BBC HomeExplore the BBC

21 December 2009
Accessibility help
Text only
Blas Banner

BBC Homepage
BBC NI

Contact Us

Like this page?
Send it to a friend!

 
Blas Banner
 
Molly's Bar, Baile an Irbhinigh
 
 
 

Cuireann Karen Kirby agus Lynette Fay Blas Ceoil i latháir ó Molly's Bar i mBaile an Irbhinigh, le ceol ó Andy Irvine, Boys of the Lough, Gráinne Duffy agus Marcas Ó Murchú.

 
Píosaí breise físe ar líne
 
Andy Irvine
Boys of the Lough
 
Andy Irvine
Boys of the Lough
- O'Donoghue's - Joe Banns/The Gypsy Princess
- The Girl I Left Behind - Three Jigs
- The Braes of Moneymore - A Harvest Home
- The Willow Tree
Gráinne Duffy
Marcas Ó Murchú
Gráinne Duffy
Marcas Ó Murchú
- Don't Know Why - Tom Ginley's Fancy/The Titanic Jig
- Each and Every Time  
 
 
 
 
Gailearaí grianghraf
 

  • Andy Irvine
  • Andy Irvine
  • Andy Irvine
  • Boys of the Lough
  • Boys of the Lough
  • Boys of the Lough
  • Boys of the Lough
  • Boys of the Lough
  • Gráinne Duffy
  • Gráinne Duffy
  • Gráinne Duffy
  • Gráinne Duffy
  • Marcas Ó Murchú
  • Marcas Ó Murchú
  • Marcas Ó Murchú
 
Míreanna vox pop
 
Vox Pops
 


 
Craoladh raidió
  Karen Kirby and Lynette Fay  
 
Éist le clár ceoil Lynette Fay ar BBC Ráidio Uladh gach Aoine ar 7i.n.
 
Cuir aithne ar na bannaí
Andy Irvine
  Andy Irvine  

Tá clú agus cáil ar Andy Irvine mar cheoltóir aonair agus is geall le laoch é i saol cheol tíre na hÉireann. Bhunaigh sé Planxty le Christy Moore, Liam O’Flynn agus Donal Lunny, banna a bhí i gcroílár shaol an cheoil tíre in Éirinn agus thar lear sna seachtóidí. Chaith Andy tamall gear ag seinm le Dé Danann agus ansin dhírigh sé a aird ar an pháirtíocht rathúil a bhí aige le Paul Brady. Aithnítear a chuid ceoil ar fud na hÉireann mar gheall agus tá lorg a stíle le cluinstin ar a lán de na hamhránaithe óga in Éirinn. 

   
Boys of the Lough
  Boys of the Lough  

Tá an banna Ceilteach Boys of the Lough ag seinm, ag taisteal agus ag taifeadadh le chéile le caoga bliain. I measc bhaill an bhanna tá Dave Richardson, fear as Nortumbair a sheinneann an maindilín, an siotaran agus an cairdín; Cathal McConnell as Fear Manach, duine de na seinnteoirí is fearr ar an fheadóg stáin agus ar an fheadóg mhór sa traidisiún Éireannach, agus a dhéanann amhránaíocht fosta; Brendan Begley, Ciarraíoch a cheolann i nGaeilge agus a sheinneann ar an chairdín; Kevin Henderson ó Inse Shéaltainn ar an fhidil; agus Malcolm Stitt ó Gharbhchríocha na hAlban ar an ghiotár.

   
Gráinne Duffy
  Gráinne Duffy  

Is as Muineachán do Gráinne Duffy, ceoltóir atá i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar a céad albam, ‘Out of the Dark’. I ndiaidh di céim a dhéanamh sa cheol chuaigh Gráinne ar an bhóthar ag déanamh seisiún ar fud na hIodáile agus na Fraince. Thabhaigh sí meas mór ón lucht critice mar gheall ar an stíl shainiúil racghormacha atá aici. D’éirigh go geal léi i rith an tsamhraidh ag Glastonbury, agus tá sí ar ais in Éirinn anois leis an ghreim atá aici ar thionsclaíocht an cheoil sa tír seo a dhaingniú!

   
Marcas Ó Murchú
  Marcas Ó Murchú  

Rugadh Marcas Ó Murchú i mBéal Feirste . Tá meas ag lucht an cheoil air le fada an lá mar gheall ar a fheabhas a sheinneann sé ar an fheadóg mhór, agus is minic a iarrtar air ceardlanna agus ranganna príobháideacha a thabhairt i nDoire, mar a bhfuil sé ina chónaí anois. Is fear ildánach é Marcas: tá sé i mbun Roinn na Spáinnise i gColáiste Choilm sa chathair sin, agus tá ardmheas air mar mhúinteoir Gaeilge fosta. Tá dhá albam eisithe aige; ‘Ó Bhéal go Béal’ i 1997 agus  ‘Turas Ceoil’ ar na mallaibh.