"Beár traidisiúnta é an Duke of York a bhfuil dea-chlú air.Tá sé suite in Commercial Court i mBéal Feirste. Bíonn a lán leantóirí ceoil ag tarraingt ar na seisiúin rialta ann mar gheall ar stíl na háite, a thabharfadh na laethanta fadó i do cheann, agus an t-atmasféar beoga. Taifeadadh cuid den chlár seo sa Dark Horse, comhbheár an Duke of York agus áit shainiúil eile faoi choinne ceolchoirme i gCeathrú na hArdeaglaise i mBéal Feirste. The Duke of York is a well established traditional bar located at Commercial Court in Belfast. Its quaint interior and lively atmosphere draws plenty of music enthusiasts to enjoy its regular music sessions. Its sister café bar the Dark Horse was the other location for this show, again a unique concert venue in the Cathedral Quarter of Belfast."
"Is beár é seo atá i seilbh mhuintir Hayden agus atá á reáchtáil ag an teaghlach. Bhí nós seanbhunaithe ag an teaghlach seisiúin a bheith acu agus tháinig fás agus borradh orthu sin go ndearnadh seisiúin rialta eagraithe díobh. Ní chuirtear ceoltóir ar bith ó dhoras ag na seisiúin seo, lá ar bith den tseachtain! Is minic a bhíonn na deartháireacha Cathal agus Stephen páirteach iontu. Is ceoltóirí oilte iad féin, mar a chluinfidh sibh sa taifeadadh seo. This is a family run bar where the tradition of holding a family session has now developed into regular organized sessions. As well as that musicians that turn up on any day of the week are never turned away! Brothers Cathal and Stephen, who are accomplished musicians often take part, as they do on this occasion."
"Tá The Tron ar cheann de na foirgnimh is suntasaí i nGlaschú leis na céadta bliain anuas agus is ionad móréilimh cultúir é fosta le fiche éigin bliain anuas. Rinneadh athchóiriú iomlán ar an áit sa bhliain 1999 ar chostas cúig mhilliún punt agus is é atá ann anois ná grúpa foirgneamh stairiúil atá galánta amach is amach agus ionad ceoil a bhfuil an-dúil ag an phobal ann. The Tron has been a familiar landmark in Glasgow for centuries and a popular cultural venue for over twenty years. Following completion of a £5 million redevelopment in 1999, the Tron has emerged as a stunning collection of historical buildings. It remains a well loved music venue."
"Is beár é Peadar O'Donnell's a bhfuil stíl thraidisiúnta Ghaelach air agus bíonn ceol traidisiúnta na hÉireann le cluinstin ann gach oíche agus corr-thráthnóna fosta. Bíonn cuid den cheol beo spontáineach, gan ullmhú, rud a thaitníonn le ceoltóirí agus leis an lucht féachana araon! Peadar O'Donnell's is a bar with a traditional Irish feel to it and has live Irish traditional music every night and some afternoons. A lot of the live music is impromptu, something which appeals to musicians and audience alike!"
"Tá O'Toole's Bar suite i mBaile Mhic an Aba, atá 5 mhíle amach ó Chathair Ard Mhacha. Tá an beár i seilbh mhuintir Thuathail ó ghlúin go glúin le breis agus 200 bliain. Baineadh feidhm as an teach fadó mar theach sábháilte do sagairt a bhí ar a seachnadh ó na húdaráis. Is féidir ceol na nGael a chluinstin ag na seisiúin mhíosúla ann. Cluintear gach cineál uirlise ann agus ós rud é gurb é anáil na beatha an t-athrú, bíonn corrbhabhta amhránaíochta ann fosta! O'Toole's Bar is in Ballymacnab which is 5 miles outside Armagh City. The pub has been handed down through generations of O'Tooles for at least 200 years. It was originally used as a safe house for priests. Irish music can be heard there at the monthly traditional sessions, with all kinds of musical instruments to be heard with a bit of song thrown in here and there for good measure."
"Bíonn ceol le cluinstin Tí Hiúdaí Beag gach oíche Luan sa bhliain. Is sa tolglann a bhíonn na seisiúin seo: ní mór iad a reáchtáil in áit mhór fhairsing, mar is minic a bhíonn breis agus dosaen ceoltóirí páirteach iontu, ar an fheadóg mhór, ar an fheadóg stáin, ar an fhidil, ar an bhodhrán agus bíonn corrdhuine ann ó am go ham ar an phíb mhór! Teach Hiúdaí Beag has a year-round Monday night music session. It takes place in the lounge, a spacious setting as it is common for more than a dozen musicians to participate, including flutes, whistles, fiddles, bodhráns and sometimes a player of the war pipes!"
"Bíonn a lán daoine ag teacht chuig an phub seo mar gheall ar an cheol bheo Ghaelach a bhíonn le cluinstin ann gach oíche. Is le muintir Charthaigh an teach tábhairne seo, agus bíonn beirt mhac de chuid an teaghlaigh, Paul agus Jim, ag seinm ar an bhainseó, ar an mhaindilín, ar an fhidil agus ar an chairdín. Is mar gheall orthusan a bhíonn na seisiúin ann. Cuirtear fáilte roimh cheoltóirí eile. Tá na ballaí clúdaithe le gléasanna ceoil agus tá cead ag duine ar bith ceann acu a bhaint den bhalla agus é a sheinm! The pub Fiddler's Green is very popular because of the live Irish music which is played there every night. It is owned and run by the McCarthy family-two of the sons, Paul and Jim, play the banjo, mandolin, fiddle and accordion, hence the regular folk sessions. Other musicians are welcomed to join in - the walls are covered in instruments and anyone who wants to can take one down and play too!"
"Siopa grósaeireachta biotáille den tseandéanamh a bhí i dteach Mhic Dhónaill fadó, agus is foirgneamh liostaithe é. Tá sé luaite i roinnt dánta agus amhrán traidisiúnta de chuid na hÉireann agus bíonn siad sin agus a lán eile nach iad le cluinstin sna seisiúin den cheol thraidisiúnta a bhíonn ann ar an Aoine le linn na bliana. Bíonn ceoltóirí ó gach cearn den tír ag tarraingt ar Bhaile an Chaistil le seinm sa bheár seo. Bhí cuid de na ceoltóirí is clúití in Éirinn le cluinstin ann le blianta beaga anuas. The House of McDonnell was once a traditional grocery-bar, and it is now a listed building. It is mentioned in a number of traditional Irish poems & songs; they, and many others, are regularly performed during the Friday night traditional music sessions throughout the year, when musicians from all over Ireland come to play. Some of the most famous names in Irish music have played there in recent years."
"Is oileán é Loiste Beag atá suite i Loch Éirne Íochtarach i gContae Fhear Manach. Is iad Arthur agus Liz Cadden úinéirí an oileáin anois. Cheannaigh siad é sa bhliain 1990. Is féidir bualadh isteach ar bhád beag, nó más ar an bhóthar a thagann duine, is féidir dul anonn chuig an oileán ar bhád beag farantóireachta. Bíonn ceol ann gach oíche Shathairn. Lusty Beg Island is an island located in Lower Lough Erne, in County Fermanagh. The present owners, Arthur and Liz Cadden, bought the island in 1990. You can call in by boat, or if you arrive by road, a little ferry takes you over to the island. There is always music on a Saturday night."
BBC © 2012 The BBC is not responsible for the content of external sites. Read more.
This page is best viewed in an up-to-date web browser with style sheets (CSS) enabled. While you will be able to view the content of this page in your current browser, you will not be able to get the full visual experience. Please consider upgrading your browser software or enabling style sheets (CSS) if you are able to do so.