ENVIORNMENT
Comhleá núicléach/Nuclear
Fusion
Anseo
in Éirinn, nuair a bhímid buartha fán dramhaíl
núicléach atá á cur amach ag Sellafield, nó
nuair a ríomhaimid éifeachtaí an radachuir a tháinig
anuas ar thalamh s’againn ó thimpiste Cernobyl nó
nuair a thréaslaímid sinn féin as siocair nach bhfuil
stáisiúin núicléacha abhus anseo, is ar phróiseas
amháin atáimid
ag smaoineamh – próiseas ar a
dtugtar eamhnú núicléach.

Sa phróiseas seo, scoilteann
adaimh úráiniam istigh in imoibreoir agus scaoiltear
fuinneamh de thairbhe sin. Úsáidtear an fuinneamh
sin le huisce a ghalú agus úsáidtear an gal
sin le tuirbíní a thiontú agus leictreas a
chruthú.
Ach tá próiseas núicléach
eile ann ina scaoiltear fuinneamh. Tugtar comhleá núicléach
ar seo agus is é an foinse fuinnimh atá ag an ghrian. Má
bhíonn na coinníollacha mar is ceart, is féidir le
dhá adamh hidrigin bualadh le chéile le hadamh úr
héiliam a dhéanamh. Bíonn teocht ard ag an héiliam
a cruthaítear agus is é sin an foinse fuinnimh.
Tá buntáistí
móra ag dul leis an chomhleá. Úsáideann
sé hidrigin mar bhreosla agus tá hidrigin le fáil
go forleathan san fharraige. Is beag uilig an dramhaíl núicléach
a thairgeann sé agus ní astaíonn sé
gáis a dhéanann dochar don timpeallacht. D’fhéadfaí
a rá gur foinse fuinnimh an-ghlan é.
Tá deacracht ann, ar ndóigh.
Is maith is cuimhin liom, nuair a bhí mise i rang fisice
sna seascaidí, mo mhúinteoir ag cur síos ar
an phróiseas seo agus ag rá nach fada go mbeadh na
deacrachtaí smachtaithe agus go mbeadh an comhleá
in úsáid mar fhoinse fuinnimh go forleathan ar fud
an domhain – roimh dheireadh na seachtóidí ar
a mhoille. Agus seo muid daichead bliain chun tosaigh agus níl
réiteach againn go fóill ar na deacrachtaí
sin.
Baineann na deacrachtaí leis an teocht atá
de dhíth le go dtarlódh comhleá. Is gá an
hidrigin a théamh go teocht os cionn céad milliún
céim Celsius. Agus ar ndóigh, tá sin i bhfad róthe
le cur isteach i soitheach ar bith. Caithfear an hidrigin a mhúnlú
le réimse maighnéadach agus le daichead bliain, tá
taighdeoirí ag iarraidh a theacht ar an dóigh is fearr leis
an réimse seo a chruthú.
Tá dul chun cinn a dhéanamh
acu, más malltriallach féin é agus is cosúil
anois go bhfuil siad beagnach réidh le stáisiún
cumhachta, bunaithe ar an phróiseas seo a thógáil.
Is i gCeanada nó sa tSeapáin a bheidh sé, is
cosúil. Tá iarracht idirnáisiúnta taobh
thiar de agus chaill Meiriceá foighde leis trí bliana
ó shin agus tharraing siad siar uaidh. Ach tháinig
scéala an tseachtain seo go bhfuil Meiriceá ar tí
dul isteach ann ar ais nó meastar nach fada anois go mbeidh
na deacrachtaí réitithe.
Níl amhras ar bith orm ná go mbeidh an
comhleá mar phríomhfhoinse fuinnimh sa todhchaí le
taobh fuinneamh ón ghrian agus go mbeidh deireadh glan le fuinneamh
bunaithe ar na truaillphróisis sin bunaithe ar an eamhnú
agus ar dhóú bhreosla iontaise.
Sanas:
Breosla iontaise fossil fuel
Comhleá núicléach nuclear
fusion
Dramhaíl núicléach nuclear
waste
Eamhnú núicléach nuclear fission
Fisic physics
Héiliam helium
Hidrigin hydrogen
Imoibreoir reactor
Radachur fallout
Réimse maighnéadach magnetic field
Tuilleadh eolais:
BBC
News -US in fusion re-think
Jet.efda.org
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|