NIGHTLIFE
WITH THE STARS / AN CLUB OÍCHE IS GNÍOMHAÍ
OS ÁR gCIONN!
péir na Féile Vailintín 2004

Níl aon bhaint díreach idir Vailintín agus an réalteolas
ach tá scéilín amháin ann faoi go raibh sé
ina lia agus ina shagart sa Róimh i dtús ré na Críostaíochta.
Deirtear ina leith gur leigheas sé níon an bhairdéara
a bhí mar gharda air i ngéibheann dó sular cuireadh
chun báis é. Bhí an cailín dall ó lá
a breithe agus le linn do Vailintín í a leigheas d'éirigh
cion eadarthu. Nuair a fuair sí radharc na súl don chéad
úr ina saol dúirt sí gur thug an lia 'gathanna na
gréine' di. In amanna taispeántar é agus é
ag iompar na gréine ina lámh. Sin ceann de na finscéalta
a nascann an Naomh seo leis an ghrá. Ar ndóigh, titeann
an fhéile seo sa séasúr díreach roimh theacht
an Earraigh agus na deasghnáthanna a bhaineann le torthúlacht,
atáirgeadh agus athghiniúínt na beatha. Bíonn
an cónocht ann 21ú de Mhárta - sin lá na hathbhliana
fadó. Is ionann fad do lá agus oíche ag an am seo
agus lena chois, scoilteann sé an bhliain ina dhá leath.
D'aistrigh an Eaglais féile na hathbhliana go lár an Gheimhridh,
an grianstad, nuair a fuair siadsan údaras ar an fhéilire
sna meánaoiseanna ach tá lá na hathbhliana ann go
fóill ar an chóncht ó thaobh na réalteolaíochta
de. Seo an lá a thrasnaíonn conair na gréine an meánchiorcal
neamhaí ag 'Túsphointe Aries', an suíomh ar an spéir
óna thosnaíonn an córas comhordanáidí
neamhaí. Glacann lucht na hastralaíochta leis an chónocht
mar thús na bliana chomh maith ach sin scéal eile, ní
fios domhsa cad é tá in ann duit 'insna réaltaí'.
Scéal cinnte áfach go bhfuil tionchar ag an Ghealach orainn
ar a lán dóigheanna, mar shampla is í an Ghealach
a choinníonn fithis an Talaimh seasmhach buan, rud a thugann faill
agus am don éabhlóid an iliomad cineálacha beatha
a chothú.
Click image to enlarge
The night sky for Valentine's night 2004
Díreach thuas ó dheas agus tá An Leon agus
An Cúpla i radharc, na "réaltaí"
geala sin atá le feiceáil istigh leofa, ní
réaltaí iad ach pláinéid mar atá
Iúpatar agus Satarn, fathaigh an ghrianchórais. Tá
Iúpatar ag gabháil níos faide síos chuig
an mheánchiorcal san am i láthair, nó i bhfriotal
eile, tá a dhiallas ag laghdú (Ciallaíonn an
focal 'diallas' an oiread seo de chéimeanna atá sé
ón mheánchiorcal neamhaí). Bionn an radharc
is fearr againn ar phláinéad ach é a bheith
in urchomhireacht (os comhar na Gréine), díreach i
lár an gheimhridh sa suíomh is airde ar spéir
dhorcha dó.
Ní hamhlaidh
a bhéas an scéal go cionn roinnt de bhlianta amach
anseo. Beidh an pláinéad le feiceáil thríd
an chuid is tibhe den atmaisféar agus cuirfidh sé
sin as don radharc. A mhalairt ar fad ar ndóigh más
sa leathsféar theas duit mar a bheidh an pláinéad
i bhfad níos airde ar an spéir. Tharla an rud céanna
le Mars ar na mallaibh ach tá sin ar biseach anois agus plána
an phláinéid ag druidim le plána 's againne.
Mars an pláinéad atá sa nuacht san am i láthair
de thairbhe an dá 'fánaí' de chuid NASA ar
an dromchla ag bailiú faisnéise faoina chomhdhéanamh.
Tá ionstraimí mothálacha ar na taiscéalaithe
seo chomh maith le físcheamaraí agus eile, a chuirfidh
méid bocht eolais ar ais chugainn sa trí mhí
atá romhainn. Ní mhairfidh siad níos faide
ná sin mar gheall ar go bhfuil siad ag imeacht ar chumhacht
na gréine agus sin ag gabháil i laige de réir
a chéile. Is lú i bhfad an radaíocht ghréine
a thiteann ar Mhars ná ar an Talamh's againne agus ní
fada go raibh na griancheallraí ar na déithe deiridh.
Tá trí spástaiscéalaí eile i
bhfithis thart ar Mhars chomh maith leis na cinn ar an dromchla
agus is cosúil go bhfuil tús curtha le tionscnamh
dáiríre taighde i ndeireadh na dála i ndiaidh
cuid mhór loicthe agus tús bréige. Deá-scéal
eile ó iarracht taiscéalaí Stardust a bhain
an cóiméad Wild 2 amach ar na mallaibh. Chomh maith
le pictiúir iontacha a chur chugainn, thóg sé
caithníní beaga as ruball an chóiméid
agus bheirfidh sé ar ais iad i gcionn cúpla bliain.
Tá na caithníní seo ar an damhna is sine sa
ghrianchóras agus é gan truailliú de shórt
ar bith. De thairbhe sin beidh an t-eolas ba chruinne riamh againn
roimh i bhfad ar an bhundamhna a bhí ann sula raibh na pláinéid
agus na baill eile den ghrianchóras ann. Misean iontach tábhachtach
atá ann agus níl sé críochnaithe go
fóill, ach féach an pictiúir seo de chroí
an chóiméid, tá sé clúdaithe
le cráitéir agus cráitéiríní,
rud nach rabhthas ag dréim leis.
 Click image to Enlarge
Is léir go raibh an cóiméad seo i dteagmhas forneartach le corpáin eile ar a aistear isteach go lár an ghrianchórais.
Gluais
Túsphointe Aries
- First Point of Aries (Vernal equinox)
Cónocht - Equinox
Grianstad - Solstice
Fithis - Orbit
Plána fhithis - Orbital plane
Diallas - Declination
Meánchiorcal neamhaí - Celestial
equator
Taiscéalaithe - Probes
Griancheallraí - Solar cells
Cráitéiríní - Craterlets
Click
here to access glossary of Pól’s astronomy
terms/ Buail
anseo d’fhoclóir réalteolaíochta
Phóil |