CEANN
DUBRANN 3
Is é do bheatha
agus tá fáilte romhat go clár eile de Cheann Dubhrann.
Is mise Antaine O Donnaile agus beidh mé leat anseo go dtí
a hocht a chlog agus mé ag caint le Seán O Duibheannaigh
as Rann na Feirste nó John Ghráinne mar is fearr aithne
air. Agus tá fáilte romhat ar ais don tríú
uair, a John, chun an chláir seo.
Go raibh maith agat,
a Antaine, go raibh maith agat.
Inniu, a John,
ba mhaith liom díriú isteach ar Choláiste Bhríde
mar is beag duine i dtuaisceart na hEireann nár mhothaigh iomrá
ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirste. Agus tá a fhios
agam go bhfuil cuid mhór daoine ag éisteacht anois a bhí
ar Choláiste Bhríde. Tá a fhios agam gur bunaíodh
an Coláiste i naoi déag fiche is a sé. Ach cad é
mar a tharla Coláiste Bhríde anseo i Rann na Feirste?
Bhuel, inseoidh mé
sin duit chomh maith agus a thig liom. Sílim gurb é an dóigh
a bhí ann, bhí coláiste in Ó Méith.
Agus bhí ag gabháil ar aghaidh go hiontach maith, sílim,
i dtús ama. Níl a fhios agam cá fhad a mhair an choláiste
ansin nó cá fhad a bhí sí ann. Ach bhí
sí ag gabháil ar aghaidh go maith go dtí thart fá
samhradh naoi déag fiche a cúig. Is dóigh liom go
raibh an Ghaeilge ag éirí tana thart fá Ó
Méith an t-am sin agus nach raibh an tAthair Ó Muirí
iontach sásta den chineál Gaeilge nó den méid
Gaeilge a bhí ann.
Ach ó chuaigh siad de chineál a chur a gcomhairle i gceann
a chéile, cuid acu, agus ag smaoitiú go raibh an t-am acu
a bheith ag smaoitiú ar áit inteacht, abair, a raibh an
Ghaeilge níba láidre agus a mbeadh níos mó
seans aici mairstin. Agus smaoitigh siad cén áit i dTír
Chonaill a mb’fhearr an choláiste a bhunú.
Anois, san am, ní raibh an Sagart Ó Muirí iontach
eolach ar an pháirt seo den tír ar chor ar bith - anuas
bealach Rann na Feirste. Agus ní raibh a fhios aige ach bhí
sé ag cur fáisnéise thall is abhus chomh maith agus
a thiocfadh leis agus ag fáil amach cén áit a mb’fhearr
dó aghaidh a thabhairt le coláiste a bhunú. Agus
moladh cuid mhór áiteacha dó.
Ach bhí fear ina chónaí i mBéal Feirste, Seán
Mac Maoláin, fear a rugadh agus a tógadh i nGleanntaí
Aontroma. Agus bhí eolas maith aige féin, ag Seán
agus ag an Athair Ó Muirí ar a chéile. Agus bíodh
a fhios agatsa gur shíl an tAthair Ó Muirí cuid mhór
de Sheán Mac Maoláin. Bhí meas aige ar a chuid cainte.
Bhí muinín aige as an rud a rachadh isteach ina cheann.
Agus nuair a bhí iomlán ráite agus déanta,
thug an tAthair Ó Muirí leis a charr agus chuaigh sé
go raibh sé i mBéal Feirste. Agus cá bith comhrá
a bhí idir é féin agus Seán chuaigh sé
féin agus Seán i gceann an turais anuas go Gaeltacht Thír
Chonaill. Mhol Seán Mac Maoláin don Athair Ó Muirí
theacht go Rann na Feirste.
Dúirt sé go raibh saibhreas Gaeilge i Rann na Feirste nó
go raibh barúil mhaith aige sin air sin. Agus cad chuige nach mbeadh
barúil mhaith aigesean air? Bhí Seán Mac Maoláin
pósta ar bhean as Doire na Mainséar – Anna Phádaí
Chónaí. Agus d’fhág sin go raibh eolas iontach
maith ag Seán Mac Maoláin ar lucht na háite - anois,
go háirithe muintir Dhoire na Mainséar. Agus tá,
Doire na Mainséar – sin baile atá ag críochántacht
le Rann na Feirste anseo.
Ach ar scor ar bith, tháinig an tAthair Ó Muirí go
Rann na Feirste. Bhí sé ag caint leis na daoine. Bhreathnaigh
sé an áit agus fá dheireadh thiar thall shocair sé
ar Choláiste Bhríde Rann na Feirste a bhunú ar Chnoc
Chloch na bhFaoileog ar an taobh thoir de Rann na Feirste anseo fá
Charraig an Choill.
Chuaigh sé isteach chuig Johnny Shéamaisín –
ba le Johnny Shéamaisín Cnoc Chloch na bhFaoileog. Agus
fuair sé áit choláiste ar Chnoc Chloch na bhFaoileog
ó Johnny Shéamaisín.
Anois, sílimse gur thart fán Fhéile Bríde
a bhí ansin, laethe na Féile Bríde, b’fhéidir.
Agus chuaigh an tAthair Ó Muirí agus chuir sé cos
as go dtí go bhfuair sé fir agus daoine le glacadh as lámh
an choláiste a thógáil. Agus fuair sé sin
– Donncha Phádaí Sheáinín agus a chlann
mhac. Agus chuaigh siadsan i gcionn oibre.
Anois, ba é sin, mar a dúirt mé, laethe na Féile
Bríde agus bhí cúrsa sa choláiste an samhradh
sin. Sin obair ghasta! Agus bíodh a fhios agat obair ghasta ar
dóigh a bhí ann san am – b’fhéidir róghasta
nuair a chluinfidh tú an scéal uilig. Tógadh an choláiste
– ní aon obair chloiche a bhí ann – obair adhmaid
is mó a bhí ann. Agus tógadh í agus cuireadh
díon uirthi agus fágadh réidh í. Cuireadh
urlár breá isteach inti – urlár cláraí.
Agus bhí an choláiste ansin fá choinne Mí
Iúil, naoi déag fiche a sé.
Bhí mé féin ag céilí sa choláiste
sin agus mé i gcionn mo chúig mbliana go leith. Ní
raibh mé na sé – bheinn na sé bliana gus an
Samhain ina dhiaidh. Ach thug an Sagart Ó Muirí oíche
mhór do lucht na háite sa choláiste – páistí
agus daoine móra. Aus chruinnigh muid uilig chun na coláiste.
Agus is cuimhneach liom go fóill préataí a bheith
amuigh ar an urlár aige. Agus cá bith gasúr nó
girseach is gaiste a mbeadh na preátaí sin, cá bith
méid preátaí a bhí fá choinne achán
duine istigh sa bhosca, bhí sé pingine le fáil aige.
Agus ar ndóighe, sé pingine dúinne an t-am sin, ba
é sin cnag!
Ach bhí oíche mhór ann agus bhí séasúr
breá an séasúr sin ar Chnoc Chloch na bhFaoileog
sa choláiste. Agus d’imigh lucht na coláiste nuair
a bhí an t-am thuas. Druideadh suas an choláiste mar a níthear
agus chuaigh achán rud i gceart go dtí hochtú lá
fichead de Mhí Eanáir, go díreach cúpla lá
roimhe Lá Fhéile Bríde ar ais.
Tháinig lá gaoithe móire a bhfuilthear ag caint ó
shin air agus a mbeifear le mo linnsa ar scor ar bith. Lá gaoithe
móire agus tógadh an choláiste amach ón dúshraith
agus cuireadh an t-urlár isteach siar amach de a bhí giota
beag síos ón choláiste. Agus cuireadh cuid eile di
go dtí go dtearnadh conamar di thall i gcladach Ghaoth Dobhair,
trasna an ghaoith. Ní tháinig mé – is cuimhneach
liom é – ní raibh mé mar a dúirt mé
ach na cúig bliana cnagtha. Agus tá a oiread cuimhne agam
air nó seo an lá a dtáinig an séideán
millteanach sin a thóg an choláiste.
Bhí m’athair – go ndéana Dia maith ar na muirbh
– m’athair agus cúpla fear de chuid na comharsana amuigh
ag teannadh na súgán ar an teach s’againne nó
bhí muid ag déanamh gur ag cur air a bhí sé.
Agus ní raibh na súgáin teannta mar ba cheart nuair
a chuaigh an choláiste trasna os ár gceann gur buaileadh
cuid di thall ar chladach Ghaoth Dobhair mar a dúirt mé.
Listen to Antaine O Donnaile agus Seán O Duibheannaigh.
Cad é an díon a bhí ar an choláiste?
Is é - felt.
Agus an bomaite a d’éirigh sé, an bomaite a bhog sé
agus bhí foscladh faoin choláiste. Bhí foscladh faoi
agus nuair a fuair an ghaoth foscladh, nuair a fuair an ghaoth isteach
san fhoscladh agus ó bhog sí an choláiste ar chor
ar bith, ní raibh an darna, a dhath ann ach í éirí
mar a d’éireodh éan ar eiteoga!
Is é
nó mar a d’éireodh seol.
Mar a d’éireodh
seol go díreach! Ach shíl achán duine an t-am sin
– bhuel sin deireadh leis an choláise! Níor mhair
an choláiste i bhfad! Nár mhór an trua don Athair
Ó Muirí a chuaigh fán trioblóid mar mhaithe
le cúrsa amháin eile a fháil amach aisti. Ach bíodh
a fhios agat nach mar sin a bhí.
Fear mór uchtúil a bhí san Athair Ó Muirí.
Bíodh a fhios agat, fear láidir. Fear garbh más mian
leat a rá a bhí ann! Agus in áit beaguchtach a bheith
air as an choláiste imeacht, tháinig sé agus d’amharc
sé ar áit na coláiste agus chuaigh sé díreach
ar aghaidh agus fuair sé ó Phádaí Sheáinín
Pheadair thíos anseo ag an Charraiceamán, fuair sé
áit choláiste ansin ag taobh an Charraiceamán. Sin
an talamh a bhfuil sí inniu ann. Agus bhí an choláiste
sin foscailte réidh fá choinne dhá chúrsa
an bhliain chéanna, Mí Iúil agus Mí Lúnasa
naoi déag fiche a seacht. Agus níor cailleadh an choláiste
sin ó shin.
Ar ndóighe, an choláiste atá inniu againn ann, ní
hí sin an choláiste a chuaigh suas i naoi déag fiche
a seacht. Tá an choláiste sin ann ar fad, an choláiste
a dtabharann muid an tSeancholáiste uirthi. Ach chuaigh giota mór
fada úr leis an choláiste agus chuaigh tar amuigh, taobh
amuigh den choláiste. Agus tá sí ag gabháil
maith anois.
Ach san am ar thóg an tAthair Ó Muirí, a bhfuair
an tAthair O Muirí an choláiste sin tógtha, ní
raibh sí go mór, mar a dúirt mé. Agus bhí
áit dheas déanta thart ar an choláiste aige agus
dúil mhór ag an Athair Ó Muirí i mbláthanna.
Bhí dúil mhór i mblátha aige agus bhí
sé, bheadh sé ag curraíocht sin. Bhí.
Agus is iomaí uair fríd an bhliain a d’fhág
sé thuas Dún Dealgan agus ó tháinig sé
go Rann na Feirste a dh’amharc ar na blátha sin agus ag gabháil
taobh amuigh de am na coláiste ar chor ar bith. Agus bhí
fear fostaithe aige i Rann na Feirste a bhí ag amharc i ndiaidh
na mblátha sin agus ag amharc i ndiaidh na coláiste. Bhí
sé iontach cúramach.
Tá
a fhios agam an scéal seo anois. Tú féin ag scriosadh
na mbláthanna, ab ea?
Go díreach,
ní dhearna tú dearmad de mhórán. Char mhaith
do dhuine ar bith drochscéal a bheith le ceilt agat. Ach chuaigh
– bhí na blátha ansin agus bhí an choláiste
ansin agus ar ndóighe, bhí sé le ciall, siúd
agus níor thuig muidne an cás san am, bhí sé
le ciall nach raibh sé ábalta ar mhuintir na háite
a ligean isteach chuig na céilithe i gcuideachta scoláirí
na coláiste, ar an ábhar - ní raibh go leor fairsinge
ann. Bhí sé crua go leor lucht na coláiste iad féin
fairsinge a bheith acu agus gan muintir na háite ag plódú
isteach a chur an fhairsinge sin amú orthu.
Ach níor stop sin dúinne agus muid ag éirí
aníos measartha - dúil mhór againn sa tsiúl
agus dúil mhór againn sa chuideachta. Níor stop sin
dúinne gan a bheith ag gabháil go dtí an choláiste.
Agus bhí an sagart ansin agus is iomaí duine a mbíonn
eagla air ach bhí níos mó eagla orainne roimh an
Athair Ó Muirí ná a bhí orainn roimhe gharda
saighdiúra.
Bhí bata aige agus bhí sé chomh gasta le cú.
Agus d’imeodh sé inár ndiaidh agus tá mé
ag déanamh nach an choláiste is mó ar a - a bhí
ag cur bhuartha air ach a chuid blátha. Nó níor amharc
muidne cá raibh bláthanna ná cá raibh siúd
ná seo ach ag slaothadar linn nuair a tháinig an rása.
Agus is iomaí uair a d’fhág sé craiceann te
againne.
Ach smaoitigh go mbeifeá ansin agus tú ag amharc isteach
ar an chuideachta a bhí istigh agus ar an damhsa agus ar na girseacha
deasa a bhí ina suí thart agus gan tú ábalta
ar a ghabháil a dh’inse sin daofa, fá na bláthanna
taobh amuigh den fhuinneog.
Ach chuaigh sin thart. Bhí rialacha iontach, iontach crua i Rann
na Feirste an t-am sin – rialacha – anois, san am sin dá
ndéarfá leideadh an fhocail i mBéarla. Leideadh an
fhocail! Focal amháin Béarla fríd an chanúint,
bhí tú cuirte ar shiúl chun an bhaile. Ní
ghlacfadh an Sagart Ó Muirí leat má bhí focal
Béarla ag gabháil a bheith úsáidte istigh
sa choláiste nó amuigh sa choláiste a fhad is a bhí
tú ar chúrsa na coláiste. Chuaigh tú chun
an bhaile má labhair tú Béarla.
Bhí rudaí eile a thiocfadh leat a dhéanamh. Thiocfadh
dímúineadh, thoicfadh le scoláire dímúineadh
a dhéanamh. Thiocfadh le scoláire na rialacha a bhriseadh
dóigh ar bith eile. Ach rinne sé rud a bhí dona go
leor leo agus – bhuel bhí an oiread sin den fhear ann ar
scor ar bith. B’fhéidir gur tharraing sé lámh
agus gur bhuail sé le bois thú. Nó b’fhéidir
gur tharraing sé cic ort agus gur iarr sé ort coimheád
leis an am a bhí le theacht cad é a bhí tú
a dhéanamh agus gan a bheith ag briseadh na rialacha. Ach níor
chuir tú sé chun an bhaile tú as a dhath ar bith
ach ag caint Béarla.
Ní raibh cead ag na scoláirí ghabháil taobh
amuigh de chríoch an bhaile. Ach bhí rud eile ann. Ní
raibh cead ag lucht na háite a ghabháil taobh amuigh de
chríoch an bhaile chuig damhsa. Anois b’fhéidr go
bhfaighfeá laigse bheag má chuaigh tú chuig céilí.
Ach má chuala daoine, má chuala siad go dteachaidh tú
chuig damhsa gallda agus damhsa gallda – sin damhsa nach bhfuil
ina chéilí, cá bith a thug orthu an damhsa gallda
a thabhairt air -damhsa gallda taobh amuigh den bhaile, má bhí
bean tí ann agus scaifte lóistéir aici, tháinig
an sagart an lá arna mhárach agus thug sé –
bhris sé an teach mar a déarfadh siad féin. Thug
sé ar shiúl na lóistéirí nó
na scoláirí as an teach. Mar sin dó, bhí ban
ghiorria, más mian leat a chur mar sin, ban ghiorria ag taos óg
Rann na Feirste seal na coláiste.
Listen to Antaine O Donnaile agus Seán O Duibheannaigh.
Bhuel, nár fhág sin nach raibh meas ar bith ag muintir na
háite ar an tsagart é féin?
Bhuel, bhí
an dá dhóigh ann. D’fhág. Sin nach raibh mórán
measa ar an Athair Ó Muirí ag an taos óg a bhí
ar shiúl ansiúd is anseo agus a gcroí ag gabháil
amach ar a mbéal fá choinne cuideachta. Ní raibh
meas ar bith acu air! Ach níor dhúirt sin nach raibh meas
agus meas mór ag daoine nach raibh ar shiúl ag iarraidh
cuideachta - daoine ar bith a bhí ag coinneáil scoláirí.
Anois níl na hamaidí a rá ach an fhírinne.
Ba é teacht na coláiste - cuireadh eagar ar thithe. Feisteadh
tithe. Cuireadh – fuarthas trioc isteach nach raibh acu de ghnáth.
Agus ón bheagán go dtí an mórán, d’fhág
siad tithe níos fearr agus níos slachtmhaire acu ná
a bhí acu roimhe sin.
Mar sin dó, níl - an dtuigeann tú, thig linn amharc
ar an dá dhóigh. Ní raibh fáilte ar bith go
Rann na Feirste ag an Athair Ó Muirí ag an taos óg.
Ach bhí ag duine ar bith a bhí - ní raibh fiacha
ort bheith i do sheanduine – bhí daoine, daoine céillí
- bhí fáilte acu roimh an Athair Ó Muirí.
Ach nuair
a d’fhás an t-aos óg aníos rud beag, tá
a fhios agat, nuair a tháinig ciall chucu, an raibh dúil
acu san Athair Ó Muirí ina dhiaidh sin?
Nuair a d’fhás
an t-aos óg aníos agus mé féin ar fhear acu
sin, nuair a d’fhás an t-aos óg aníos, chuirfeá
gruag do chinn faoina chosa. Bhí a fhios agat cá bith a
bhí sé a dhéanamh, go raibh sé á dhéanamh
ar mhaithe leis an Ghaeilge agus ar mhaithe leis an choláiste agus
nach raibh sé ar dhóigh ná ar dhóigh eile
anuas ar mhuintir Rann na Feirste. Ní raibh.
Ach fuair sé scanradh in Ó Méith. Chonaic sé
an Ghaeilge ag tanú agus ag imeacht. Agus chonaic sé na
rudaí a bhí ag tanú na Gaeilge. Agus ní raibh
ceadaithe leis ar a bhfaca sé riamh coláiste a bhunú
i Rann na Feirste agus an cleas cineál céanna a éirí
di. Agus chaithfeadh sé, na rudaí a rinne sé, chaithfeadh
sé á ndéanamh má bhí sé ag gabháil
a bheith ionraice leis na daoine agus leis féin.
Mar sin dó, ní thearn sé a dhath ar bith a raibh
fuath ná a dhath ar bith mar sin ag duine ar bith air. Ach an bomaite
a fuair tú ciall, a thit tú ar do chéill, thuig tú
go maith cad é a bhí sé a dhéanamh.
Chuala mé
scéal fosta go raibh sé cineál géar agus trom
ar na madaí?
Och, chuala tú
an scéal sin! Bhuel, inseoidh mé an scéal sin duit.
Bhí sé cinnte, iontach trom ar na madaí nó
bhí sé ag gabháil thart san oíche, é
féin agus cuid dena chuid múinteoirí a dh’amharc
an raibh na scoláirí istigh in am. Agus san am sin, bhí
madadh nó beirt in achán teach i Rann na Feirste. Bhí
conairt iontach mhadadh i Rann na Feirste. Níl a fhios agam cad
chuige a rabhthar ag tabhairt daofa nó ní raibh a dhath
ar bith acu le déanamh ach ar shiúl ag tafann.
Agus d’fhan
achán mhadadh ag a dhoras féin.
Ó, is é
an focal is fíre a chuala tú riamh. Agus bíodh a
fhios agatsa nuair a thigeadh - ar ndóighe bhí an tAthair
Ó Muirí agus achán duine eile a dtáinig isteach
chun an bhaile strainséartha ag na madaí. Fuair muidne eolas
ar an Athair Ó Muirí. Fuair muid eolas ar dhaoine a bhí
ag teacht a fhoghlaim Gaeilge go Rann na Feirste. Ach ní raibh,
ní bhfuair na madaí eolas orthu.
Agus bhí an Sagart Ó Muirí i mbarr a chéille
fá seo. Agus sílimse gur mhol sé déanamh ar
shiúl leis na madaí agus cá bith rud a tharla –
níl a fhios agam cad é a tharla – tá barúil
agam - fuair cuid mhór de na madaí bás an bhliain
sin i Rann na Feirste. Agus bhí daoine á rá gur leagadh
nimh fána gcoinne.
Anois níl mise ag caint ar cé a leag an nimh. Ach leagadh
nimh. Thig le achán duine a bharúil féin bheith aige.
Agus tá sé chomh maith an fhírinne a dhéanamh,
bhí cuid mhór ag smaoitiú go mb’fhéidir
nach dtearn an tAthair Ó Muirí é féin é
ach go mb’fhéidir gurbh é a chuid orduithe é
agus go dtearn duine inteacht go formhothaithe é le hordú
an Athar Ó Muirí. Níl mé ag cur bréige
air nó tá sé marbh. Níl a fhios agam cé
acu a bhí sin amhlaidh nó nach raibh. Ach sin an bharúil
a bhí dó i Rann na Feirste san am.
Agus dúirt duine inteacht leis: ‘Bhuel, tá aon rud
amháin, ní bhfuair siad bás gan sagart ar scor ar
bith.’ Agus bhí barúil mhaith aige féin cad
é a bhí sé a mhaíomh leis sin.
Ach mé ag caint ar an meas a bhí ar sheansagairt. Thóg
fear as an bhaile teach mór breá, teach dhá stór,
thíos anseo ag taobh na coláiste, go díreach idir
teach, idir an choláiste agus teach na coláiste anois. Teach
mór breá. Agus nuair a bhí an teach thuas réidh
aige leis an díon a chur air, an obair chloiche déanta agus
é i gcionn scimeála, réidh le díon a chur
air, dúirt an Sagart Ó Muirí leis go raibh sin ag
milleadh amharc na coláiste, ag baint an amhairc den choláiste
agus gur mhaith leis go leagfadh sé an teach sin agus é
a thógáil ar shiúl amach as sin.
Anois, dá tharlódh sé é sin inniu, agus sílimse
dá n-iarrfadh an Pápa é go ndéarfadh sé
leis an Phápa nach raibh siad ag gabháil a dhéanamh.
Sin athrach mór – bhí tú ag caint ar athraíocha
a tháinig ar Rann na Feirste - sin ceann de na hathraíocha.
Leag an fear sin, fuair sé fir a leag an teach go talamh dó
agus thóg sé teach eile ar Chloch an Amhairc, thíos
anseo taobh thíos dúinn, Dónall Dhonnchaidh. Thóg
sé a theach ansin. Anois, nach raibh meas ar sheansagart an t-am
sin?
Fear gleoiréiseach, greannmhar, cuideachta a bhí ann nuair
nach raibh fiacha air a bheith ag seilg buachaillí agus cailíní
ar shiúl ón fhuinneog. Ach bheadh sé istigh sa choláiste
agus é ag ceol agus bhí amhrán mór dena chuid
- ‘Moll Dubh an Ghleanna’!
Agus bhí píopa aige agus bhí sé trom i gceart
ar an tobaca. Agus chaitheadh sé píopa agus thigeadh sé
agus bhí - is cuimhneach liomsa - ní cuimhne liomsa ariamh
é a fheiceáil amach ón uair atá ag léamh
aifrinn gan an píopa ina bhéal aige!
Gan an píopa
ina bhéal!
Ach bhí, sagart
deas cuideachta a bhí ann a d’éistfeadh agus a rachadh
fríd thithe. Bhí sé amuigh anseo, taobh thíos
dúinn toigh Mhéabha Tharlaigh Mhóir. Bhí sé
thoir ag Gráinne Phroinsias. Bhí sé fríd na
tithe sin uilig go léir. Agus bhí sé ábalta
theacht amach le caint bhhreá gharbh rascánta cosúil
le lucht na háite.
Is ea, scríobh
sé féin go raibh sé i bhfách leis an Ghaeilge
a fhoghlaim mín agus garbh.
Mín agus garbh.
Mar a dúirt sé: ‘an muileann a mheileas de shíor
meilfidh sé mín agus garbh é.’ Agus ar ndóighe,
ba aige a bhí an ceart.
Listen to Antaine O Donnaile agus Seán O Duibheannaigh.
Bhuel, le
gabháil ar ais go dtí an tús, a John, bhí
tú á rá gur chuidigh na múinteoirí
mar a dúirt tú féin le bail a chur ar na tithe agus
le troscán a cheannach agus seo agus siúd. Caithfidh sé
go raibh, go raibh sé garbh go leor ag an am sin agus scaifte mór
scoláirí istigh i dteach agus b’fhéidir gan
leithreas a bheith sa teach nó gan ach tine agat le do chuid cócaireachta
a dhéanamh?
Ó a Dhia, a
Antaine, an bhfuil a fhios agat cad é a deirimse leo go minic.
Déarfaidh mná tí anois agus déarfaidh daoine
eile le cois na mban tí, déarfaidh siad ‘Ó
tá muid marbh ag obair.’ Deirimse agus bíodh a fhios
agat nach mbíonn mórán measa ar mo chuid cainte –
bheirtear aghaidh ghnúise orm go minic: ‘Níl a dhath
le déanamh agaibh. Tá saol díomhaoin agaibh. Níl
agaibh ach a ghabháil amach go dtí an chisteanach chúil
ansin agus an t-uisce te nó an t-uisce fuar a thiompó agus
tá sibh i gceart. Níl fíacha oraibh bucaeid a thabhairt
libh agus imeacht a chuartú tobair’ - in aimsir thirim nuair
a thiocfadh an tromlach, rachadh na troibreacha tirim.
Agus d’iompair mise mé féin uisce as tobar an Ghrianáin,
taobh thall – trasna an ghaoith. Bhí tobar an ghleanna thíos
anseo nó mar a deir muid féin tobar Eoin Mhuiris –
bhí sé tirim. Agus ar scor ar bith, bhí Eoin ag doicheall
roimhe barraíocht daoine bheith ag tarraingt ar an tobar nó
bhí curraíocht déanta thart fán tobar aige
agus leoga bhí an aingle uilig ag tarraingt ar an tobar.
Ach is cuma. Bíodh a fhios agat - bhí obair chrua ann an
t-am sin. Agus chuirtí síos pan ar an tinidh ar maidin a
dhéanamh réidh bricfeasta do na lóistéirí
mar a bheirtí orthu. Agus b’fhéidir nuair a bhí
tú réidh le é a thógáil go bun gur
thit cnap súiche isteach ann. Agus ar ndóighe, bhí
uibheacha agus muiceoil agus achán rud amú.
Agus i dtaca leis na leithris dó, bhí leithris déanta
giota beag maith ar shiúl ón teach. Níor mhaith leat
é a dhéanamh ródheas don teach. Bheadh sé
déanta giota beag ar shiúl ón teach. Agus leoga,
bhí sé rófhada ar shiúl ón teach ag
cuid acu corruair nuair a thiocfadh gasta orthu, go háirithe cuid
mhór acu nach raibh a ngearradh ina mbolg bhí sé
rófhada ar shiúl.
Agus bhí acu le ghabháil amach agus b’fhéidir
oíche fearthainne. Agus bhí scáth fearthainne ag
cuid acu agus bhí sé iontach saoithiúil duine a fheiceáil
ag tarraingt ar an leithreas agus scáth fearthainne leis! Ach bhí
cuid mhór de sin ag gabháil ar aghaidh. Ní raibh
an dara suí sa bhuaile ann.
Ní raibh áiteacha ar bith againn. Bhí tithe móra,
bhí tithe fada fairsing ann ach bhí siad b’fhéidir
cineál anróiteach. Ní raibh achán rud ina
áit féin mar atá sa lá sa lá atá
inniu ann. Ach tá athrach mór ar Rann na Feirste ó
bhí naoi déag fiche a sé ann.
Tá
agus sin an chéad cheist eile atá agam mar ar an drochuair
tá muid ag tarraingt arís ar dheireadh an chláir
agus ní bhíonn leathuair an chloig fada go leor go minic
ach sin a bhfuil againne anseo sa BBC do chláracha Gaeilge achán
tráthnóna. Ach le díriú isteach ar an cheist
sin, dá mbeadh an bheirt ar ais arís, dá mbeadh an
Sagart Ó Muirí agus dá mbeadh Seán Mac Maoláin
anseo sa lá atá inniu ann agus iad ag breathnú ar
an choláiste bhreá seo, cad é a déarfadh siad,
i do bharúil?
Bhuel, a Antaine,
chuir tú ceist anois orm a bhfuil fairsingeacht inti. Níl
a fhios agam cad é an freagra is ceart domh a thabhairt ar an cheist
sin. Déarfaidh mé an méid seo leat. Dá dtigeadh
siad sa lá atá inniu ann, ní raibh mórán
staidéir le déanamh nuair a tháinig siad i naoi déag
fiche a sé nó bhí ní raibh a dhíobháil
orthu ach áit coláiste nó bhí an chuid eile
beagnach ar eolas acu sula dtáinig siad ar chor ar bith. Ach tá
eagla orm go gcaithfeadh siad staidéar mhór a dhéanamh
inniu. Tá eagla orm go gcaithfeadh siad staidéar a dhéanamh.
Listen
to Antaine O Donnaile agus Seán O Duibheannaigh.
GLUAIS
críochántacht ag críochántacht
le: bordering.
cnag : a blow.
muirbh = mairbh.
súgán ag teannadh na súgán : tightening the
straw ropes (on the roof).
foscladh : an opening.
beaguchtach : lack of courage.
fairsinge : spaciousness.
leideadh leideadh an fhocail : a hint of the word.
dímúineadh : cheek.
conairt : a pack of dogs
formhothaithe go formhothaithe : unnoticed.
gleoiréiseach : boisterous.
aghaidh ghnúise bheirtear aghaidh ghnúise orm : I’m
given ‘a dirty look.’
triomlach : dry weather.
cnap súiche : a pile of soot.
saoithiúil : peculiar.
Back
to Ceann Dubhrann 1/Ar ais go Ceann Dubhrann 1
Back
to Ceann Dubhrann 2/Ar ais go Ceann Dubhrann 2
|