20ú Meán Fómhair
2007
Dreigítí
|
Tá fiosrúchán ag dul ar aghaidh
i láthair na huaire le heolas a chruinniú faoi dhreigít
a thit i bPeiriú tamall gairid ó shin agus a d’fhág
cráitéar tríocha méadar trasna agus
sé mhéadar ar doimhne. Cé go bhfuil amhras
faoi cé acu arbh dreigít cheart í nó
an raibh cúis eile leis an chráitéar, titeann
dreigítí ar thalamh an Domhain níos minice
ná mar a shíltear. Bíonn a mbunús chomh
beag le cloch duirlinge ach is féidir leo a bheith chomh
mór le tríocha ciliméadar trasna. Agus bíonn
luas ollmhór leo uilig, thart fá thríocha ciliméadar
sa soicind. A mhéid iad, sin mar is mó dochair a dhéanann
siad nuair a thuirlingíonn siad ach is fíor a rá
fosta gur a mhéid iad, is teirce iad. |
 |
Cad iad na dreigítí seo? Caithfimid smaoineamh siar níos
mó ná ceithre billiún go leith bliain. Bhí
réalta mhór ann a phléasc agus a d’fhág
ina diaidh néal gáis agus deataigh. Tugtar ollnóva
ar an phléascadh seo. Bhí an néal seo ag rothlú
agus thar am, trí dhomhantarraingt, tháinig an damhna le
chéile agus cruthaíodh an Ghrian i lár agus na pláinéid
i bhfithis thart uirthi. Ba é sin grianchóras s’againne.
Ach níor cheangail iomlán an damhna le chéile; fágadh
dríodar idir phíosaí cloiche agus phíosaí
iarainn, iad ar gach méid agus iad i bhfithis thart ar an Ghrian
fosta. Tríd am, bhuail an mhórchuid acu an Ghrian nó
ceann de na pláinéid ach tá cuid acu ann go fóill
agus buaileann siad an Domhan s’againne ó am go céile.
Tá bunús na ndreigítí seo beag agus bíonn
aer an Domhain mar chosaint againn. Nuair a bhuaileann dreigít
an t-aer, tarlaíonn frithchuimilt nó tá an t-aer
tiubh. Dónn sí agus ní shroicheann sí an talamh.
Má bhíonn sí níos mó ná méid
d’ordóige sroichfidh sí an talamh ach is beag dochair
a dhéanfaidh sí. Sa bhliain 1969, thit dreigít go
talamh i gContae Aontroma a bhí os cionn cúig chileagram
meáchain agus ní dhearna sí dochar ar bith. Sa bhliain
1908, tháinig ceann a bhí thart fá thríocha
méadar trasna go talamh sa tSibéir sa Rúis agus scriosadh
crainn ar fud na gcéadta mílte cearnógacha. Thart
fá sheasca milliún bliain ó shin, meastar, thuirling
dreigít a bhí ní ba mhó ná tríocha
ciliméadar trasna agus rinneadh an oiread sin dochair gur éag
na dineasáir uilig.
I láthair na huaire, níl cosaint éifeachtach againn
ina n-éadan. Tá a fhios ag eolaithe cá bhfuil cuid
acu agus is féidir a bhfithis a oibriú amach. Is féidir
ansin ríomhaireacht a dhéanamh le fáil amach an mbuailfidh
siad an Domhan amach anseo, fiú más i gcionn roinnt mhaith
blianta sin. Má bhíonn an t-am againn, tá seans ann
go mbeimid ábalta teicníocht úr a úsáid
leis an dreigít a thiontú ar shiúl uainn. Go fóill
is beag uilig an seans go dtarlóidh an t-imbhualadh sin. Ach tá
dreigítí eile ann agus níl a fhios againne cá
bhfuil siad. Má tá ceann acu seo ag dhul a bhuaileadh dromchla
an Domhain, seans go mbeidh réamhfhógra mí nó
dhó againn. Agus níl dóigh ar bith go mbeimid ábalta
rud ar bith a dhéanamh.
Ach ar eagla go dtiocfadh an t-alt seo idir thú agus codladh na
hoíche, cuimhnigh gur beag an seans go dtarlóidh imbhualadh
ollmhór le linn do shaoil; tarlóidh sé ach gach seans
nach bhfeicfidh an glún seo é.
Sanas:
Cráitéar crater
Damhna matter
Domhantarraingt gravity
Dreigít meteorite
Dríodar residue
Dromchla surface
Fiosrúchán investigation
Fithis orbit
Frithchuimilt friction
Grianchóras solar system
Imbhualadh collision
Ollnóva supernova
Rothlú rotating
Tearc/is teirce scarce/scarcer
Tuilleadh eolais:
http://newsvote.bbc.co.uk/mpapps/pagetools/print/news.bbc.co.uk/1/hi/world/americas/7001897.stm
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|