srl
thar lear / srl abroad
Ó MHEÁN FÓMHAIR GO MEÁN FÓMHAIR
le Daithí Mac Lochlainn(foilsithe
anseo le cead ó Chiarán Ó Pronntaigh)
Maidin Dé Máirt. B’iontach an lá é!
Agus Lá an Phríomhthoghcháin (Primary Day)! D’éirigh
mé go luath chun iarrthóir méara a roghnú roimh obair an lae.
Mar Dhaonlathaí, bhí rogha agam idir Mark
Green agus Alan Heves. Ar son Green a bhí mé. Tar éis
vótála, thóg mé traein Uimhir 7 ó mo
chomharsanacht, Woodside in Queens.
Thug mé liom mála droma lán le leabhair
Ghaeilge. Bhí sé de rún agam cúrsa deireadh
seachtaine a mhúineadh agus bhí orm cóipeanna a dhéanamh
in Kinkos tar éis obair an lae. 
Nuair a shroich mé Cearnóg Times, dhreap
mé an staighre go dtí an Seventh Avenue Express –
Uimhir 2 nó 3, ní cuimhin liom anois cé acu ceann.
D’aistrigh mé go dtí an Uimhir 1 –
‘the local’ – ag Sráid Chambers agus chuaigh
go díreach chuig an Ionad Tráchtála Domhanda ina
dhiaidh sin. Bhí an tslí amach ag an stáisiún
plódaithe mar ba ghnáth.
Shiúil mé trasna an Comhthionóil
– saghas ionad siopadóireachta faoi thalamh.
Smaoinigh mé ar stopadh ag an bhanc chun airgead a bhaint amach
as an bhosca draíochta. Ní raibh ach $12 i mo phóca.
Níor stop mé.
Chuaigh mé go dtí an geata faoi 5WTC, chuir
mé mo chárta plaisteach síos agus shiúil tríd.
Chuaigh an t-ardaitheoir go dtí an t-ochtú hurlár.
Bhí naoi n-urlár in 5WTC agus bhreathnaigh ár n-oifig
amach ar an Plaza i lár an WTC.
Bhí Peadar agus Gobnait ansin. D’imigh Gobnait
go dtí an Teach Custaim, béal dorais.
Thosaigh Peadar is mé féin ag caint. Ar dtús, faoin
pholaitíocht, ar ndóigh, agus ansin, faoi árachas
sláinte.
Chuala sé faoi scéim nua ar ‘Bloomberg
Radio’. (Sea – an Bloomberg céanna atá ina Mhéara
anois!)
“Bhuel,” arsa Peadar, “bíonn tú sláintiúil,
de ghnáth”.
“Tá, anois, a Pheadair, ach ní raibh
sé ach bliain go leith ó shin go raibh mé san ospidéal
le Siondróm Guillain-Barré.”
“Ach tá tú ceart go leor anois!”
“Tá, ach tá cúpla airí
orm go fóill. Tig an meadhrán orm, anois is arís.”
“A, bhuel,” arsa Peadar.
“Bhuel,” arsa mise, “tá an t-árachas
ar son cruacháis.”
“Cruachás?”
“A Pheadair, tarlaíonn cruachásanna.”
Ansin, go tobann, chualathas pléascadh an-mhór,
ar nós toirní, ach go ró-ard! Critheadh an oifig
go smior.
“Ní toirneach í sin!” arsa mé.
“Céard . . . ?” arsa Peadar.
Rith muid go dtí an fhuinneog.
Chonaic muid daoine ag rith trasna an Phlaza. Bhreathnaigh
cúpla duine siar, agus suas.
“Pléascadh é! Imímis!”
Rith mé amach, ag fágáil mo mhála
lán le leabhair Ghaeilge san oifig i mo dhiaidh.
Bhí mé i mo mharascal tine ar m’urlár.
Bhuail mé leis an mharascal ar an taobh eile.
“Seo é an staighre!” a dúirt muid le chuile
dhuine.
Chonaic mé cúpla duine ag fanacht leis an
ardaitheoir.
“Ná bacaigí leis an ardaitheoir! An
staighre, an staighre! Anois!”
Shiúil an slua mór síos an staighre,
go tapa ach go ciúin, gan scaoll, gan líonrith.
Bhuail an meadhrán mé cúpla uair
agus d’imigh arís.
Ar gach leibhéal, tháinig slua eile tríd
an doras agus síos an staighre. Ar leibhéal amháin,
chonaic mé bean ar ardán.
“An bhfuil tú ceart go leor?” a d’fhiafraigh
mé di.
“Tá,” arsa sí, “ach b’éigean
dom m’anáil a tharraingt.”
“Bhuel, tarraing leat agus tar linn anois.”
Tháinig sí.
D’fhág muid bealach Shráid Vesey.
Bhí an FDNY ansin go luath. Chonaic mé rudaí, píosaí
de Thúr 1, ar an gcosán is ar an tsráid, cuid acu
ag dó, toit ag teacht astu.
Ar ndóigh, bhreathnaigh mé suas. Ní
chreid mé mo shúile féin!
Chonaic mé poll mór sa taobh thuaidh den
Túr. Fáinní dubha. A trí nó a ceathair
d’urláir dóite. Lasracha ag pléascadh amach,
arís is arís. Gloine bhriste. Maidí ollmhóra
stáin ag brú amach. Agus na daoine sin . . .
Ghluais an deatach dubh soir, chuig Brooklyn. Bhí
na mílte píosaí de pháipéar bán,
8” x 10”, ar foluain sa spéir os cionn an Phlaza, iad
ag bogadh go mall i gciorcal, ó Shráid Vesey go dtí
Sráid na hEaglaise agus go dtí an chéad Túr
ar ais.
Ansin,
mhothaigh mé duine de na fir dhóiteáin. Bhí
cuma shocair air. Níor léir dom faitíos ar bith a
bheith air. Threoraigh sé go Sráid na hEaglaise sinn.
“Siúlaigí go tapa, gan rith,”
a bhí sé ag rá. Go tobann, thit rud éigin
ag mo chosa. Chlúdaigh me mo cheann.
“Clúdaigí bhur gceann,” a bhéic
mé os ard.
Fán am a shroich mé Sráid na hEaglaise,
bhí cúpla inneall dóiteáin eile i ndiaidh
dul thart orm.
Stad mé agus d’amharc mé siar. Thrasnaigh mé
an tsráid agus bhreathnaigh mé suas uair amháin eile.
Bhí mé cinnte dearfa go raibh mé
i lár brionglóide.
Chonaic mé an tAth Caoimhghin Ó Madagáin, ó
Naomh Peadar, an páróiste Caitliceach is sine sna Stáit
Aontaithe, ag rith chun na tubaiste.
Bhí fonn orm glao a chur ar mo mhuintir is mo chairde
ach bhí a fhios agam nach raibh na táillefóin ansin
ag obair. B’fhada iad as fearas.
Shiúil mé trasna Broadway agus trí
Pháirc Halla na Cathrach. Bhí mé in aice le Plaza
na bPóilíní nuair a bhuail an dara heitleán
Túr 2.
Ní fhaca mé é ach chuala mé.
Chrith an talamh fúm. Chuala mé scéalta faoi eitleán
ach níor chreid mé iad. Tháinig mé ar ghuthán
ar Shráid Mott, in Chinatown.
Labhair mé le m’athair agus d’fhág
teachtaireachtaí do mo chairde. Ansin, chuaigh mé ar ais.
Bhí sé i gceist agam seic a chomhshíniú um
lón ag oifig cara liom.
Ag an am sin, bhí fonn orm é a dhéanamh
roimh dom filleadh ar an bhaile. Thosaigh mé ag siúl i dtreo
oifig mo chara.
Ag Sráid Fulton, chonaic mé na Túir,
taobh le taobh, ag déanamh deataigh. Ní raibh mo chara ina
oifig. Bhí cupla duine ag éisteacht leis an raidió
sa tsráid.
Chuala muid faoin bPeinteagán.
Agus mé ag smaoineamh faoi na daoine a bhí gafa sa WTC,
mo chairde ina measc, chuaigh mé go séipéal ‘Mhuire
an Bhua’ chun Aivé amháin a rá roimh dhul ’na
bhaile.
Bhí fonn orm guí ar son na ndaoine a bhí
gafa sa WTC. Bhí mé ag smaoineamh ar Chathal – d’oibrigh
muid le chéile i gcomhlacht eile. Agus ar an chustaiméir
ab fhearr liom, Shipping Services Italia: Max, Aingeal agus Carrie.
Ní raibh a fhios agam go raibh Carrie bhocht gafa
in ardaitheoir achar leathuaire an choig.
Ina dhiaidh sin, chonacthas í sa scannán leis an bheirt
Fhrancach, Jules agus Gideon Naudet.
Ní raibh an séipéal ach cúpla bloc ón
WTC. Agus mé i mo shuí ann, chuala mé an-ghlór
. . .
Bhí sé dochreidte! Chrith an talamh gan
stad; chonaic mé na ballaí ag bogadh!
Rith mé amach agus chonaic slua ag rith síos an tsráid.
“Tá an foirgneamh ag titim...”
Go tobann, chonaic mé scamall mór deataigh is súiche
ag rolladh síos an tsráid.
Níos airde na Chase Manhattan Plaza a bhí
sé! Chas agus rith mé liom an méid a bhí i
mo chosa ach ní raibh mé tapa go leor.
Nóiméad níos moille, bhí mé
gafa sa súiche, ag plúchadh is ag casachtach. Gan radharc
na súl agus gan anáil a bhí mé.
go
dtí lth. 2..>>
|