BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Science

THE SCIENCE OF THE UNIVERSE

Mars

 

Listen / Éist

 

Is é Mars an pláinéad is cóngaraí don domhain s’againne agus de thairbhe sin tá sé ar cheann de na réada is feiceálaí sa spéir. I láthair na huaire tá sé chóir a bheith chomh cóngarach agus is féidir agus mar sin de, tá sé níos mó agus níos gile ná mar is gnách. Ní bheidh Mars agus an Domhan ach 67 milliún ciliméadar óna chéile oíche an 21-22 Meitheamh.

 

Más mian leat é a fheiceáil níl le déanamh agat ach dul amach oíche ar bith agus amharc ó dheas. Tá Mars íseal sa spéir – níos lú ná dhá ghrád déag os cionn na léaslíne. Tá barraíocht solais lae ann go dtí a deich a chlog ach go gearr i ndiaidh sin beidh Mars ag dealramh soir ó dheas uainn. Thart fá leath i ndiaidh a h-aon ar maidin, beidh sé le feiceáil díreach ó dheas agus cúpla uair a chloig ina dhiaidh sin beidh sé siar ó dheas. Beidh sé níos mó ná réalta ar leith san spéir agus ba cheart go mbeadh dath dearg Mars soiléir.

 

As siocair nach mbíonn fithisí na bplainéid ciorclach (bíonn siad éileapsóideach), athraíonn á bhfad óna chéile gach uair is cóngaraí iad. Ní raibh Mars agus an Domhan chomh cóngarach seo le trí bliana déag agus mar sin de ní raibh Mars chomh mór geal le fada. Mar sin de ní ceart dúinn an t-áiméar seo a chailleadh.

 

Bhí Mars ariamh tábhachtach i miotaseolaíocht an chine dhaonna agus beidh sé tábhachtach dúinn arís sa todhchaí. Má táimid i ndáiríre fá spásthaisteal, is cinnte gur chuig Mars a bheidh ár dtriall gan mórán moille. Chuir na Meiriceánaigh spásárthach go Mars don chéad uair sa bhliain 1965 agus ó shin i leith, d’fhoghlaim muid cuid mhór fá aeráid agus fá dhromchla Mars tré spásfheithiclí eile mar Mariner agus Viking a chur chuige. Tá ceann i bhfithis thart ar Mars ag an am seo agus tá ceann eile – Odyssey 2001 - ar a bhealach anois. Rachaidh Odyssey i bhfithis i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Nuair a bheidh an taighde uilig déanta agus fios againn ar na seifteanna is fearr le húsáid le spásairí a choinneáil beo sláintiúil ar feadh trí bliana ar a laghad, rachaimid ann. Tá pleananna ag na Meiriceánaigh dul ann roimh an bhliain 2010.

 

Ach más feiceálach Mars i mbliana, beidh sé i bhfad níos feiceálaí an chéad uair eile a thagann an Domhan agus é féin cóngarach dá chéile. Tarlóidh sin sa bhliain 2003 i mí Dheireadh Fómhair. Beidh an dá phláinéad chomh cóngarach agus is féidir, beidh na hoícheanta níos dorchaí agus beidh Mars níos airde sa spéir. Tá amhras i gcónaí anseo in Éirinn faoin aimsir agus mar sin de tá seans ann nach bhfeicimid Mars an t-am sin. Mar sin de, is mithid dúinn dul amach an t-am seo le ceann de mhórthaispeántais na Cruinne a fheiceáil.

 

Sanas:
Ciliméadar kilometre
Éileapsóideach elliptical
Fithis orbit
Grad degree
Léaslíne horizon
Miotaseolaíocht mythology
Spásairí astronauts
Spásárthach space vessel
Spásfheithiclí space vehicles

Tuilleadh eolais / Extra information:
BBC Science - Mars

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
    A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
    Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas

 
» How good is your Irish?     Take our animated test     to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy