OIREACHTAS NA CÁSCA
Bhí
Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn i mbliana.
Tráthnóna Dé hAoine le linn na féile,
chraol Karen Kirby agus Eoghan Ó Néill beo ar BLAS
ó chroílár an bhaile mhór.
Seo duit buaicphointí an chláir…
Oireachtas na Cásca was held this year in Letterkenny. On
the Friday evening of the festival, Karen Kirby and Eoghan Ó
Néill broadcast a special edition of BLAS live from the town
centre.
Hear the highlights of the programme...
RÓNÁN MAC AODHA BHUÍ
Bhain
Rónán Mac Aodha Bhuí, an craoltóir Raidió
na Gaeltachta, gradam Pearsa Raidió na Bliana ag Gradaim
na Meáin Cumarsáide de chuid Oireachtas na Cásca.
Roimh dó an duais mór a bhaint, labhair Eoghan Ó
Néill leis.
RnaG presenter Rónán Mac Aodha Bhuí won Radio
Personality of the Year at Oireachtas na Cásca's Media Awards.
Before the award ceremony, Eoghan Ó Néill spoke to
Rónán.

PÁDRAIG MAC FHEARGUSA
Lá den tsaoil mhairfeadh an tOireachtas ar feadh deich lá
- ba bheag nár mharaigh sé daoine! Na laethanta seo
tá sé scoite ina dhá chuid: Oireachtas na Samhna
agus Oireachtas na Cásca. 'Sé Pádraig Mac Fheargusa
Cathaoirleach an Oireachtais. Amharcann sé siar ar na laethanta
mar a bhí...
Pádraig Mac Fheargusa is the Chairman of the Oireachtas
in its current format of Oireachtas na Samhna, the main festival
held in November, and Oireachtas na Cásca, its Eastertime
cousin. It's a little different from the days when the Oireachtas
lasted for ten days and used to destroy men! Pádraig reminisces....

CLÍODHNA NÍ CHIASÁIN
Is
aisteoir óg í Clíodhna Ní Chiasáin
a bhfuil athrú suntasach tagtha ar a saol ó tugadh
ról Aifric di sa tsraith teilifíse den ainm chéanna
ar TG4. Roimh di Gradam Aisteoireachta na nGradam Cumarsáide
a bhaint ag Oireachtas na Cásca, mhínigh Chlíodhna
do Karen Kirby cad é mar a fuair sí a ról sa
tsraith.
Young actress Clíodhna Ní Chiasáin's star
is in the ascendant since landing her role as Aifric in the TG4
series of the same name. Before winning the award for Acting at
Oireachtas na Cásca, Clíodhna told Karen Kirby how
her part in the programme came about.

GRADAIM CUMARSÁIDE
Roimh shearmanais na ngradam, labhair Eoghan Ó Néill
le triúr a bhí ainmnithe do Ghradaim Cumarsáide
na Bliana. Is iad sin Nuachtóir na Bliana: Éamonn
Ó Domhnaill, eagarthóir ar www.beo.ie, Colúnaí
na Bliana: Eoin Ó Murchú ó Lá Nua, agus
Iriseoir na Bliana: Seán Tadhg Ó Gairbhí ó
Foinse.
Ahead of the awards ceremony, Eoghan Ó Néill spoke
to three men who were nervously awaiting the announcement of the
categories in which they were nominated: Newsperson of the Year,
Éamonn Ó Domhnaill, the editor of www.beo.ie; Columnist
of the Year, Eoin Ó Murchú of Lá Nua; and Journalist
of the Year, Seán Tadhg Ó Gairbhí of Foinse.

FÉILE PHAN-CEILTEACH
Ní
hé Oireachtas na Cásca an t-aon fhéile amháin
a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine
seo - bhí an 36ú Féile Pan-Ceilteach ar siúl
ag an am céanna agus chuir sé go mór leis an
atmaisféar thart ar an bhaile. Con Ó Conaill a chuir
tús leis an chéad Fhéile Phan-Ceilteach i gCill
Airne 1971. Labhair Eoghan leis…
Oireachtas na Cásca was not the only festival happening
in Letterkenny this weekend - the 36th Pan-Celtic Festival was also
happening at the same time and added greatly to the atmosphere around
the town. Con Ó Conaill is the man who started the very first
Pan-Celtic Festival in Killarney away back in 1971. Eoghan spoke
to him...

Out and About with
Blas
Main
Blas Index
|