BBC HomeExplore the BBC
This page has been archived and is no longer updated. Find out more about page archiving.

16 October 2014
Blas Banner
spacer

BBC Homepage

BBC NI
Radio Ulster


Contact Us

Arts

Robbie Hannan fondly remembers Seán McGuire.

Seán Maguire  1927 - 2005Rugadh Seán McGuire i mBéal Feirste ar 26 Mí na Nollag 1927 agus bhí sé ar an cheoltóir tradisiúnta is cáilúla de chuid na cathrach sin. Dhá bhliain déag d’aois a bhí sé nuair a thosaigh sé a fhoghlaim na fidléireachta agus rinne sé a chéad chraoladh don BBC agus é cúig bliana déag d’aois. Sa bhliain 1949 bhain sé an bonn óir ag comórtas fidléireachta an Oireachtais.

Ní thiocfadh le daoine a chreidbheáil a chuimsithí is a bhí máistreacht s’aige ar chúrsaí teicníochta agus, in ainneoin a chraobhlascraí is a bhí a chuid ceoil, ceoltóir traidisiúnta den scoith a bhí ann a raibh tuigbheáil ar dóigh ar a cheird aige. Ba mhillteanach an tionchar a bhí ag a chuid ceirníní ar chúrsaí fidléireachta sa tír seo agus thar lear agus tá cuid de na rianta atá le cluinstin ar an cheirnín a rinne sé leis an Four Star Quartet, cuir i gcás, ar fheabhas Éireann. Ar na ceoltóirí iomráiteacha eile ar ghnáth leis bheith ag seinm leofa bhí an boscadóir Joe Burke agus an fliúiteadóir Roger Sherlock.

Is cinnte go n-áireofar Seán McGuire ar cheoltóirí móra na haoise seo caite agus ábhar mór inspioráide a bheas ina chuid taifeadtaí go gceann i bhfad eile.

back to ceol

back to arts homepage

 » Giota Beag
    A Wee Bit

........................................

 » Giota Beag Eile
    Another Wee Bit

........................................

 » Beginners' Blas

........................................

 » Colin And Cumberland


» Improve my Irish
» Listen to Blas

 
» How good is your Irish?     Take our animated test     to find out...



About the BBC | Help | Terms of Use | Privacy & Cookies Policy