ENVIORNMENT
Diamaint / Diamonds
Ag
an am seo den bhliain, aimsir Vailintín, deirtear go mbíonn
mná de gach uile aois ag súil le bronntanas grá agus
deirtear gurb iad diamaint an comhartha grá is ansa leo. Ach cad
chuige seo? Cá huair a ceanglaíodh diamaint leis an ghrá?

Is ábhar iontais é
nár tharla an ceangal seo go dtí daichidí an
chéid seo chuaigh thart. Go dtí sin, bhí níos
mó measa ag na mná ar sheoda eile mar ópail,
rúibíní, saifírí agus turcaidí.
Ach sa bhliain 1947, chuir an comhlacht De Beers tús le feachtas
an-chliste bolscaireachta a chothaigh an nasc seo idir an grá
agus an diamant. Chan amháin gur chruthaigh an feachtas seo
margadh úr ar fud an domhain ach rinne sé cinnte nach
ndíolfadh mná na diamaint: "a diamond is forever".
Sna seascaidí bhí barraíocht diamaint
bheaga ann gan mórán díol orthu agus chum De Beers
feachtas úr. Chruthaigh siad fáinne úr ina raibh
na céadta diamant, thug siad "fáinne síoraí"
air agus mheall siad na milliúin ban lena shantú. Chan amháin
gur réitigh siad an fhadhb a bhí acu ach dhaingnigh siad
an nós nár cheart a choíche diamaint a dhíol.
Tá an nós seo an-tábhachtach
do mhargadh na ndiamant. Tá diamaint luachmhar cionnas nach
féidir iad a cheannach ach ó sheodóir agus
ceannaíonn seisean iad ó De Beers. Dá dtiocfadh
diamaint eile ar an mhargadh, laghdódh an iomaíocht
na luachanna agus thitfeadh an tóin as an mhargadh.
Bíonn an diamant úsáideach i dteicneolaíocht
agus in eolaíocht de thairbhe gur mianra crua é. Is é
an mianra is crua atá le fáil go nádúrtha
é. Cuirtear diamaint le béalmhír druilire le faobhar
gearrtha fadmharthanach a chuir air mar shampla. Cionnas go ligeann siad
gach cineál solais agus radaíochtaí leictreamaighnéadacha
eile tríothu, úsáidtear iad mar fhuinneoga i spástaiscéalaithe.
Ach taobh amuigh de sin, níl mórán eile ar féidir
a dhéanamh leo.
Is cineál carbóin é diamant, carbon
ina bhfuil cóiriú ar leith ar na hadaimh. Bíonn ceangal
teitreahéadánach ar na hadaimh agus is ceangal an-láidir
é seo. Má chuirtear carbon (súiche nó fioghual)
faoi bhrú ollmhór agus teocht 400 grád Celsius ar
a laghad leis, cruthaítear na ceangail seo agus déantar
diamaint. Tarlaíonn na coinníollacha seo níos mó
ná céad míle thíos i maintlín an domhain
agus is ón áit sin a tháinig diamaint an lae inniu.
Cruthaíodh iad thart fá trí bhilliún bliain
ó shin, meastar. Idir an am sin agus anois, i roinnt bheag áiteanna
tharla brúchtadh bolcánach a raibh préamhacha domhain
aige. Tagann magma de ghnách ó réigiúnanna
atá suas le tríocha míle thíos, ach corruair
tagann sé ón doimhne ina bhfuil na diamaint. Iompraíonn
an magma na diamaint aníos leis agus fágtar iad cóngarach
do dhromchla an domhain. Tugtar Kimberlite ar an mhian seo ina bhfuil
na diamaint.Tá na háiteanna seo ar fud an domhain, deisceart
na hAifrice, tuaisceart Cheanada agus oirthuaisceart na Rúise go
príomha.
Ach, go bhfios dúinn, níl Kimberlite ar
bith in Éirinn agus mar sin de, ní fiú do shaothar
duit iad a chuartú anseo.
Sanas:
Béalmhír druilire drill
bit
Fioghual charcoal
Leictreamaighnéadach electromagnetic
Maintlín mantle
Mian ore
Mianra mineral
Ópail opals
Rúibíní rubies
Saifírí sapphires
Spástaiscéalaithe space probes
Teitreahéadánach tetrahedral
Turcaidí turquoises
Tuilleadh eolais:
Edward
Jay Epstien
How Stuff
Works
The
Nature of Diamonds
Earth Science
Australia
The BBC is not responsible for the content of external websites
back
to science homepage
|