Seisiúnacha sa Chathair - Sessions in the City
Mí Mheán an Fhómhair 2008. Chruinnigh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta le cheile thios staighre i dTeach Tabhairne Mhig Aoidh i mBéal Feirste don seisiún bhliantúil a reachtálann Lynette Fay ann le linn Fhéile an Tí Oscailte.
Is í Lynette a bhíonn mar bhean a' tí ar an ócáid seo a thugann ardán do cheoltóirí den scoth. I mbliana bhí Leah agus Ciara O'Neill i mbun ceoil agus Ciarán Quinn á dtionlacán, chomh maith le Fidil agus Pigeon Top. Bain sult as a gcuid ceoil!
September 2008. Traditional music enthusiasts crowded in downstairs in McHugh's tavern in Belfast for the annual session organised by Lynette Fay during the Open House Festival.
Lynette Fay was also MC for the occasion during which the cream of the Trad scene took to the stage. This year's performances were from Leah and Ciara O'Neill with Ciarán Quinn, Fidil and Pigeon Top. Enjoy the music!
Leah O'Neill (fiddle) Ciara O'Neill (bosca) Ciarán Quinn (giotar)
Is de bhunadh Iarthar Bhéal Feirste an triúr seo a bhíonn le cluinstin i mbun ceoil sa Chultúrlann go minic. Léiríonn siad triúr an-tuiscint ar cheol a chéile - mar is léir sa taifeadadh seo.
These three musicians from West Belfast play together in An Chultúrlann on a regular basis. They have a great synergy playing together as you'll see and hear during this recording.
Fidil
Déanann an grúpa seo céiliúradh ar cheol phríomhuirlis Chondae Dhún na nGall, an fhidil. Tá cliú na fidléireachta ar gach ball den ghrúpa, Ciarán Ó Maonaigh Aiden O'Donnell agus Damien McGeehan. Agus iad i mbun ceoil le chéile, déanann siad a gcuid féin de cheol ársa na condae.
This group celebrates the rich fiddle tradition of County Donegal. The three members of the group are each esteemed fiddle players in their own right, and when they play together, they certainly put their own stamp on the rich music of the county.
Pigeon Top
Tarraingíonn Pigeon Top ceoltóirí de bhunadh Thír Eoghain agus Chondae An Dúin le chéile, ceathrar den scoth. Shane McAleer ar an fhidil, Ryan O’Donnell ar an bhainseo, Kevin Sweeney ar an ghiotar agus i mbun amhránaíochta agus Darragh Murphy ar na píobaí agus ar na feadógaí. Seineann siad meascán de cheol uirlise agus amhráin idir sho-aitheanta agus nua-chumtha.
Four mighty talents have joined forces to become PigeonTop. Shane McAleer whose distinctive power fiddle playing bolstered the sound of Dervish for seven years in their heyday, Darragh Murphy with his unique, masterful piping, Ryan O'Donnell providing solid backing on a range of all things strings and Kevin Sweeney with his Americana flavoured vocals. With the subtle variety of pulsing trad tunes and kickin american folk/blues songs, it's no wonder the band have been described as one the the most exciting up and coming acts.
|