|
 |
|
| |
| |
|
|
|
| |
 |
|
| |
Éist le clár ceoil Lynette Fay ar BBC Ráidio Uladh gach Aoine ar 7i.n.
|
|
 |
 |
|
Cara Dillon |
| |
 |
|
D’fhás Cara Dillon aníos i nDún Geimhin, ceantar i nDoire Thuaidh a bhfuil traidisiún láidir den cheol ann. Is beag an t-iontas, mar sin, gur bhain Cara Corn Uile-Éireann san Amhránaíocht ag Fleadh Cheoil na hÉireann nuair nach raibh sí ach ina déagóir. Chaith Cara tamall ag canadh le hÓige, le De Danann agus le Equation sular thosaigh sí ag taifeadadh ceoil le Sam Lakeman faoin ainm Polar Star. Tá an bheirt ag taifeadadh le chéile ó shin. Tá trí albam eisithe acu agus ba mhinic iad ar an bhóthar le chéile ag déanamh ceoil ar fud na tíre. Agus tá Cara Dillon agus a fear céile Sam Lakeman go fóill ag cur a lucht féachana faoi dhraíocht ar fud an domhain le ceol s’acu. |
| |
Cara Dillon |
|
 |
Gino Lupari agus a Chairde |
| |
 |
|
Is duine den chúigear ar a dtugtar Four Men and a Dog orthu an ceoltóir as Machaire Fíolta, Gino Lupari. Eisean a chuireadh an greann ar fáil don ghrúpa chomh maith leis an bhuille, agus mar sin de, bíonn sé chomh réidh le léaspairt agus a bhíonn sé leis an bhodhrán féin. Tá guth breá atá lán de chroí ag Gino fosta, agus is breá leis seanamhráin ghrinn a cheol. Tá ceol déanta aige le Sinéad O’Connor agus le banna Liz Doherty, agus d’imir a stíl shármhaith ar an bhodhrán tionchar láidir ar a lán ceoltóirí óga den scoth.
Na ceoltóirí sa bhanna:
Ciarán Maynes – feadóg mhór
Gino Lupari – bodhrán agus fonnadóireacht
Damian Walls – giotár/bainseo/ basúcaí
Brian Lavery – fidil |
| |
Four Men and a Dog |
|
|
 |
Damien O'Kane & Shona Kipling |
| |
 |
|
D’fhás an sársheinnteoir bainseo Damien O’Kane aníos i gCúil Raithin, i dteaghlach a bhfuil an ceol de dhlúth agus d’inneach sa saol acu. Ní raibh sé ach deich mbliana d’aois nuair a bhain sé Craobh Uladh don fheadóg stáin ach i ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar Fhleadh Uladh i 1988, thosaigh sé a chur spéise sa bhainseo teanóir.
I ndiaidh dó a chéim a bhaint amach sa Cheol Tíre agus sa Cheol Traidisiúnta in Ollscoil Newcastle, bhuail sé le Shona Kipling agus thosaigh an bheirt a chasadh ceoil lena chéile. Is ceoltóir iontach í Shona ach níor thosaigh sí a sheinm an chairdín go raibh sí aon bhliain déag d’aois. Ach níorbh fhada gur tuigeadh go raibh tallann nádúrtha aici. Bhain sí Craobh Chomhaltas na Ríochta Aontaithe faoi dhó, agus is fóchéimí í anois ar an chúrsa céanna agus a rinne Damien. |
| |
Damien agus Shona - Myspace |
|
 |
Ruairí O'Doherty |
| |
 |
|
Is ceoltóir ildánach é Ruairí. Giotáraí agus fonnadóir a bhí ann le Little Hooks, banna as Doire, agus sheinneadh sé dordghiotár leis an bhanna Cuckoo, a raibh clú orthu as a gcuid ceoil. Rinne Ruairí staidéar ar an cheol ag an Nerve Centre i nDoire agus ansin chuaigh sé isteach sa bhanna áitiúil Cuckoo, banna a sínigh conradh le Geffen Records. Tá Ruairí ag obair faoi láthair ar ábhar dá chuid féin. |
| |
Little Hooks Myspace |
|
 |
Fearghal Mag Uigginn |
| |
 |
|
Bíonn an fear seo ó Bhaile Eachaidh le cloisteáil go rialta ar an chlár raidió Blas, agus é ag soláthar tráchtaireachta beoga ar imeachtaí CLG. Is ceoltóir traidisiúnta é ó bhí sé óg nuair a bhí sé ina bhall de chraobh Bhaile Eachaidh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Seineann sé an fheadóg stáin agus an fhidil go fóill. Is minic a chasann sé ceol dá dheartháir agus dá dheirfiúr agus iad ag déanamh seitrince. |
| |
|
|
|
|