmhór san áit a raibh
an tIonad Tráchtála Domhanda, ó ‘New York,
New York 10048’ go dtí Talamh a Náid, ‘Ground
Zero’.
Is cuimhin liom an poll nuair a bhítí á
thógail. An-óg a bhí mé ansin. I Meán
Fómhair 2002, is poll ollmhór arís é.
Cé go bhfuil an-bhrón inár gcroíthe,
tá rithim Nua-Eabhrac ag bailiú nirt arís. Is athléimneach
an dream muintir Nua-Eabhrac.
Bímid ag obair is ag siopadóireacht, sna
sráideanna is sna fobhailte, sna clubanna is sna hamharclanna.
Ach chuile lá, breathnaím transa na habhann,
ag lorg mo Thúr. Agus, chuile lá, bíonn siad imithe.
San oíche, téim a luí agus druidim mo shúile.
Ansin, feicim na lasracha agus na daoine bochta, iad ag breathnú
anuas.
Is baolach an áit an domhan.
In aon chás, tá grá agam ar an chathair seo.
Ní fhágfaidh mé a choíche í.
If you are interested in learning or improving your
Irish, you can visit the following sites:
www.oideas-gael.com
or www.gael-linn.ie
Tuilleadh eolais ar an mhór-roinn le fáil: www.travel.roughguides.com
Lóistín/Accommodation: www.holidaycity.com
The BBC is not responsible for the content of external sites
|