BRÍD MALONEY
Achan Mháirt ar 7.02 leanann sraith Bríd Maloney
agus í i mbun comhrá le daoine móra le rá
i saol na Gaeilge.
Every Tuesday at 7.02 join Bríd Maloney on Blas in conversation
with some of the most well-known Gaeilgeoirí in Irish life.
CLÁR
10: Mick Lally
An tseachtain seo, i gclár deireanach na sraithe, buaileann
Bríd Maloney leis an aisteoir Mick Lally. Tá na blianta
caite ag Mick ar ardán agus ar scáileán ach
tá an chuimhne is mó ag mórphobal na hÉireann
air as a ról Miley, feirmeoir atá pósta ar
Biddy, sa sobaldhráma "Glenroe."
Well Holy God!! In the final instalment of Bríd Maloney's
series of conversations with well-known Gaeilgeoirí, Bríd
meets actor Mick Lally. Lally has starred in a range of productions
for stage and screen, yet he is still most widely recognisable for
his role as gormless but lovable Wicklow farmer Miley, husband to
Biddy, in RTÉ's long-running Sunday evening soap "Glenroe."

CLÁR
9: Eugene Lambe
Is ceoltóir, seoltóir agus déantóir
uirlise é Eugene Lambe atá ina chónaí
i gCinn Mhara, Co. na Gaillimhe. Labhraíonn sé le
Bríd faoin cheol, faoin seoltóireacht agus faoin bhád
a rinne sé dó féin darbh ainm "Fánaí,"
agus labhraíonn sé fosta faoin dóigh ina dhéanann
sé píobaí uilleann agus feadóga.
Eugene Lambe is a musician, sailor and instrument-maker based
in Kinvara, Co Galway. He speaks to Bríd about his music,
about the boat he himself made, called "Fánaí,"
and takes us through the ins and outs of making uilleann pipes and
flutes.

CLÁR
8: Dermot O'Brien
Bhí Dermot ina chaptaen ar fhoireann peile Chontae an Lú
nuair a bhain siad Craobh na hÉireann sa bhliain 1957. Agus
ba eisean an chéad ceoltóir as Éireann a chuaigh
caol díreach go dtí Uimhir a 1 sna cairteanna Éireannacha
lena amhrán "The Merry Ploughboy."
This week's programme, entitled "Magic Fingers, Magic Toes,"
focusses on Dermot O'Brien, captain of the All-Ireland-winning Louth
team of 1957 and the first Irish artist to go straight into the
charts at number one with his single "The Merry Ploughboy."

CLÁR 7: Hector Ó hEochagáin
Tá
cáil ar fhear mhór na Mí as a stíl neamhfhoirmeálta
neamh-urramach agus é i mbun láithriú teilifíse.
Is cinnte go meallann an Eochagánach níos mó
daoine óga chun na Gaeilge agus tá an-tóir
ar a chuid cláracha ileachtrúla taistil ach go háirithe.
Níl rud ar bith nach dtiocfadh leis a bheith ina ábhar
magaidh ag Hector agus tá neart le rá aige ar achan
rud faoin spéir. Bí linn Dé Máirt ar
7.02 nuair a théann Bríd Maloney amú le Hector!
Navan man Hector Ó hEochagáin is well known for
his informal and irreverent style of presenting and there can be
no doubt that he has helped to make TG4 a big draw for the younger
generation in particular. No subject is too sacred for Hector to
have a bit of craic about, and he has plenty to say about pretty
much everything... join Bríd this Tuesday as she goes "amú
le Hector"!

CLÁR 6: Brian Mullen
Buaileann
Bríd leis an chraoltóir BBC, amhránaí,
agus sain-saineolaí ceoil, Brian Mullen.
Bríd meets the BBC broadcaster, singer, and music expert,
Brian Mullen.

CLÁR 5: Éamonn Ó Catháin
An
tseachtain seo, tá Éamonn Ó Catháin
mar chomhluadar ag Bríd. Téann an bheirt acu amach
ag siopadóireacht le béile den scoth a dhéanamh.
Chef Éamonn Ó Catháin brings Bríd along
on his mission to assemble the freshest and tastiest ingredients
for his latest recipe.

CLÁR 4: Éanna Ní Lamhna
Téann
Bríd ar shiúlóid dúlra i dTír
an Iúir, Baile Átha Cliath le hÉanna Ní
Lamhna, atá clú agus cáil uirthi mar chraoltóir
agus luibheolaí.
Bríd takes a walk in Terenure's Bushy Park with broadcaster
and wildlife expert Éanna Ní Lamhna.

CLÁR 3: Mícheál Ó
Muircheartaigh
Is
laoch mór é Micheál Ó Muircheartaigh
do lucht leanúna na gcluichí Gaelacha fud fad na cruinne.
Cibé duine a dúirt gurbh fhearr leo raidió
ná teilfís "toisc go mbíonn na pictiúirí
níos fearr," caithfidh gur ar thráchtaireacht
raidió Mhichíl a raibh cuimhniú acu air. Ar
chlár na seachtaine seo, labhraíonn Bríd leis
an Chiarraíoch cháiliúil faoina shaol agus
faoina shaothar.
The most distinctive voice in GAA broadcasting and a hero for fans
of Gaelic games the world over, Mícheál Ó Muircheartaigh's
radio commentary on football and hurling is the stuff of legend.
Bríd Maloney meets the great Kerryman to chat about his extraordinary
life and work.

CLÁR 2: Pádraigín Ní hUallacháin
Is í Pádraigín Ní hUallacháin
an t-Amhránaí Cónaithe ag Ionad Shéamus
Heaney in Ollscoil na Ríona, Bhéal Feirste. Chomh
maith le ceol traidisiúnta a chanadh, tá stór
amhráin comhaimseartha scríofa ag Pádraigín,
agus leabhar fosta: “A Hidden Ulster,” saothar scoláireachta
ina chuireann sí síos ar phobal, ar amhráin
agus ar thraidisiúin a ceantar dúchais Oirialla.
Pádraigín Ní hUallacháin is the traditional
singer in residence at the Séamus Heaney Centre at Queen's
University Belfast. On top of her accomplishments as a traditional
musician, Pádraigín has written a number of contemporary
musical compositions as well as a book "A Hidden Ulster,"
a scholarly work in which she describes the people, the songs and
the tradition of her own home place of Oriel.
CLÁR 1: Pádraig Ó Baoill
Insan chéad chlár, tá Bríd i mbun comhrá
le Pádraig Ó Baoill de bhunadh Rinn na Feirste i dTír
Chonaill. Tá clú bainte amach ag Pádraig as
an obair a rinne sé le Gael Linn ar feadh na mblianta. Labhraíonn
sé faoin óige s’aige i Rann na Feirste, fán
ghrá atá aige do scéalaíocht agus do
scríbhneoireacht a cheantar dúchais féin, agus
faoin dóigh a d’imir sé seo tionchar ar a chuid
scríbhneoireachta féin.
In the first programme, Bríd chats to Pádraig Ó
Baoill, of Rannafast in Donegal, a man whose lifelong work with
Gael Linn has won him the respect and admiration of many. Pádraig
talks about his own youth in Rannafast, about his love for the storytelling
and literature of his own native place, and about the influence
this has had on his own writing.
Blas
Homepage
|