LYNETTE FAY Ó NUA EABHRAC
Ar Lá Fhéile Pádraig 2007 craoladh eagrán
spesialta de BLAS beo ó Nua Eabhrac. Muna raibh an deis agat
bheith i gcuideachta Lynette Fay don chlár, seo duit thíos
an dara seans buaicphointí an chláir a chluinstean…
On St Patrick’s Day 2007, Lynette Fay presented a special
edition of BLAS live from New York City. If you missed out, here
is your second chance to hear the highlights of the show…
AN BUÍON CEOIL
Is
i Nua Eabhrac a síolraíodh fréamhacha an bhuíon
cheoil Solas, agus mar sin tá sé ag fóirstean
gurb iadsan a dhéanann an ceol a shóláthar
do BLAS na Féile Pádraig beo ón chathair chéanna.
Rinneadh taifead ar na rianta ceoil seo beo in Joe’s Pub,
Sráid Lafayette, Nua Eabhrac.
It was in New York that the seeds of the Irish-American supergroup
were sown and so it is fitting that they supply the tunes for this
St Patrick’s Day BLAS special live from the Big Apple. The
sets were recorded live in Joe’s Pub, Lafayette Street, New
York.
 |
The Flowing Bowl |
| |
|
 |
Seoladh na Gamhna/ The Wiggly Jigs |
| |
|
 |
Fleur De Lis |
| |
|
SOLAS: Winifred Horan (fidil), Deirdre Scanlan (amhránaíocht),
Mick McCauley (bosca ceoil), Séamus Egan (feadóg mór,
mandola, banjo, giotar), Eamon McElholm (giotar agus comhcheol).
Leo ar an oíche bhí Chico Huff ar an dord agus Michael
Aaron ar piano.
Tuilleadh eolais:
Solas Official
Site
More
from Solas on Blas
AN MAINICÍN
Is
de bhunadh Mhuineacháin í Caitríona de Balfe,
atá lonnaithe anois i gcathair Nua Eabhraic. Bhí spéis
mhór riamh ag Caitríona sa Ghaeilge agus í
ag fás aníos, agus thaisteal sí chuig Gaeltacht
Rann Na Feirste achan bhliain – áit ar chuir Lynette
Fay aithne uirthi ar dtús. Agus í i Nua Eabhrac, buaileann
Lynette le Caitríona i gceantar faiseánta an East
Village faoi choinne cupán caifé…
“Ireland’s only international supermodel,” New-York
based Caitríona de Balfe, maintained a strong interest in
the Irish language while she was growing up back in Co. Monaghan.
As a teenager, she spent a few weeks every summer in the Rannafast
Irish College and it was there that Lynette Fay first met her. Across
the Atlantic, their reunion takes place in a café downtown
in the East Village.

AN PEILEADÓIR
Is de bhunadh Dhún na nGall é Frank Molloy agus
is peileadóirí den chéad scoth iad muintir
s’aige – is deartháir é le Anthony Molloy,
an té a thóg Corn Mhig Uidhir do na Connallaigh i
1992. Le 25 bliain anuas atá Frank ag cur faoi i Nua Eabhrac
agus níl a dhúil sna cluichí Gaelacha ídithe
ar chor ar bith thar na blianta – ba í an pheil a mheall
chun na Stáit Aontaithe é sa chéad dul síos!
Donegal man Frank Molloy comes from a family of famous Gaelic footballers,
including his brother Anthony Molloy. Frank has been living in New
York for 25 years now and his passion for Gaelic games has not been
diluted one bit. In fact, it was Gaelic football that brought him
to New York in the first place!

Tuilleadh eolais:
GAA of Greater
New York
LEAS-ARDCHONSAIL NA hÉIREANN
Achan Lá Fhéile Pádraig bíonn deis
ag an pholaitíocht Ghaelmheiriceánaigh bheith chun
tosaigh i mbéal an phobail agus sna meáin. Buaileann
Lynette Fay isteach ar Ardchonsalacht na hÉireann agus labhraíonn
sí le Breandán Ó Caollaí, fear ceapadh
ar na mallaibh ina Leas-Ardchonsail. Fiafraíonn Lynette de
cad é an ról atá ag an Ardchonsail i saol na
nGaelmheiriceánach.
St Patrick’s Day provides a valuable political platform for
Irish America. Lynette Fay calls into the Consulate General of Ireland
on Park Avenue and meets Breandán Ó Caollaí
who has recently taken up the role as Deputy Consul General of Ireland
in New York. First off, Breandán explains the role the Consulate
General plays in the lives of Irish Americans.

Tuilleadh eolais:
Irish Embassy - Washington
AN LÉACHTÓIR
Tá éileamh mór ar ranganna Gaeilge i Nua Eabhrac
ón bhonnleibhéal go dtí an t-ardleibhéal.
Agus dá mba mhian leat dul níos faide leis an léann
Éireannach sa chathair agus céim sa Ghaeilge a bhaint
amach duit féin, thiocfadh leat sin a dhéanamh fosta
ag Ollscoil Chathair Nua Eabhraic. Tá Pádraig Ó
Cearúil, de bhunadh Ghaoth Dobhair, ag obair i Roinn na Gaeilge
ansin le hocht mbliana déag anuas. Míníonn
sé do Lynette na cineálacha éagsúla
cúrsaí a chuireann an Roinn ar fail.
There is a healthy demand for Irish classes in New York from beginners’
level to advanced. And should you wish to continue on to further
study in Irish at degree level, this opportunity is also open to
you at New York University. Gaoth Dobhair native Pádraig
Ó Cearúil has been based in the Irish Department there
for the past 18 years. He talks to Lynette about the learning opportunities
on offer in the Department.

Tuilleadh eolais:
New
York University - Irish Language Classes
AN GRÚPA SCOILE
Thaistil
grúpa daltaí ó Scoil Naomh Michíl ar
an Lorgain, a bhfuil polaitíocht mar ábhar Ard Leibhéal
acu, go Meiriceá ar thuras scoile. Agus i ndeireadh na dála
ghlac siad páirt sa mhórshiúl is mó
ar domhain Lá na Féile Pádraig! Buaileann Lynette
leis an scaifte agus labhraíonn ar dtús lena múinteoir
Phillip Brunt, a shocraigh an turas.
What about coming out to the big apple for an A-level Politics field
trip over St Patrick’s weekend and ending up marching in the
biggest St Patrick’s Day parade in the world? That’s
exactly the case for a group of students from St Michael’s
Grammar School in Lurgan. Lynette meets the gang and speaks first
to their teacher Phillip Brunt.

CARRIE BRADSHAW NA GAEILGE
Tá
Elaine Ní Bhraonáin ag múineadh na Gaeilge
i Nua Eabhrac anois tar éis di céim agus máistreacht
a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha
Cliath. Chomh maith leis an mhúinteoireacht, tá colún
dátheangach ag Elaine go seachtainiúil san “Irish
Echo” faoin ainm cleite “An Tíogress Ceilteach,”
ina ndéanann sí cur síos spraoiúil ar
an saol singil i Nua Eabhrac agus na buntáistí agus
míbhuntáistí a bhaineann leis. Buaileann Lynette
Fay le “Carrie Bradshaw na Gaeilge”…
Elaine Ní Bhraonáin is 26 years old and from Rathfarnham
in Dublin. As well as teaching Irish classes for children and adults
in New York, she is also a columnist with the “Irish Echo.”
The column, written under the pen name “The Celtic Tigress,”
details the adventures and misadventures of the life of a single
lady in New York City. Lynette Fay meets the Carrie Bradshaw of
Irish-speaking world…

AN GAEL-RÚISEACH
Tá Alexei Kondratiev ag teagasc na Gaeilge i Nua Eabhrac
le 20 bliain anuas. Ní hamháin sin ach tá na
teangacha Ceilteacha uilig ar a thoil aige agus ar ndóigh
an Rúisis agus an Fhraincís fosta! Buaileann Lynette
Fay isteach ar Alexei in Ionad Ealaíon na nGael i Nua Eabhrac.
Alexei Kondratiev has been teaching Irish in New York for the past
20 years. He is fluent in all six Celtic languages – Welsh,
Scots Gaelic, Breton, Cornish and Manx as well as Irish –
on top of being a native speaker of Russian and French! Lynette
Fay meets up with Alexei in the Irish Arts Centre in New York.
Tuilleadh eolais:
Irish
Arts Center - New York

The BBC is not responsible for the
content on external websites.
Various
Features Index
Blas Homepage |