BBC HomeExplore the BBC
This page was last updated in March 2006We've left it here for reference.More information

21 April 2014
Accessibility help
Text only
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Like this page?
Send it to a friend!

 
Science

ENVIORNMENT

waveMuirbhrúcht le teacht?

Sinne atá cleachtaithe le tránna na hÉireann, áiteanna ina gcuirimid mórtas farraige ar thonnta atá níos mó ná sé throigh in airde, tá sé doiligh againne farraige le tonnta chomh mór le 12 méadar (40 troigh) a shamhlú.

Ach de réir eolaithe, sin an rud atá i ndán do chósta na hÉireann am éigin sa chéad seo nó sa chéad céad eile. Tarlóidh sé agus déanfaidh na tonnta sin scrios agus mór-dhamáiste ar thailte agus ar bhailte ar imeall na farraige.

 

Agus, dá olcas an cás anseo, beidh an scrios i bhfad níos measa ar an taobh eile den Aigéan Atlantach. Meastar go mbeidh tonnta os cionn 40 méadar in airde ag bualadh cósta na Brasaíle agus os cionn 50 méadar ag bualadh cósta Florida agus ó sin an bealach uilig ó thuaidh a fhad leis an Ghraonlainn. Scriosfaidh tonnta den mhéid seo iomlán a fhad le 10 km intíre.

Tarlóidh seo de thairbhe pléascadh bolcáin. Tá bolcán sna hOileáin Chanáireacha ar a dtugtar an Cumbre Vieja. Am éigin, de réir taighde, taobh istigh de chúpla céad blian nó mar sin, tiocfaidh pléascadh. Scoiltfidh an t-oileán agus beidh sciorradh talún ann. Titfidh trilliún tonna de charraig go tobann isteach san fharraige.

 

Tógfaidh an cliseadh seo moll uisce os cionn 900 méadar in airde agus cothóidh sin tonnta ar a dtugtar "tsunami". Bogfaidh an tsunami sin ag luas a fhad le 800 km san uair trasna na farraige go Meiriceá agus scriosfaidh sé an cósta ansin naoi n-uair a chloig ina dhiaidh sin.

Scaoileadh an scéal seo bliain ó shin agus níor thug muid anseo san Eoraip mórán airde air nó shíl muid nach mbuailfeadh sé sinne. Ach, de réir an taighde is deireannaí, tá a fhios againne anois go lúbfaidh an tonn sin agus go dtiocfaidh sé a fhad leis na hoileáin seo. Buailfidh sé sinne thart fá cheithre uair a chloig i ndiaidh don chliseadh agus déanfaidh sé damáiste anseo. Nuair a shroicheann tonn uisce tanaí, moilleann sé. Agus nuair a mhoilleann cuid amháin de thonn, lúbann an tonn uilig. Tugtar athraonadh ar an phróiseas seo. Is féidir sin a fheiceáil am ar bith má sheasann tú os cionn trá ag amharc ar na tonnta. Tá uisce tanaí cóngarach do na hOileáin Chanáireacha agus sin an áit a lúbfaidh an tonn seo. Chan amháin go rachaidh sé siar, rachaidh sé ó thuaidh agus ó dheas fosta.

 

Má tá an ceart ag na taighdeoirí, ní féidir linn an tubaiste seo a sheachaint. Déanfaidh sé damáiste mór, go háirithe nuair a smaoiníonn tú gur ar an chósta atá mórchuid de bhailte na tíre seo. Mar léiriú ar seo, sa bhliain 1988, tharla crith talún faoin aigéan agus bhuail muirbhrúcht níos lú ná an ceann a bhuailfidh cósta na hÉireann cósta Phapua Nua-Ghuine. Maraíodh os cionn 2,000 duine.

 

Ach táimid cinnte de rud amháin eile. Níl mórán seans anngo dtarlóidh sé lenár linne. Ach chífidh cuid de ne glúnta atá romhainn amach anseo an muirbhrúcht seo ag teacht i dtír ar chósta na hÉireann.

Sanas:
Athraonadh
refraction
Cliseadh collapse
Muirbhrúcht tidal wave
Sciorradh talún landslide

Tuilleadh eolais:
New Scientist

The BBC is not responsible for the content of external websites

back to science homepage

 » Giota Beag
    A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
    Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas

 
» How good is your Irish?     Take our animated test     to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy